Filíocht na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tosaíodh ag scríobh filíochta as Gaeilge chomh luath leis an 7ú haois, saothar úr suaithinseach nach raibh a leithéid le fáil in aon tír eile. Tá an cheird á cleachtadh riamh ó shin, agus sa meánaois bhí na trí shaghas filíochta ann - filíocht na scol, dánta grá agus filíocht an phobail. Ba é an saghas deireanach a tháinig chun tosaigh sa 19ú haois, nuair nach raibh léamh ná scríobh na Gaeilge ag mórán daoine. Ach sa 20ú haois tháinig borradh faoin bhfilíocht chomhaimseartha chathrach agus roinnt scríbhneoirí nótáilte ina bun.

Anuas go dtí an 17ú haois níor tugadh aitheantas oifigiúil ach don saghas véarsaíochta a chum filí a oileadh sna scoileanna - áiteanna léinn mar ar fhoghlaim siad ceird an-chasta na bairdne. Aicmí difriúla a bhí i gceist sa cheird seo, agus bhain an t-ollamh leis an aicme ab airde. Bhíodh pátrún uasal aige agus chumadh sé píosaí ag moladh an tiarna, a phóir agus a shleachta, agus bhíodh an tiarna faoi chomaoin aige dá bharr. Bheadh súil ag an bhfile le cúiteamh dá réir - eallach go minic - agus chuir scríbhneoirí Sasanacha i leith na bhfilí sa 16ú haois go ngríosaídís na taoisigh chun creiche. Síleadh go raibh cumhacht eile ag an bhfile agus blas ársa na draíochta uirthi: bhí an file in ann daoine a mháchailiú le haor.

Cuireadh na pátrúin Ghaelacha as seilbh i ré Chromail, rud a chuir deireadh leis an mbairdne; ach lean filí orthu ag cumadh filíocht an-ghreanta i gcaint na ndaoine. Chuireadh cuid di síos ar chúrsaí an lae agus bhain cuid eile le cúrsaí polaitíochta, rud a rinneadh trí fhoirm idéalaithe na hAislinge. Bhí filíocht na ndaoine láidir fós, í le fáil sna hamhráin agus go háirithe sna caointe, saghas cumadóireachta arbh iad na mná ba mhó a rinne é.

Is í Athbheochan na Gaeilge i dtús an 20ú haois ba mhó a spreag daoine chun pinn arís, agus le haimsir tháinig roinnt filí an-suntasacha ar an bhfód - Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi agus eile.

Tháinig glúin nua filí chun cinn sa dara leath den 20ú haois. Glaoitear "grúpa Innti" ar na filí seo mar gheall ar an mbaint a bhí acu leis an iris Innti, a raibh an file Michael Davitt mar eagarthóir uirthi. I measc na bhfilí seo tá Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock.

Filí na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]