Héaród Mór
Héaród I Mór | |
---|---|
Rí na nGiúdach, Rialtóir na Gailíle agus Batáine | |
Portráid ficseanúil, gan dáta | |
Réimeas | 37 – 4 RC |
Dáta breithe | 74 RC |
Dáta báis | 4 RC |
Áit bháis | Ireachó, Iúdáia |
Réamhtheachtaí | Antigonus II Mattathias |
Comharba | Héaród Archelaus |
Rítheaghlach | Héaródaigh |
Céile | Doris Mariamne I Mariamne II Malthace Cléópatra Iarúsailéim |
Cliantrí Rómhánach Iosrael a bhí i Héaród (Eabhrais: הוֹרְדוֹס Horodos, Gréigis: Ἡρῴδης Hērōdēs), nó Héaród I agus Héaród Mór mar atá aithne air chomh maith (37 RC – 4 RC in Ireachó).
Déantar dearmad go minic idir eisean agus a mhac Héaród Antapas, a bhí ina rialtóir ar an Ghailíl i ré Íosa Críost agus Eoin Baiste.
Meigleamáineach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuimhnítear Héaród don chuid is mó mar gheall ar na h-oll-thionscadail tógála a rinne sé in Iarúsailéim agus áiteanna eile ar fud an réigiúin, atógáil an Dara Teampaill ina measc.
Síceapatach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Matha 2:16-18:
Nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe. An uair sin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: "Chualathas glór i Rámá caoi agus iomad olagóin: Rachael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann níos mó."[1]
Ceiliúrtar an sléacht nó "Lá na Leanaí Neamhchiontacha" nó “Lá na Leanbh” ar 28 Nollaig[2].
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |