Breatain (logainm)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Fréamhaithe ón bhfocal Briotainice Coitinne *Pritanī is ea Breatain, ar cheann desna hainmneacha is sine atá ann don oileáin amach ó chósta iarthuaisceart na hEorpa.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-ainm "Britain" fréamhaithe ón Meán-Bhéarla Breteyne, Sean-Fhraincis Bretaigne, Laidin Britannia agus Gréigis Πρεττανική; faoi thionchar b'fhéidir Bryten(lond) as Sean-Bhéarla, é féin fréamhaithe ón Laidin Brittania; go léir sa deireadh fréamhaithe ón Briotainic Choiteann, *Pritanī,[1][2] le brí b'fhéidir "na daoine dathaithe" nó "creachta/smeartha", ag lua dá maisiú coirp.[3]

As Breatnais an lae inniu, is é (Ynys) Prydain ainm an oileáin, rud a chuireann is iúl go raibh as Briotainic Coiteann túslitir P- ann, ní B- (a thugfadh **Brydain) agus -t- ní -tt- (nó eile **Prythain). D'fhéadfadh é seo a athchruthú mar fréamh *prit-, le brí "cruth",[4] i dteannta le hiarmhír aidiachta, .i. *Pritanī.[5][6][7][8][9][10]

Ré chlaisiceach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear go raibh an t-ainm le feiceál i bperiplus as Sean-Ghréigis scríofa c. 325 RC ag an tíreolaí agus taiscéalaí, Pytheas Massalia. Níl aon chóip den saothar seo ar mharthain, ámh. I measc sleachta is luaite atá ar eolas, tá a leanas:

Ina dhiaidh sin feictear ainmneacha don Bhreatain i saothair níos déanaí eile, san áireamh:

  • Scríobh Catullus an iolra Britanniae in Carmina dá chuid.[18][19]
  • Scríobh Avienus insula Albionum in Ora Maritima dá chuid.[20]
  • Scríobh Orosius an iolra Britanniae le haghaidh na hoileáin agus Britanni le haghaidh na faoin ann.[21]
  • Luaigh Diodorus do Bhreatain mar Prettanikē nēsos (Πρεττανικη νήσος) agus dá háitritheoirí Prettanoi (Πρεττανοι).[22][23]
  • Bhain Cláidias Tolamaes, ina shaothar Almagest, úsáid as Brettania agus Brettanikai nēsoi ag lua na n-oileán, agus megale Brettania (an Bhreatain mhór) agus mikra Brettania (an Bhreatain bheag - Éire) ag lua gach oileáin.[24] Ina shaothar Geografaíocht ámh, scríobh sé agus Alwion (Ἀλουίωνος, Albion, An Bhreatain Mhór) agus Iwernia (Ἰουερνίας, Éire), mar nēsos Bretanikē (νήσος Βρετανικη), nó Inis Bhriotanach,[25] agus Mona (Oileán Mhanann).
  • Glaoigh Marcian Heraclea, in Periplus maris exteri dá chuid, αί Πρεττανικαί νήσοι (na hOileáin Bhriotanaigh) ar na hoileáin.[26]
  • Bhain Stephanus Byzantinus úsáid as Ἀλβίων (Albion) sin oileán agus Ἀλβιώνιοι (Albionioi) dá áitritheoirí.[27]
  • Scríobh bréag-Arastatal nēsoi Brettanikai, Albion agus Ierne dosna hoileáin le chéile, don Bhreatain Mhór agus d'Éirinn faoi seach.[28]
  • Sa 6ú haois, scríobh Procopius na téarmaí Brittia agus Brettania, cé gurbh oileáin éagsúla iad, dar leis, an chéad cheann suite idir ann dara agus Thule. I dteannta sin dar leis, bhí trí dhream lonnaithe ann, na Brittones (Briotanaigh), na hAngiloi (Sasanaigh) agus na Phrissones (Freaslannaigh).[29][30]

I ndiaidh eachtraí Julius Caesar go dtí an oileán sna blianta 55 agus 54 RC, glaodh Brit(t)an(n)ia air den chuid is mó. Tar éis conas na Rómhánaigh faoi Claudius sa bhliain AD 43, ainmníodh an chúige Rómhánach as an bhfocal úd.[31] Is amhlaidh gur thit an t-ainm Albion as úsáid am éigin ina dhiaidh sin after.[10]

Meánaois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an téarma Gréig-Laidine le haghaidh na Breataine sa Seán-Bhéarla isteach i bhfoirm Bryttania, fianaithe ag aistriúchán le Alfred the Great de Seven Books of History Against the Pagans le Orosius.[32]

Tá an focal use of Briton le haghaidh na n-áitritheoirí fréamhaithe ón Sean-Fhraincis bretun, an téarma sin dtéann agus teanga na Briotáine, é féin fréamhaithe ón Laidin agus Gréigis, m.s. Βρίττωνες le Procopius.[29] Tháinig sé sa Meán-Bhéarla isteach mar brutons i ndeireadh na 13ú haoise.[33]

Luann Geoffrey of Monmouth, ina shaothar bréagstaire Historia Regum Britanniae (c. 1136), don oileán mar Britannia major, chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus Britannia minor, an ceantar úd ar an mór-roinn (an Bhriotáin) lonnaithe sa chúigiú agus séú haoiseanna ag imircigh Cheilteacha ón mBreatain féin.[34]

Ré nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineadh úsáid go hoifigiúil ar an téarma Great Britain don chéad uair sa bhliain 1474, sa chleamhnas idir Cecily Eabhrac iníon Éadbhard IV Shasana, agus Séamas IV Alba, ina dúradh "this o Isle, callit Gret Britanee". Feictear ais é sa bhliain 1604, nuair a glaoigh James I, Sasana, air féin "King of Great Brittaine, France and Ireland".

Le hAcht an Aontais 1707, bhain an téarma Breatain Mhór stádas oifigiúil amach agus Ríocht na Breataine Móire á chruthú, le haontú Ríocht Shasana (agus an Bhreatain Bheag ansin san áireamh) le Ríocht na hAlban.[35] I ndiaidh Acht an Aontais 1800, athraíodh ainm na tíre go Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éireann. Tar éis an neamhspleáchas na Éireann sa luath-20ú haois, athraíodh an t-ainm go Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, a ainm oifigiúil fós inniu.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fife, James (1993). "The Celtic Languages": 3–25. Routledge. 
  • Schmidt, Karl Horst (1993). "The Celtic Languages": 64–99. Routledge. 

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Koch, John T. "New Thoughts on Albion, Iernē, and the Pretanic Isles (Part One)." Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 6 (1986): 1-28. [www.jstor.org/stable/20557171 JSTOR].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Britain".
  2. Chadwick, Hector Munro, ':Early Scotland: The Picts, the Scots and the Welsh of Southern Scotland, Cambridge University Press, 1949 (2013 athchló), lch. 68
  3. Cunliffe, Barry (2012). Britain Begins. Oxford, UK: Oxford University Press. lch. 4.
  4. Breatnais pryd, Seán-Ghaeilge cruith, fréamhaithe ón bPrótai-Cheiltis *kwrit-
  5. Chadwick 1949, ll. 66–80.
  6. Maier 1997, lch. 230.
  7. Ó Cróinín 2005, lch. 213
  8. Dunbavin 1998, lch. 3.
  9. Oman, Charles (1910). "A History of England" I: 15–16. Nua Eabhrac, Londain: GP Putnam's Sons; Methuen & Co. 
  10. 10.0 10.1 Snyder, Christopher A. (2003). "The Britons". Blackwell Publishing. 
  11. Teimpléad:LSJ
  12. Strabo, Geography, Leabhar I. Caibidil IV. Cuid 2 téacs Gréigise ag an Perseus Project.
  13. Strabo Geography, Leabhar IV. Caibidil II. Cuid 1, téacs Gréigise ag an Perseus Project.
  14. Strabo, Geography, Leabhar IV. Caibidil IV. Cuid 1, téacs Gréigise ag an Perseus Project.
  15. Leabhar I.4.2–4, Leabhar II.3.5, Leabhar III.2.11 agus 4.4, Leabhar IV.2.1, Leabhar IV.4.1, Leabhar IV.5.5, Leabhar VII.3.1
  16. Pliny the Elder's Naturalis Historia Book IV. Chapter XLI téacs Laidine text ag an Perseus Project.
  17. Charlton T. Lewis, Charles Short, A Latin Dictionary, lemma Britanni, II.A at the Perseus Project.
  18. Gaius Valerius Catullus, Carmina, Dán 29, rann 20, téacs Laidine agus ag an Perseus Project.
  19. Gaius Valerius Catullus, Carmina, Dán 45, rann 22, téacs Laidine ag an Perseus Project.
  20. Avienus' Ora Maritima, verses 111-112, i.e. eamque late gens Hiernorum colit; propinqua rursus insula Albionum patet.
  21. Orosius, Paulus (1857). "Historiarum Adversum Paganos Libri Septem": 319–320. Thorunium: Ernestus Lambeccius. 
  22. Diodorus Siculus, Bibliotheca Historica, Leabhar V. Caibidil XXI. Cuid 1, téacs Gréigise ag an Perseus Project.
  23. Diodorus Siculus, Bibliotheca Historica, Leabhar V. Caibidil XXI. Cuid 2, téacs Gréigise ag an Perseus Project.
  24. Cláidias Tolamaes (1898). "Claudii Ptolemaei Opera quae exstant omnia" 1 Syntaxis Mathematica: 112–113. Leipzig: in aedibus B.G. Teubneri. 
  25. Cláidias Tolamaes (1843). "Claudii Ptolemaei Geographia" 1. Leipzig: sumptibus et typis Caroli Tauchnitii. 
  26. "Geographi Graeci Minores" (1855) 1: 516–517. 
  27. Ethnika 69.16, .i. Stephanus Byzantinus' Ethnika (kat'epitomen), lemma Ἀλβίων, "Stephani Byzantii Ethnicorvm quae svpersvnt" (1849) 1. Impensis G. Reimeri. 
  28. Gréigis "... ἐν τούτῳ γε μὴν νῆσοι μέγιστοι τυγχάνουσιν οὖσαι δύο, Βρεττανικαὶ λεγόμεναι, Ἀλβίων καὶ Ἰέρνη, ...", Arastatal. "On Sophistical Refutations. On Coming-to-be and Passing Away. On the Cosmos.". William Heinemann LTD, Harvard University Press. 
  29. 29.0 29.1 Procopius (1833). "Corpus Scriptorum Historiae Byzantinae" Pars II Volumen II: 559–580. 
  30. "Dictionary of Greek and Roman Geography, illustrated by numerous engravings on wood" (1854): 559–560. Londain: Walton and Maberly; John Murray.  Le fáil ar líne ag an Perseus Project.
  31. Snyder, Christopher A. (2003). "The Britons". Blackwell Publishing. 
  32. Sedgefield, Walter John (1928). "An Anglo-Saxon Verse-Book". Manchester University Press. 
  33. OED, s.v. "Briton".
  34. Teimpléad:Cite web.
  35. The American Pageant, Volume 1, Cengage Learning (2012)