Santiago de Compostela

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSantiago de Compostela
Bandera de Santiago de Compostela.svg Armas
Armas
Santiago de Compostela, Galiza (cropped).jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Situacion Santiago de Compostela.PNG Map
 42°53′N 8°32′W / 42.88°N 8.53°W / 42.88; -8.53
Stát ceannasachAn Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneAn Ghailís
Cúigí na SpáinneA Coruña Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairSantiago de Compostela Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán98,179 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús446.25 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deintermunicipal commonwealth of the Santiago de Compostela area (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla220.01 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde260 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1834
ÉarlamhNaomh Séamus, mac Zeibidé Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Santiago de Compostela Cuir in eagar ar WikidataXosé Sánchez Bugallo (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist15700 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód981 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh15078 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsantiagodecompostela.gal Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: concellosantiago Twitter: PazodeRaxoi Youtube: UCSrcC2UgDHIb80vVVRtvoDw


Is í Santiago de Compostela príomhchathair Chomhphobal féinrialaitheach na Gailíse. Tá sé suite in iarthuaisceart na Spáinne i gcúige A Coruña. Is í an ardeaglais ceann sprice na hoilithreachta a dtugtar Camino de Santiago uirthi. Ba Cathair San Séam an t-ainm a bhí ag na Gaeil ar an áit sa Mheánaois. [1]

Deirtear go dtagann an t-ainm compostela ó campus stellae na Laidine, i.e. "faiche réalta", rud a fhágann go gciallaíonn Santiago de Compostela "Naomh Séamus na faiche réalta". Tá baint ag an ainm leis an scéal gur tugadh cnámha Naomh Séamas anall ón Meánoirthear go dtí an Spáinn, áit ar cuireadh iad agus a bhfaca aoire réalt os a gcionn. Tógadh eaglais san áit agus ardeaglais ina dhiaidh sin.

Tá an ardeaglais in aice chearnóg mhór na seanchathrach. Ar an taobh eile den chearnóg tá Pazo de Raxoi (Pálás Raxoi), halla na cathrach agus áit chruinnithe Xunta (rialtas) na Gáilíse. Ar thaobh na láimhe deise de staighre na hardeaglaise tá Hostal dos Reis Católicos, óstán a thóg na Monarcaí Caitliceacha Isabella I agus Ferdinand II do na hoilithrigh (anois is parador é).

Tá clú ar Ollscoil Santiago freisin.

Baisteadh ceann d'oird mhíleata na Spáinne, Ord Santiago, as an gcathair (ar nós Calatrava, Alcantara agus Montesa).

Tá sí ar an gcathair is mó báisteach san Eoraip de bharr na gaoithe láidre aniar ón Aigéan Atlantach agus na sléibhte a bheith timpeall air.

Inniu féin tugann oilithrigh as gach cearn a n-aghaidh ar an gcathair ar son thaisí an Naoimh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Seán de Fréine, Ciste Cúrsaí Reatha, lch. 186