Naomh Séamus, mac Zeibidé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNaomh Séamus, mac Zeibidé

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 haois
Béatsáide Cuir in eagar ar Wikidata
Bás44

Iarúsailéim Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú agus pionós an bháis (Dícheannadh)
Áit adhlacthaArdeaglais Santiago de Compostela Cuir in eagar ar Wikidata
An Dá Aspal Déag
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachNa Giúdaigh
ReiligiúnAn Chríostaíocht agus An Giúdachas
Gníomhaíocht
Gairmiascaire, misinéir Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidÍosa Críost
Mac/iníon léinnAthanasius of Caesaraugusta (en) Aistrigh
TeangachaEabhrais an Bhíobla, An Aramais agus An Ghréigis choitianta
Ardú
Lá féile25 Iúil (Críostaíocht Iartharach)
30 Aibreán (Críostaíocht Oirthearach)
30 Nollaig (Mozarabic Rite (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail íocónagrafachShell of Saint James (en) Aistrigh, pilgrim's hat (en) Aistrigh, claíomh agus walking stick (en) Aistrigh
Fearann an naoimh nó an déTréidlia, marcach, furrier (en) Aistrigh, súdaire, poitigéir, an Spáinn, an Ghailís, Ord Santiago, Cavalry of Spanish Army (en) Aistrigh agus Academia de Caballería de Valladolid (en) Aistrigh
Ealaíontóirí gaolmharaEoin Soiscéalaí: Boanerges (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Céileluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
AthairZeibidé  agus Salómae
SiblínEoin Soiscéalaí
Croineolaíocht
2 Eanáir 40Appearance of the Virgin Mary to St. James the Great in Zaragoza (en) Aistrigh
vision (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Duine den Aspal Déag Íosa ba ea Naomh Séamus, mac Zeibidé (San Séamas uaireanta). Tugtar Séamus Mór[1] air toisc go raibh Séamus eile i measc an Dáréag, Séamas Beag, mac Alfaeus (Séamus Beag). Comórtar Lá Fhéile San Séamas ar 25 Iúil.[2]

Naomh Séamus, mac Zeibidé (le Rembrandt Harmenszoon van Rijn)
i Santiago Acutzilapan, Atlacomulco, Meicsiceo

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aspal ab ea é, deartháir le hEoin agus mac Zeibidé.[3][4]

Níl ach beagán eolais againn faoi thús a shaol. Bhí Zeibidé ina iascaire agus seans gur chónaigh sé i mBéatsáide (Eoin 1:44) nó i gCafarnáúm. Bhí roinnt fear ag obair dhó (Marcus 1:20). Ba bhean chráifeach í Salómae agus bhí sí mar bhall de lucht leanúna Íosa Críost (Matha 27:55,; Marcus 15:40, 16:1; Lúcás 8:2, 23:55-24:1).

Shíltear nach bhfuair Séamas ná Eoin a gcuid oideachais i scoil raibíneach. Dá bharr sin, ní raibh siad aitheanta mar fhir oilte leis na Giúdaigh. Is cosúil gur bhfuair siad an caighdeán céanna oideachais a fuair daoine eile ina n-aicme, is é sin an gnáthoideachas Giúdach. Deirtear gur b'fhéidir go raibh na deartháireacha ina gcol ceathracha le Íosa Criost, eolas amhrasach. Bhí muintir na Gailíle cráifeach, crua, dícheallach, cróga agus b'iad na cosantóirí ab fhearr den náisiúin Giúdach.

taisí naoimh, Catedral de Santiago de Compostela

Aspal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iascaire ab ea San Séamas agus bhí ardmheas ag Íosa air, is cosúil.[4] Bhí sé i láthair ag Claochlú an Tiarna (ar shliabh Tabor b'fhéidir) agus i nGairdín Getsemaní le linn allais fola Íosa.

Cosúil leis na hAspail eile bhí San Séamas de dhualgas air Soiscéal Dé a scaipeadh agus an Eaglais a bhunú mar a d’ordaigh Íosa. Thug sé aghaidh ar Leithinis na hIbéire chun an obair seo a chomhlíonadh.

Deirtear uaireanta gur chabhraigh San Séamas leis na Críostaithe an lámh in uachtar a fháil ar na Moors (a rinne ionradh ar an Spáinn sa bhliain 711).[4]

Tá Séamas curtha i Santiago de Compostela.

Bású[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d’fhill San Séamas ar Iúdáia, chuir Rí Herod Agrippa 1 é chun báis sa bhliain 44 AD. Tógadh a chorp ar ais go dtí Galicia sa Spáinn. Tá sé curtha i Santiago de Compostela. Tá sé mar phatrún ar an Spáinn agus ar oilithrigh.

Leis na céadta bliain tá oilithrigh ó gach aird den domhan ag siúl Camino de Santiago chuig a uaigh. Inniu meallann an Camino go Santiago na mílte oilithreach gach bliain as ceithre chreasa an domhain. Is fada an bhaint atá ag na Gaeil leis an oilithreacht go Santiago de Compostela.[2][5][6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 'James the Greater' an leasainm atá air imBéarla, agus Iacób nó Jacob uaireanta (Laidinː Iacobus Maximus)
  2. 2.0 2.1 Slí San Séamas go Santiago: Cuid II. An tUltach 93 (5), 16-17. Brighid Mhic Sheáin. Bealtaine 2016
  3. tearma.ie. ""Zeibidé" ('Sebedí' uaireanta)". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-08-06.
  4. 4.0 4.1 4.2 ennisparish.com (23 Iúil 2017). "[2017-7-23.pdf Cúinne Sr Eileen]".
  5. Micheál de Barra (2007). "An bóthar go Santiago" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2022-07-06.
  6. Liam Ó Muirthile. "Oilithreach pinn" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2022-07-25.