Claochlú an Tiarna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtClaochlú an Tiarna
Íomhá
Cineálmíorúilt de chuid Íosa
téama ealaíne Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dechronology of Jesus (en) Aistrigh, Luminous Mysteries (en) Aistrigh agus Mórfhéilte na hEaglaise Ceartchreidmhí Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSliabh Thábór, Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
ReiligiúnAn Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata


Claochlú an Tiarna le Raphael, timpeall 1520 (inniu sa Phinacoteca, anVatacáin)

Ceiliúrtar Claochlú an Tiarna[1] (nó Athrú Cló ár dTiarna) ar an 6 Lúnasa.[2] Luadh é i Matha 17:1–8, Marcas 9:2–8, agus Lúcás 9:28–36.[3]

Matha 17:1 timpeall 1300 (Mokvi Q-902, 59v)

Tharla an t-Athrú Cló ar Shliabh Tabor, b'fhéidir.[4]

Sliabh Tabor inniu

Lúcás 9:28-36[cuir in eagar | athraigh foinse]

'San am sin, thug Íosa leis Peadar, Eoin agus Séamas agus chuaigh suas an sliabh le guibhe. Agus ag guibhe dhó, tháinig athrú cló ar a aghaidh agus d’éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach. Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis -- ba iad Maois agus Éilias iad -- agus bhí siad le feiceáil faoi ghlóir agus iad ag caint faoina imeacht as an saol, rud a tharlódh i Iarúsailéim. Bhí codladh trom ar Pheadar agus ar a chompánaigh, ach d’fhan siad ina ndúiseacht, agus chonaic siad a ghlóir agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis. Agus le linn dóibh seo a bheith ag imeacht uaidh dúirt Peadar le hÍosa: “A Mháistir, nach tráthúil mar a tharla sé muid a bheith anseo; déanadh muid trí champa, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias,” -- ach ní raibh a fhios aige céard a bhí sé ag rá. Le linn dó a bheith ag rá na cainte sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a d’imigh siad siúd isteach sa scamall, agus chuala siad glór as an scamall ag rá: “Seo é mo Mhac, an té is rogha liom, éistigí leis!” Agus le macalla an ghlóir, fritheadh Íosa ina aonar. Ach d’fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d’aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu".[5][6]

Matha 17:1-9[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d’éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias.” Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.” Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d’uamhan. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin. Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”[7]

Marcas 9:2-10[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl, agus d'éirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad. Agus chonacthas dóibh Maois mar aon le hÉilias agus iad ag comhrá leis. Agus labhair Peadar le hÍosa: "A Mháistir, " ar sé, "is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias" -- mar ní raibh a fhios aige cad ba mhaith dó a rá óir tháinig uamhan orthu. Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: "Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!" Agus go tobann, ar dhearcadh dóibh ina dtimpeall, ní fhaca siad duine ar bith níos mó ach Íosa in éineacht leo ina aonar. Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh. Agus choinnigh siad an scéal chucu féin ach go mbídís ag fiafraí dá chéile cad ba chiall leis an éirí úd ó mhairbh.[8]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""Claochlú an Tiarna"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-08-06.
  2. Martin McNamara (Scoil Mhuire, Ennistymon). "6 Lúnasa 2017 (A) Féile Chlaochlú an Tiarna – Sunday Scripture Online" (ga). Dáta rochtana: 2021-08-06.
  3. An scéal, as Gaeilge (2021). "CM Rúndiamhra Lonrach 4ː Claochlú an Tiarna" (as ga). 
  4. "Church of the Transfiguration" (as en) (2021-07-18). Wikipedia. 
  5. Paróiste an Chillín, Gharumna & Leitir Mealláin (6ú Lúnasa). "CLAOCHLÚ CHLÓ AN TIARNA". Dáta rochtana: 2021.
  6. "Lúcás 9, 28-36 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-06.
  7. "Matha 17:1-9 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-06.
  8. "Marcas 9:2-10 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-06.