Deich nAitheanta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deich nAitheanta

Is éard atá i gceist leis na Deich nAitheanta ná rialaithe diaga maidir le hiompar a thug Dia go Maois ar an tSliabh Shíonáí, de réir Eacsadas sa Bhíobla 20:1–17 de réir an traidisiúin Chríostaí.

Na Deich nAitheanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.

  • Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair.
  • Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh. Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé, ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta.
  • Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
  • Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í. Caithfidh tú sé lá ag obair agus déanfaidh tú do shaothar go léir, ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre - tú féin ná do mhac, ná d'iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon. Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.
  • Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.
  • Ná déan marú.
  • Ná déan adhaltranas.
  • Ná déan goid.
  • Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.
  • Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An tAth. Pádraig Ó Fiannachta, eag. (1981). "Eacsadas 20:1-17" (in ga). An Bíobla Naofa. Maigh Nuad: An Sagart. Dáta rochtana: 2023-07-17.