Pádraig Ó Fiannachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Ó Fiannachta
Beathaisnéis
Breith1927
An Paideac, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Iúil 2016
88/89 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Má Nuad
Coláiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir, aistritheoir an Bhíobla Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge
Naomh Muire an Daingin

Sagart, duine léannta agus scríbhneoir ab ea Pádraig Ó Fiannachta (192715 Iúil 2016);[1] "duine de mhórscoláirí na Gaeilge agus na hÉireann", de réir tuairisc.ie, agus "ba fhathach in iomaire an léinn, an aistriúcháin agus na foilsitheoireachta é an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta"[2].

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mBaile Móir, sa Daingean, Co. Chiarraí a rugadh é. Cailleadh triúr dá dheartháireacha go hóg, duine acu ag aois a dhá bhliain go leith. Is amhlaidh a bádh an bheirt eile[3]. Chuir bás aathar isteach go mór air chomh maith; ní raibh seisean ach seacht mbliana is daichead d’aois nuair a cailleadh éagus d’fhág sé seachtar clainne ina dhiaidh.

Léirigh sé spéis sa tsagartóireacht óna óige[4]. Tar éis a thréimhse meánscolaíochta i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne thug sé aghaidh ar Mhaigh Nuad. Ghnóthaigh sé céim BA sa Léann Ceilteach ann.

Ach bhuail taom tinnis é go luath ag an am céanna, B’éigean dó Coláiste Phádraig, Má Nuad a fhágáil. Tuigeadh go luath go raibh mianach an scoláire mhóir ann agus moladh dó tréimhse a thabhairt sa Bhreatain Bheag le Breatnais a fhoghlaim i gceart. Chaith sé bliain ansin ag obair ar fheirm.

Bhain sé an tArdteastas san Oideachas amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus ansin moladh dó MA a dhéanamh, rud a rinne sé. Thug Ó Fiannachta aghaidh ar an mBreatain Bheag arís. Chríochnaigh sé a chúrsa diagachta i gColáiste na Naomh Uile, mar ar oirníodh ina shagart é do dheoise Myfynwy sa Bhreatain Bheag i 1953. Thug sé sé bliana ag obair ann mar shagart agus ag múineadh i mbunscoileanna.


Ceapadh Ó Fiannachta ina léachtóir le Sean- is Meán-Ghaeilge agus Breatnais i Maigh Nuad i 1959. Ceapadh ina ollamh sna hábhair sin é i 1961, agus ina ollamh le Nua-Ghaeilge sa bhliain 1981.

Bhí sé ina shagart paróiste sa Daingean ó 1993, gar dá cheantar dúchais i gCiarraí. Bhí rud eisceachtúil é sagart a chur thar n-ais go dtí a pharóiste dúchais féin.

Naomh Muire an Daingin

Craoladh clár a rinne Léargas ar an bhfear léannta seo lsan 2000idí ar RTÉ.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba dhuine an-intleachtúil é. Is iomaí leabhar a bhí scríofa ag an Ollamh Ó Fiannachta agus is iomaí fós leabhar a raibh baint aige leo mar eagarthóir, mar chomhairleoir agus mar fhoilsitheoir[5].

Léiríonn an chéad leabhar uaidh, Comharsa Choimhthíoch, an flosc lenar thug sé faoina dhualgais ansiúd agus an sásamh a bhain sé as úsáid na Breatnaise gach deis dá bhfuair sé.

I 1964 bhunaigh Ó Fiannachta comhlacht foilsitheoireachta, An Sagart, a bhfuil an iliomad scothleabhar curtha ar fáil faoina inphrionta. Orthu sin tá a scagadh féin ar an litríocht i saothair mar Léas ar Ár Litríocht, An Barántas, Scéalaíocht Ár Sinsear, agus an lámhleabhar gramadaí, Sean-Ghaeilge gan Dua, a chuir sé le chéile mar threoir don léitheoir ar an gcuid is seanda den litríocht.

Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Ceithre bliana is tríocha a thug an Ollamh Ó Fiannachta ag obair san Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. I rith na tréimhse sin bhí sé mar Ollamh le Sean-Ghaeilge agus le Nua-Ghaeilge; d’aistrigh sé an Bíobla go Gaeilge agus d’oibrigh sé ar fhoclóir Sean-Ghaeilge.

Dúirt an scoláire cáiliúil Dáithí Ó hUaithne leis gurb í an obair is tábhachtaí a rinne sé riamh ná An Barrántas a fhoilsiú. Bailiúchán de na barrántais go léir a bhí ann.

Bhí scríofa aige mar shampla

  • An Leabharlann, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
    saothair filíochta (Ponc, 1970; Rúin, 1971; Deora Dé, 1988;Léim an Dá Mhíle, 1999; tá rogha dá shaothar le fáil sa tsraith Guth an Ealaíontóra (Cló Iar-Chonnachta, 1993),
  • úrscéalta dírbheathaisnéise (An Chomharsa Choimhthíoch, 1957; Ag Siúl na Teorann, 1984) agus
  • critic liteartha (Léas ar Ár Litríocht, 1974; Léas ar Ár Litríocht, 1982). srl.

Bhí ceithre leabhar taistil, leabhar urnaithe, agus leabhair Teagasc Críostaí, agus cláir lámhscríbhinní foilsithe aige chomh maith.

Bhí Ó Fiannachta ina

  • chomheagarthóir ar Dictionary of the Irish Language a d'fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann;
  • eagarthóir ó bhí 1970 ann ar an tsraith bhliantúil léachtaí dar teideal Léachtaí Cholm Cille a reáchtáltar i Má Nuad gach bliain agus a foilsítear ina dhiaidh sin;
  • agus go háirithe, eagarthóir ar Bhíobla Ghaeilge Mhá Nuad a foilsíodh in 1981, srl.

Bronnadh gradam liteartha Dhubhghlas de hÍde air sa bhliain 1969.

Foilsíodh féilscríbhinn dó faoin teideal Stair na Gaeilge: in ómós do Pádraig Ó Fiannachta (An Sagart, 1994).

Sa bhliain 1996, bhunaigh Ó Fiannachta 'An Díseart', Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, sa Daingean.

An Bíobla as Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Bíobla Naofa

I 1966 bhunaigh an Cliarlathas Caitliceach coiste stiúrtha chun aistriúchán ar an mBíobla ó na bunteangacha go Gaeilge a sholáthar agus ceapadh Pádraig mar rúnaí ar an gcoiste le cúram an fhoilsithe air chomh maith.

Ba é a bhí ar thosach cadhnaíochta ar aistriú an Bhíobla go Gaeilge; foilsíodh i Má Nuad sa bhliain 1981 an chéad aistriúchán Caitliceach den Bhíobla ina iomláine (na leabhair Dheotracanónta san áireamh) ó na bunteangacha inar scríobhadh é.[6]

D’aistrigh sé tuairim is leath de é féin ón mbunleagan Eabhraise agus Gréigise mar aon le heagarthóireacht a dhéanamh ar an leath eile.

Tá moladh mór faighte ag caighdeán an aistriúcháin, agus níor bhréag ar bith ón gCairdinéal Tomás Ó Fiaich a rá ‘nach mbeadh sé mí-oiriúnach Bíobla Uí Fhiannachta’ a thabhairt ar an éacht aistriúcháin seo.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Dúshláine, Tadhg, 'Pádraig Ó Fiannachta', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
  • Ó Glaisne, Risteárd, Pádraig Ó Fiannachta, An Sagart, (1996)
  • Ó Héalaí, Pádraig, ‘Fear an Leabhair: Pádraig Ó Fiannachta’, in K. McCone et al., ‘Stair na Gaeilge‘, Roinn na Sean-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad ((1994), 1-22.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó FIANNACHTA, Pádraig (1927–2016) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. tuairisc.ie (2016). "Pádraig Ó Fiannachta, duine de mhórscoláirí na hÉireann, imithe ar shlí na fírinne".
  3. Beo, eagrán 24 (Aibreán 2003). "Pádraig Ó Fiannachta agallamh Beo".
  4. Feasta, le Pádraig Ó Héalaí (2016). "An Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta ar Shlí na Fírinne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-19.
  5. portraidi.ie. "Pádraig Ó Fiannachta".
  6. "AnBioblaNaofa.org". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-08-05. Dáta rochtana: 2018-07-15.