Eoin Baiste
Ainm sa teanga dhúchais | (he) יוחנן המטביל (he) יוחנן בן זכריה |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | c. 4 "RCh" Ein Karem (Herodian Kingdom of Judea) |
Bás | c. 32 34/35 bliana d'aois Machaerus (Herodian Tetrarchy) |
Siocair bháis | Dícheannadh |
Áit adhlactha | Nabi Yahya Mosque (en) |
Fáidh Ioslam | |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Na Giúdaigh |
Reiligiún | An Chríostaíocht |
Áit chónaithe | Judaean Desert (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | An Phalaistín |
Gairm | díthreabhach |
Tréimhse ama | Impireacht na Róimhe |
Tréimhse oibre | (Floruit: 1 haois) |
Mac/iníon léinn | Íosa stairiúil |
Teangacha | Jewish Palestinian Aramaic (en) |
Ardú | |
Lá féile | 24 Meitheamh |
Siombail íocónagrafach | Baptismal bowl (en) , leabhar, Christian cross (en) , cupán, cíor mheala, lamb (en) agus walking stick (en) |
Teaghlach | |
Athair | Zachairias agus Eiliosaibeit |
Duine muinteartha | Íosa Críost (luach anaithnid) Muire (luach anaithnid) |
Croineolaíocht | |
John the Baptist in the wilderness (en) | |
Baisteadh Íosa | |
Ba sheanmóirí agus fear naofa mór le rá é Eoin Baiste (Eabhrais: יוחנן המטביל, Yo-hanan ha-matbil, Araibis: يحيى Yaḥyá nó يوحنا Yūḥannā, Aramais: ܝܘܚܢܢ Yokhanan) a fuair bás timpeall AD 28-32. Féachann Críostaithe agus Moslamaigh araon ar Eoin Baiste mar fáidh tábhachtach.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Máthair Eoin Baiste, bean chéile Zacairiá, ab ea Eilís nó Eiliosaibeit.[1] Ba chol ceathrair iad Muire agus Eiliosaibeit.[2]
Baisteadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]'Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh. Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí. Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige.'[3]
Bhaist sé Íosa Críost féin ann.
Treoraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba ea é ról Eoin Baiste ná bóthar an Tiarna a dhéanamh díreach agus seasamh i leataobh ansin.[4][5]
Dhearbhaigh Eoin go raibh apacailipsis naofa ag teacht, agus mar thoradh bhí gá le gach duine a bheith ullmhaithe.
'Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.'[6]
Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]'nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a d’iarrfadh sí a thabhairt di. Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: "Tabhair dom anseo ar mhias," ar sise, "ceann Eoin Baiste." Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d’ordaigh sé an aisce a thabhairt di, agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún. Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é. Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha'.[7]
Nósanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceiliúrtar breith Eoin Baiste ar an 24 Meitheamh. Is sean fhéile págánach í, le tinte cnámha in onóir na gréine.
Ceiliúrtar lá fhéile Eoin Baiste ar an 29 Lúnasa. Bhain draoi as Éirinn, Mogh Ruith, an ceann de, creid nó ná creid,
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir Soiscéal Lúcáis 1:57-66, 80[8], rugadh Eoin do bhean a bhí aimrid agus í anonn sna blianta:
"Tháinig a hionú d'Eiliosaibeit agus rug sí mac. Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi... Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias. Ach labhair a mháthair agus dúirt: "Ní hea, ach glaofar Eoin air." .. Bogadh [Eoin] a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé. Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: "Cad is dán don leanbh seo, mar sin?"
Ealaín
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léiríonn ealaíontóirí Eoin Baiste go minic le lámh amháin sínte i dtreo Íosa. Meabhraíonn an íomhá dúinn páirt Eoin sa soiscéal. Léiríonn an íomhá freisin féintuiscint Eoin.[9]
- 'Eoin Baiste', de chuid Titian sa bhliain 1540.[10]
- Tá ‘The Visitation’, le feiceáil san Eaglais Naomh Peadair & Phóil i mBaile Brigín, i measc na saothar is fearr a chruthaigh Harry Clarke.[11] Léirítear uirthi cuairt Mháire ar a col ceathrar Eilís, máthair Eoin Baiste.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Matha 11:7-14; Lúcás 1:5-25, 57-79; Íseáia 40:3; Malaicí 3:1
- ↑ education.dublindiocese.ie. "Beo go Deo 2 / Tearma 1: Ceacht 13". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Marcas 1:4-6 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
- ↑ "Eoin 1:35-40 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
- ↑ "Eoin 1:19-28 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
- ↑ "Matha 3:1-12 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
- ↑ "Matha 14:1-12 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
- ↑ "Lucás 1:57-66, 80 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
- ↑ "Eoin 1:29-34 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
- ↑ "Saint John the Baptist (Titian)" (as en) (2020-01-05). Wikipedia.
- ↑ "Fuinneoga Harry Clarke" (ga). Fingal County Council. Dáta rochtana: 2021-08-29.