An tSeanmóir ar an Sliabh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bailiúchán nathanna a labhair Íosa Nazórach i Soiscéal Mhatha (caibidlí 5, 6, agus 7) is ea an tSeanmóir ar an Sliabh.[1][2] Cuireann an tseanmóir béim ar theagasc morálta. Is í an chéad cheann de na cúig dhioscúrsa sa Soiscéal é, agus tá sé ar cheann de na sleachta is mó a luaitear as na Soiscéil.

Comhpháirteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsíonn Matha 5:3-12 na Biáide. Déanann siad cur síos ar charachtar mhuintir Ríocht na bhFlaitheas.[3] San aistriúchán a rinne Cosslett Ó Cuinn ar an Tiomna Nua, d'aistrigh sé an focal Gréigise Μακάριοι mar “beannaithe”, cosúil leis an ngnáthaistriúchán Béarla “blessed”. I mBíobla Uí Fhiannachta, aistríodh na biáide leis an bhfrása "is méanar do”, níos gaire don aistriúchán Béarla “happy” atá ar fáil, mar shampla, san aistriúchán litriúil a rinne Robert Young in 1862. I Soiscéal Mhatha, tá ocht (nó naoi) mbiáide ann, agus i Soiscéal Lúcáis tá ceithre cinn ann, agus ceithre “mhairg” ina dhiaidh sin.[3]

I mbeagnach gach cás, d'aithneofaí na frásaí a d'úsáid Íosa sna biáide ó chomhthéacs an tSean-Tiomna, ach sa tseanmóir tugann Íosa brí nua dóibh.[4] Le chéile, cuireann na biáide béim nua ar ghrá agus ar umhlaíocht seachas ar fhórsa agus ar smacht; déanann siad macalla ar theagasc Íosa ar an spioradáltacht agus ar chomhbhá.[4]

I Matha 5:13-16, faightear meafair an tsalainn agus an tsolais. Críochnaíonn an sliocht seo an phróifíl de mhuintir Dé a leag Íosa amach sna biáide. Tugann sé “salann na talún” agus “solas an domhain” ar na deisceabail.

Is é Matha 5:17–48 an chuid is faide den tSeanmóir, sliocht ar a dtugtar “na Fritéisí” nó “Fritéisí Mhatha” go traidisiúnta. Sa chuid seo, comhlíonann agus athmhíníonn Íosa an Sean-Chonradh agus go háirithe na Deich nAitheanta, i gcodarsnacht leis an méid a “chuala sibh go ndúradh”.[5] Mar shampla, tugann sé comhairle an leiceann eile a thabhairt, agus grá a bheith agat do do naimhde, i gcodarsnacht le súil i ndíol súile. De réir fhormhór na léirmhínithe ar Mhatha 5:17, 18, 19, agus 20, agus formhór na dtuairimí Críostaí ar an Sean-Chonradh, ní thagann an míniú nua seo ar an Torah agus ar na Fáithe salach ar an Sean-Tiomna.

I Matha 6, cáineann Íosa daoine a dhéanann dea-oibreacha ar son aitheantais amháin. Luann sé déirc (6:1–4), urnaí (6:5–15), agus troscadh (6:16–18). Cáineann an dioscúrsa an tsaoltacht, agus deir Íosa nach féidir Dia agus t-airgead araon a riaradh (6:24). Laistigh den dioscúrsa ar urnaí, tugann Íosa an Ár nAthair mar shampla de phaidir cheart.

I Matha 7:1-6, cáineann Íosa iad siúd a thugann breithiúnas ar dhaoine eile gan a ngnóthaí féin a réiteach ar dtús: “Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh” (7:1). Críochnaíonn Íosa an tseanmóir i Matha 7:17-29 le rabhadh faoi fháithe bréagacha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): The Sermon on the Mount” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-03-16.
  2. Baasland (2015). "Parables and Rhetoric in the Sermon on the Mount: New Approaches to a Classic Text". Tübingen, DE: Mohr Siebeck. ISBN 9783161541025. 
  3. 3.0 3.1 "Beatitudes." Frank Leslie Cross, Elizabeth A. Livingstone, eds. The Oxford dictionary of the Christian church. New York: Oxford University Press. 2005 ISBN 978-0-19280290-3
  4. 4.0 4.1 A Dictionary of The Bible, James Hastings 2004 ISBN 1-4102-1730-2 lgh. 15–19.
  5. Féach David Flusser, "The Torah in the Sermon on the Mount" (WholeStones.org) and idem, "'It Is Said to the Elders': On the Interpretation of the So-called Antitheses in the Sermon on the Mount" (JerusalemPerspective.com).