Historia Regum Britanniae
(la) Historia regum Britanniae | |
---|---|
Cineál | saothar scríofa agus saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | Sieffre o Fynwy |
Teanga | Laidin na meánaoise |
Foilseachán | 1136 (Féilire Ghréagóra) |
Dáta a bunaíodh | 1136 (Féilire Ghréagóra) |
Tréith | |
Príomhábhar | Historia Brittonum (en) agus Rí Artúr |
Seánra | bréagstair |
Scríobh Geoffrey of Monmouth a leabhar Historia Regum Britanniae (Stair Ríthe Shasana) i Laidin thart faoin mbliain 1136. Stair Ríthe Shasana thar tréimhse dhá mhíle bliain ó Thraoi in Íliad Hóiméir go dtí an seachtú céad tar éis Críost, um an dtaca ar ghlac na hAnglaigh is na Sacsanaigh seilbh ar Shasana, atá ann. Tá sé suimiúil gur scríobhadh leabhar den chineál céanna thart fán am sin in Éirinn dar teideal Leabhar Gabhála na hÉireann.
Ní féidir brath ar shaothar Geoffrey of Monmouth mar an fhírinne ghlan nó fiú gar di, agus ní mhaireann na foinsí agus na cáipéisí a dtagraíonn sé dóibh ach an oiread.
De réir dealraimh is as na scéalta a instear ins an leabhar is ea a d'eascair an scéalaíocht i leith Artúir agus Ridirí an Bhoird Chruinn.