Ireachó
| أريحا (ar) יריחו (he) | ||||
| Ainmnithe in ómós | Yarikh (en) | |||
| Suíomh | ||||
| ||||
| Tír | Stát na Palaistíne | |||
| Limistéar geografach | an Bruach Thiar | |||
| Governorate of the State of Palestine (en) | Jericho Governorate (en) | |||
| Príomhchathair de | ||||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 23,220 (2016) | |||
| • Dlús | 393.56 hab./km² | |||
| Teanga oifigiúil | an Araibis | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Achar dromchla | 59 km² | |||
| Airde | −275 m | |||
| Sonraí stairiúla | ||||
| Cruthú | c. 96 haois "RCh" | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Glaochód | 02 | |||
| Eile | ||||
| Suíomh gréasáin | jericho-city.ps | |||
Is cathair í Ireachó[1] (Araibis: أريحا) atá suite gar d'Abhainn na hIordáine ar an mBruach Thiar sna críocha Palaistíneacha. Príomhchathair na Gobhanóireachta Ireachó atá inti, le daonra thart ar 20,000 Palaistíneach. Tá an chathair suite faoi bhun cothrom farraige sé chiliméadar déag ó thuaidh ón Mhuir Mharbh, agus is í an áit lonnaithe is ísle ar domhain. Meastar fosta go bhfuil Ireachó ar an gcathair is sine ar domhain, agus tá fianaise ann a léiríonn go raibh daoine sa cheantar chomh fada siar le 9,000 RC.[2]
Déantar cur síos ar Ireachó sa Bhíobla mar "Chathair na gCrann Pailme". Tá aithne ar an gcathair mar an áit ar ar fhill na Iosraelaigh as daorbhroid na hÉigipte, faoi cheannasaíocht Iósua.


Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is dócha gurbh é Ireachó an chathair ba shine ar domhan a raibh balla thart uirthi. Ceann de na chéad iontais mhóra ar domhan ná cathair Ireachó gona ballaí móra cosanta (cuireadh tús leo timpeall 8000 R.Ch.) .
Bhí a cuid saibhris bunaithe ar an trádáil, ar shalann a dhíol go hairithe. Thóg muintir na cathrach na ballaí chun iad féin agus a gcuid saibhris a chosaint. Brící cré a dhéantaí de láimh agus a thriomaítí faoin ngrian a d'úsáididís. Ba iad sin na chéad bhallaí dá leithéid a tógadh.[3]
