Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaOllscoil na hÉireann, Má Nuad
Sonraí
Cineálollscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1997
Gníomhaíocht
Ball deCumann Eorpach na nOllscoileanna
ORCID Cuir in eagar ar Wikidata
Líon scoláirí12,100 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtOllscoil na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán193 M€ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmaynoothuniversity.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: maynoothuniversity Twitter: maynoothlaw Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Is ollscoil í Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus í suite i Maigh Nuad. Ceann de na ceithre chomh-ollscoil í ar comhchodanna iad de chóras cónaidhmeach Ollscoil na hÉireann.

Cuireadh tús leis an ollscoil seo sa bhliain 1795, mar Choláiste Phádraig, Má Nuad, nuair a reachtaigh Parlaimint Ghrattan dlí le hinstitiúid acadúil a bhunú a chinnteodh feabhas oideachais do na Caitlicigh. Go dtí sin, b'éigean do mhic léinn Chaitliceacha ó Éirinn freastal ar ollscoileanna na Mór-roinne Eorpaí. B'í Maigh Nuad a tháinig an institiúid sin ar an bhfód. Ní raibh ann ar dtús ach coláiste traenála sagart, agus tráth, bhí sí ar an gcoláiste ba mhó sa domhan den chineál sin. Sa bhliain 1896, fuair an coláiste stádas na hOllscoile Pointifiúla, buíochas le feabhas a chuid cúrsaí sa diagacht, san fhealsúnacht agus i ndlí canónda na hEaglaise. Nuair a bunaíodh Ollscoil Náisiúnta na hÉireann mar chóras cónaidhmeach sa bhliain 1910, glacadh le coláiste Mhá Nuad mar chuid den struchtúr sin. Sa bhliain 1966, d'fháiltigh an coláiste roimh na chéad mhic léinn nárbh ábhair shagairt iad. Sa bhliain 1997, tháinig Roinn Ealaíon, Roinn Eolaíochta, Roinn Léinn Cheiltigh agus Roinn Fealsúnachta an choláiste seo le chéile in Ollscoil nua ar glacadh léi mar cheann de chomh-ollscoileanna na hOllscoile Náisiúnta.

Inniu, tá níos mó ná sé mhíle mac léinn ag freastal ar chúrsaí Ollscoil Mhá Nuad.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]