Íosa Críost

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Críost)
Jump to navigation Jump to search
Íosa Críost
Spas vsederzhitel sinay.jpg
Fáidh

Saol
Eolas breithe Beitheal agus Nazarat, 5 "BCE"
Náisiúntacht Herodian Kingdom of Judea (en) Aistrigh
Áit chónaithe Nazarat
Capernaum (en) Aistrigh
An Ghailíl
Grúpa eitneach na Giúdaigh
Teanga dhúchais Galilean dialect (en) Aistrigh
Biblical Hebrew (en) Aistrigh
Bás Calvaire, Aibreán 7, 30
Áit adhlactha tomb of Jesus (en) Aistrigh
Teampall an Tuama Naofa
Talpiot Tomb (en) Aistrigh
Garden Tomb (en) Aistrigh
empty tomb (en) Aistrigh
Iarúsailéim
Cúis bháis pionós an bháis (céasadh)
Muintir
Athair Naomh Iósaf, God the Father
Máthair Muire
Céile/Céilí unknown value
Páirtí/Páirtithe unknown value
Páistí
Siblíní
Teaghlach
Treibh Holy Family (en) Aistrigh
Oideachas
Alma mater unknown value
no value
Teangacha Galilean dialect (en) Aistrigh
Biblical Hebrew (en) Aistrigh
Koine Greek (en) Aistrigh
Mic léinn Naomh Peadar
Naomh Aindrias
Naomh Séamus, mac Zeibidé
Eoin Soiscéalaí
Pilib Aspal
Parthalán Aspal
Naomh Tomás
Naomh Matha Soiscéalaí
Naomh Séamas Beag
Naomh Iúdás Tadáias
Síomón Díograiseoir
Judas Iscariot (en) Aistrigh
Máire Mhaigdiléana
Gairm
Gairm seanmóirí, Fáidh, cearpantóir, raibí, thaumaturge (en) Aistrigh, religious leader (en) Aistrigh, healer (en) Aistrigh, Meisias, seanmóirí, múinteoir, intercession of saints (en) Aistrigh agus founder of a religion (en) Aistrigh
Áit oibre An Ghailíl
Fostóirí unknown value
Saothar iomráiteach miracles of Jesus (en) Aistrigh
prayers of Jesus (en) Aistrigh
parable of Jesus (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthi Eoin Baiste
Ballraíocht Tríonóid
Gluaiseacht apocalypticism (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíne parable (en) Aistrigh
Féile
An Nollaig, Cáisc agus Feasts of the Lord Jesus Christ (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin An Giúdachas
Eiséanaigh

Bhí Íosa (c. 4 RC - c. AD 30/33), ar a dtugtar Íosa as Nazarat nó Íosa Críost, ina sheanmóirí agus ina cheannaire reiligiúnach de chuid na nGiúdach san aonú haois. Is é an figiúr lárnach den Chríostaíocht é. Creideann an chuid is mó de na Críostaithe gur mac é, a tháinig i measc na ndaoine le hé féin a íobairt in íocaíocht a bpeacaí-sean.

Tugtar Íosa Críost air sa gcomhthéacs sin (ó יהושע [Yĕhošūa‘] na hEabhraise agus ó Χριστός [Christos] sa tSean-Ghréigis). Tugtar Íosa NasarthachÍosa Nazórach air freisin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann na Críostaithe gur duine beo sa stair a bhí ann, agus é ina bheatha ó timpeall 64 RC go dtí tuairim AD 2933. Tá an chuid is mó de na saineolaithe saolta nó neamh-Chríostaí féin ar aon bharúil go raibh a leithéid de dhuine stairiúil ann agus Íosa Críost, gurbh as an Ghailíl dó, go raibh sé ina theagascóir creidimh ag dornán beag de Ghiúdaigh, agus gur céasadh ar an gcros é mar thuathghríosóir nuair a bhí Píoláit ina ghobharnóir Rómhánach ar an bPalaistín.

An fhianaise a deir gurb é Íosa Mac Dé, tá sé tugtha i gceithre shoiscéal an Tiomna Nua. Is é an Tiomna Nua an chuid den Bhíobla a phléann saol Íosa, na himeachtaí ina dhiaidh (Gníomhartha na nAspal) agus forbairt an fhoirceadail Chríostaí, agus í breactha síos, ach go háirithe, i litreacha Naomh Póil. Is iad na Soiscéil an chuid is tábhachtaí den Tiomna Nua, agus iad ag teacht roimh an gcuid eile i ngach leagan den Tiomna.

Saol agus teagasc de réir an Tiomna Nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuestra Señora de Lujan Basilica

Thosaigh máthair Íosa, Muire, ag iompar clainne roimh an bpósadh, agus í geallta d'Iósaf. Bhí Iósaf ar tí í a thréigean, ach tháinig aingeal Dé ag áitiú air Muire a phósadh agus an mac a thógáil mar a bheadh mac dá chuid féin ann. Is amhlaidh, de réir theagasc an reiligiúin Chríostaí, gurbh í cumhacht an Spioraid Naoimh a chuir tús le hÍosa. Go gairid roimh an mbreith, chuaigh Iósaf agus Muire go dtí Beitheal, nó bhí sé díreach ordaithe ag an Impire Rómhánach Ágastas muintir na hImpireachta go léir a chlárú le cáin a ghearradh díobh, agus chaithfeadh gach fear dul go dtí an chathair arbh aisti dá mhuintir.

Nuair a bhí Iósaf agus Muire i mBeithil, saolaíodh Íosa dóibh. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig triúr fear ón Domhan Thoir (an Triúr Saoithe, a thugtar orthu) a raibh cluinte acu gurb anseo a tháinig rí nua na nGiúdach chun saoil, agus thug siad bronntanais don leanbh. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, b'éigean d'Iósaf agus do Mhuire éalú go dtí an Éigipt. An fear a bhí ina rí ar na Giúdaigh faoi láthair, mar atá, Héaród, chuala seisean iomrá ar bhreith Íosa freisin, agus thug sé ordú tachráin bheaga uile Bheitheal a mharú, le fáil réitithe den rí nua.

Map of Jesus Trail1.jpg

I ndiaidh bhás Héaróid, d'fhill Iósaf agus Muire go dtí an Phalaistín, agus shocraigh siad suas i Nazarat sa Ghailíl, áit ar tháinig Íosa i mbun a mhéide. Cosúil lena athair, bhí Íosa ag obair ina chearpantóir, ach san am céanna, b'ábhar adhnua é do na daoine chomh hoilte is a bhí sé ar dhlí agus ar fhoirceadal an Ghiúdachais fiú nuair a bhí sé óg. Nuair a shlánaigh sé tríocha bliain d'aois, chuaigh sé ag teagasc go poiblí. Deir na soiscéil go raibh sé in ann daoine a leigheas agus faoiseamh a thabhairt dóibh, fosta, agus gurb iomaí míorúilt a chuir sé i gcrích le cuidiú osnádúrtha ó Dhia.

Iarúsailéim ag an am

Nuair a tháinig méadú ar lucht leanúna Íosa, thosaigh cuid den phobal Ghiúdach agus dá chuid ceannairí ag cur ina choinne. Na ceannairí go háirithe, chuir siad eiriceacht ina leith. Chuir na Fairisínigh, dream a raibh Íosa go minic ag lochtú a bhfimíneachta agus a mbéalchrábhaidh, a gcuid gearáin faoi bhráid Héaróid Mhóir, agus ar deireadh thug Héaród, an rí Giúdach a bhí faoi smacht Impireacht na Róimhe, cead dóibh an dlí a chur ar Íosa.

Ghabh a chuid naimhde é i gCnoc na nOlóg agus thug siad os comhair Cháiafas é, arbh é an t-ardsagart é agus é go tréan in aghaidh Íosa. Ansin dó, dúirt Íosa go hoscailte os comhair an ardsagairt agus lucht a leanúna siúd gurbh eisean Mac Dé agus gur féidir leis teampall Iarúsailéim a leagan agus a atógáil i dtrí lá.

Chuir an méid seo fearg mhór ar Cháiafas agus na sagairt eile, agus daoradh Íosa chun báis mar dhiamhaslóir. Bhí Píoláit, an gobharnóir Rómhánach, sásta an bhreith sin a fhaomhadh agus a chur i gcrích.

Céasadh Íosa chun báis ar an gcros i ndiaidh dó féin an chros a iompar go Cnoc Golgotá (Cnoc Chalbhaire, Áit an Chloiginn).

Correggio (Antonio Allegri) c 1489

Bhí sé trí bliana déag is fiche nuair a básaíodh é, agus meastar go raibh timpeall is trí mhíle duine de lucht leanúna aige faoin am sin. Deir an Bíobla gur aiséirigh sé ón mbás cúpla lá ina dhiadih sin.

Creidimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dearcadh na gCríostaithe bunaithe ar an tuiscint gurbh é Críost an Meisias a gealladh sa Sean-Tiomna, agus gur músclaíodh ar ais chun saoil é i ndiaidh an bháis a fuair sé ar an gcros. Creideann an chuid is mó de na Críostaithe go bunúsach gurbh é ionchollú Dé é agus gur tháinig sé aníos le tarrtháil spioradálta a bhronnadh ar na daoine agus le hiad a thabhairt chun athmhuintearais le Dia. Altanna creidimh eile de chuid na gCríostaithe a bhaineann leis is ea iad gur rugadh ó mhaighdean é, gur chuir sé míorúiltí i gcrích, gur chomhlíon sé tairngreachtaí an tSean-Tiomna agus go bhfuil sé le hateacht a dhéanamh an lá is faide anonn le breith a thabhairt ar dhaoine beo agus ar dhaoine marbha.

Mahamad in éineacht le Abraham, Maois agus Íosa, ag guí le chéile, léiriú Peirseach

Tugann na Moslamaigh urraim do Chríost mar fhear naofa agus mar dhuine de na Fáithe, ach ní chreideann siad gurb é Mac Dé é. Is é teagasc na Moslamach, freisin, nach bhfuair sé bás ar an gcros, ach gur chuir Dia dallamullóg ar na daoine, ionas gur shíl siad amhlaidh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]