An Aramais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Aramais
ܠܫܢܐ ܐܪܡܝܐ

Cineálgenetic unit (en) Aistrigh
Úsáid
Cainteoirí dúchais445,000
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Afra-Áiseacha
teangacha Seimíteacha
West Semitic (en) Aistrigh
Central Semitic (en) Aistrigh
Northwest Semitic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAramaic alphabet (en) Aistrigh
Staidéar agAramaic studies (en) Aistrigh
Cóid
Glottologaram1259
Linguasphere12-AAA

Teanga Sheimíteach is ea an Aramais a dtéann a stair trí mhíle bliain siar. I rith na staire seo, bhí úsáid á baint as an Aramais mar theanga oifigiúil in impireachtaí agus mar theanga naofa i reiligiúin éagsúla. Cé go bhfuil an chuid is mó den tSean-Tiomna scríofa as Eabhrais, breacadh cuid mhór de leabhartha Dainéil agus Eazrá síos sa teanga seo. Creidtear gurbh í an Aramais a bhí á labhairt ag Íosa Críost féin ó dhúchas, nó san am sin, bhí sí tagtha in áit na hEabhraise mar phríomhtheanga labhartha sa Phalaistín. Úsáidtear Aramais sa Talmúd freisin.

Scaipeachán na hAramaise[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith an dara haois déag r.Ch., thosaigh lucht labhartha na hAramaise ag socrú síos go forleathan áit a bhfuil an tSiria, an Iaráic agus oirthear na Tuirce inniu. De réir mar a bhí an teanga ag dul chun tábhachta, chuaigh sí in úsáid ar fud chósta na Meánmhuire sa Leiveant, agus í ag éirí coitianta lastoir d'Abhainn Tigris féin. Thug coilínigh Ghiúdacha an teanga leo go dtí an Afraic Thuaidh agus an Eoraip, agus leis na misinéirí Críostaí, shroich an Aramais tíortha chomh fada thoir leis an bPeirs, an India, agus an tSín féin. Ón seachtú haois i ndiaidh bhreith Chríost ar aghaidh, chuaigh an Araibis in áit na hAramaise mar fhrancbhéarla ar fud an Mheán-Oirthir. Mar sin féin, fanann an Aramais beo breabhsánta i measc na nGiúdach, na Mandaech agus dreamanna áirithe de Chríostaithe mar theanga liteartha agus sna deasghnátha, agus í á labhairt i bpobail bheaga scoite ar fud na gcríoch ina raibh sí ina príomhtheanga fadó. Na trioblóidí atá ag luí ar an Meán-Oirthear le dhá chéad bliain anuas, scaip siad cainteoirí dúchais Aramaise agus daoine a shaothraíonn an teanga sa litríocht ar fud an domhain.

Canúintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dornán de chanúintí, nó fiú de theangacha gaolmhara, is ea an Aramais dháiríre. Is é is cúis leis an éagsúlacht seo ná an dealú agus an deighilt a tháinig idir na pobail Aramaise i rith na gcianta. D'fhorbair Aramais na nGiúdach agus Aramais na gCríostaithe go difriúil, ní nach ionadh. Cuid de na canúintí, tá siad intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach tá leaganacha den Aramais ann freisin atá chomh dothuigthe ag lucht labhartha na gcanúintí eile is gur fearr dearcadh orthu mar theangacha scartha. Tá ainmneacha ar leith ar na canúintí. Mar shampla, tugtar Siricis (Béarla: Syriac) ar Aramais Oirthearach na bpobal Críostaí. Go bunúsach, is féidir canúintí Iartharacha agus Oirthearacha a aithint, agus an teoirlíne ag dul ar an taobh thiar den Mheaspatáim. Tá sé áisiúil freisin na canúintí Nua-Aramaise - is é sin, na canúintí a labhraítear inniu - a scaradh ó na teangacha scríofa Clasaiceacha a shaothraítear mar chaighdeán liteartha i gcónaí, agus ó na leaganacha a chuaigh as úsáid go hiomlán, ionas nach gcuireann ach saineolaithe spéis iontu inniu.

Córas Scríbhneoireachta na hAramaise[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chéad aibítir a cuireadh i bhfeidhm ar an Aramais, b'í an aibítir Fhéiniceach í. I rith na mblianta, d'fhorbair lucht labhartha na teanga a leagan féin den aibítir seo, a raibh cuma chearnógach air. Ghlac na hIosraelaigh sheanársa leis an gcóras seo agus iad ag tosú is ag scríobh a dteanga féin, mar atá, an Eabhrais. Sin é an tuige gur leis an Eabhrais is mó a shamhlaítear an stíl áirithe seo, agus go dtugtar "aibítir Eabhraise" uirthi, cé gur aibítir Aramaise a bhí ann ar dtús. Sna sleachtanna den Bhíobla atá scríofa as Aramais, úsáidtear an aibítir seo, cosúil leis an gcuid eile den tSean-Tiomna.


B'iad na pobail Chríostaí a d'fhorbair an príomhchóras scríbhneoireachta eile don Aramais, is é sin, an aibítir Shiriceach. Stíl cineál iodálda atá ann. Breathnaíonn sí mar a bheadh sí idir eatarthu idir an aibítir Eabhraise agus an aibítir Arabach.

Lenár linn féin, baineadh úsáid as an aibítir Laidineach leis an gcanúint Suroyo, ar ceann de na canúintí Nua-Aramaise í, a bhreacadh síos.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhar Aramaise san aibítir Shiriceach ón aonú haois déag

Roinntear stair na hAramaise ina trí phríomhchuid:

  • Bhí an tSean-Aramais in úsáid ón mbliain 1100 RC go dtí an bhliain 200 AD, a bheag nó a mhór. Leaganacha den tSean-Aramais is ea iad:
    • Aramais an Bhíobla sa Bhíobla Eabhraise.
    • Aramais Íosa, is é sin, an Aramais a bhí á labhairt sa Phalaistín i ndiaidh don Eabhrais dul in éag mar theanga labhartha.
  • Thosaigh ré na Nua-Aramaise timpeall na bliana 1200, agus í á labhairt in áiteanna go dtí an lá inniu.

An tSean-Aramais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagraíonn an téarma úd "Sean-Aramais" don chéad ré i stair na teanga, ré atá trí chéad déag de bhlianta ar fad. Is ionann an tSean-Aramais, go praiticiúil, agus na leaganacha den teanga a chuaigh in éag cheana féin. Ba mhór an casadh taoide i stair na teanga é an bhliain 500 roimh bhreith Chríost, nó is faoin am seo a d'iompaigh an Aramais ina teanga dhomhanda, agus í ina teanga oifigiúil comhchumarsáide in impireachtaí móra millteanacha. Roimhe sin, ní raibh an Aramais Ársa á labhairt ach amháin acu siúd arbh í a dteanga dhúchasach shinseartha í. Tháinig na canúintí éagsúla den tSean-Aramais chun solais nuair a fuair an Ghréigis an lámh uachtair sa réigiún.

An Mheán-Aramais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glactar leis an tríú haois d'aois ár dTiarna mar theorainn idir ré na Sean-Aramaise agus tréimhse na Meán-Aramaise. Chuaigh iarsmaí na hAramaise Impiriúla in éag, agus tháinig teangacha nua liteartha ina n-ionad. Níl mórán eolais againn ar a lán canúintí Sean-Aramaise, ach fágadh an-doiciméadú againn sa Mheán-Aramais, agus ciall mhaith ag na saineolaithe do na leaganacha éagsúla d'Aramais na tréimhse seo, idir ghramadach agus stór focal.

An Nua-Aramais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Labhraíonn níos mó ná ceithre chéad míle duine Aramais sa lá atá inniu ann, idir Ghiúdaigh, Chríostaithe, Mhoslamaigh agus Mhandaeigh. Bíonn cónaí orthu i gceantair iargúlta agus iad ag baint úsáide as clódóireacht agus, inniu, as na ríomhairí lena gcuid traidisiún liteartha a chaomhnú. Ó thaobh na comhthuisceana de, tá na leaganacha éagsúla den Nua-Aramais níos faide óna chéile ná mar a bhí siad riamh. Ní raibh an dá aois is déanaí ag fabhrú do chainteoirí na hAramaise. De dheasca na dtrioblóidí a bhí ag rith damhsa ar fud an Mheán-Oirthir, b'éigean dá lán de lucht labhartha na teanga dul ar imirce agus ar deoraíocht i dtíortha coimhthíocha ar fud an domhain.

Na Críostaithe a labhraíonn Aramais, bhí siad go mór mór thíos le himeachtaí na bliana 1915. Tugtar Sayfo - An Claíomh, is é sin, bliain an Chlaímh, ar an mbliain sin as Siricis. Go bunúsach, b'ansin a thit an tóin as an Impireacht Otamánach, agus ba chuid den tubaiste seo an cinedhíothú a rinneadh ar na mionlaigh Chríostaí san Impireacht, idir Airméanaigh agus lucht labhartha Aramaise.

Timpeall na bliana 1950, arís, tháinig Iosrael ar an bhfód, agus dá thoradh sin, cuireadh ruaig ar na Giúdaigh as na tíortha Arabacha. Chuaigh na Giúdaigh seo, cuid mhaith acu ina gcainteoirí Aramaise, go hIosrael. Chuaigh an imirce seo chun dochair don Aramais Ghiúdach, áfach, nó dealraíonn sé go bhfuil cuid mhór de chanúintí Giúdacha na hAramaise le himeacht de dhroim an tsaoil, agus an Eabhrais níos líofa i mbéal na glúine óige ná an Aramais.

Féach freisin ar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Córas scríofa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]