Jump to content

Gabriel Rosenstock

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGabriel Rosenstock

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Meán Fómhair 1949
Cill Fhíonáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Aibreán 2026
76 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, iriseoir, scríbhneoir, aistritheoir, file, scríbhneoir litríocht pháistí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge, Béarla agus an Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

File, scríbhneoir agus aistritheoir iomráiteach as Luimneach ab é Gabriel Rosenstock (29 Meán Fómhair 1949 - 6 Aibreán 2026), duine de mhórfhilí na Gaeilge.[1][2] Bhí ról lárnach aige i bhforbairt na litríochta comhaimseartha Gaeilge.[3] Thug sé faoin bhfilíocht, haiku, drámaíocht, úrscéalta, aistí agus aistriúchán ar bhreis is 400 saothar,[4][1] filíocht agus leabhair do pháistí go háirithe,[5] agus duine de na daoine ba mhó a rinne cur chun cinn ar an haiku i nGaeilge.[6]

Ba scriptscríbhneoir é dó TG4, cláir do pháistí go háirithe.

Bhí ról lárnach aige thar thréimhse fhada blianta i ngort na héigse in Éirinn. Ó thaobh amháin de, tharraing sé as tobar an traidisiúin, ach ag an am céanna, chreid sé go raibh sé dualgas ar an bhfile sacrúint leis an traidisiún: ‘nach bhfuil ar an bhfile chomh maith an teanga a shíneadh, na foirmeacha a lúbadh, an t-ábhar a fhairsingiú, an tanka a thriail, agus an haiku, abraimis’.

Rugadh Gabriel Rosenstock i gCill Fhíonáin in Oirthear Luimnigh ar an 29 Meán Fómhair 1949. Dochtúir agus scríbhneoir as Schleswig-Holstein ba ea a athair. Banaltra, as Gaillimh ó dhúchas, ab ea a mháthair. Ba é an tríú duine clainne as seisear agus an chéad pháiste a rugadh don lánúin in Éirinn.

Caitheadh amach as Coláiste Rinn Mhic Gormáin é agus bhí sé ar deoraíocht ina dhiaidh sin i gColáiste Charraig an Tobair.

An Quad, Coláiste Ollscoile Chorcaí

Rinne sé staidéar i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Sa ngrúpa filí Innti a bhain sé cáil amach ar dtús, ina raibh Michael Davitt, Liam Ó Muirthile agus Nuala Ní Dhomhnaill.

Príomhalt: Innti

Grúpa filí óga ba ea Innti a chuir iris amach agus a chuaigh ar fud na tíre ag léamh a gcuid saothair. Ba é Rosenstock an chéad duine de ghlúin Innti a chuir leabhar amach: Suzanne sa seomra folctha (1973).

Chaith sé seal ag obair leis an tsraith theilifíse `Anois is Arís' ar RTÉ, agus tamall leis an nuachtán Anois. Chaith sé formhór a shaoil sa Ghúm; nuair nach bhfuair sé ardú céime ar bith ann chinn sé ar éirí sé as chun dul i mbun pinn go lánaimseartha.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar Poetry Ireland / Éigse Éireann agus ina Shealbhóir Ginealaigh le Celtic Buddhism.

Bhí baint lárnach aige leis an bhféile litríochta IMRAM. Bhí ballraíocht shaoil aige i gCumann na nAistritheoirí agus na dTeangairí. Ba bhall d'Aosdána é freisin.

Bhí an-cháil air as éagsúlacht agus fairsinge na bhfoinsí ar tharraing sé orthu sna seánraí go léir a chleacht sé agus bhí suim go háirithe aige i bhfealsúnacht, litríocht agus creideamh an oirthir. I ráiteas a chuir a mhuintir amach, dúradh gur “file idirnáisiúnta” ab ea é a chuir cuid de mhórscríbhneoirí an domhan faoi bhráid léitheoirí na Gaeilge. Dúradh gur chreid sé i gcumas na filíochta droichid a thógáil idir cultúir éagsúla.[2]

Níos déanaí bhí sé faoi gheasa ag an domhan mistiúil. Chuir sé spéis ar leith i gcultúr agus fealsúnacht India, na Seapáine agus an ChianOirthir i gcoitinne.[7]

Bhuail ailse putóige Gabriel Rosenstock timpeall 2019/2020, agus ansin d'fhulaing sé seipsis ; ba bheag nár mharaigh an tinneas é.

Labhair sé in 2026 leis an Irish Independent agus le Raidió na Gaeltachta - ag caint lena mhac an craoltóir Tristan ar an gclár "An fear nár saolaíodh riamh"[8] - faoin ailse mheiteastáiseach a bhí tar éis scaipeadh, faoin leigheas nach raibh ag feidhmiú a thuilleadh, agus faoina nglacadh a bhí aige roimh an mbás.[1]

Cailleadh é ar 6 Aibreán 2026. Labhair sé go misniúil le Nuacht TG4 cúpla lá sular cailleadh é, ag breathnú siar ar a shaol agus chun cinn chun na síoraíochta. Bhí sé i mbun dialainne faoina thréimhse leis an tinneas agus a dhearcadh ina leith.

Maireann a bhean Eithne agus a gclann. Is nia leis Mario Rosenstock, agus ball den chúigréad traidisiúnta Téada is ea a mhac Tristan Rosenstock, láithreoir ar TG4, RTÉ agus RnaG.

B'iomaí duais liteartha a bhí bronnta air: sparántachtaí ón gComhairle Ealaíon agus an Irish-American Cultural Foundation Award mar shampla.

Rinne Hans-Christian Oeser aistriúchán dílis ar fhilíocht Ghabriel go Gearmáinis, saothar a thuill ardmholadh, Ein Archivar großer Taten: Ausgewählte Gedichte (2007).

Bhronn Uachtarán Phoblacht Ioslamach na Pacastáine an bonn Tamgha-I-Khidmat air sa bhliain 2009.

In 2019 reáchtáladh oíche mhór cheoil agus litríochta in onóir Gabriel Rosenstock, 'Ba Sheachtópas mé inné', agus aois 70 bliain slánaithe aige, agus é i lár an aonaigh ag an am.[9]

Rogha foilseachán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1994 foilsíodh Rogha Rosenstock, ina raibh dánta as 10 gcnuasach leis. Sa réamhrá a chuir an scoláire Robert Welch leis an mbailiúchán Rogha Dánta/Selected Poems in 2005, dúirt sé gur “filíocht dhomhanda” a bhí i saothar Rosenstock a chuir béim ar théamaí uilíocha agus go raibh sé ar dhuine de “de na filí is tuisceanaí dár linn”.

Tugann an leabhar taistil Ólann mo Mhiúil as an nGainséis (Cló Iar-Chonnachta, 2003)[10][11] agus an chín lae idirghníomhach Dialann Anama (2007)[12] an-léiriú ar éirim an fhile ó thaobh creidimh, intleachta, fealsúnachta agus daonnachta.

Filíocht i nGaeilge agus eagráin dhátheangacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Susanne sa seomra folctha. Clódhanna 1973
  • Méaram. An Clóchomhar 1981
  • Om. An Clóchomhar 1983
  • Nihil Obstat. Coiscéim, 1984
  • Migmars. Ababúna, 1985
  • Rún na gCaisleán. Taibhse, 1986
  • Portrait of the Artist as an Abominable Snowman, Forest Books 1989, Domhan Books 2000[13][14]
  • Oráistí. Rogha dánta agus dánta nua. Cló Iar-Chonnachta, 1991
  • Ní mian léi an fhilíocht níos mó. Cló Iar-Chonnachta, 1993[15]
  • Rogha Rosenstock. Cló Iar-Chonnachta, 1994
  • Syójó. Cló Iar-Chonnachta, 2001
  • Eachtraí Krishnamurphy. Coiscéim, 2003
  • Forgotten Whispers / Cogair dhearúdta. 2003. (téacs dhátheangach, haiku agus grianghraif, i gcomhar le le John Minihan)
  • Krishnamurphy Ambaist. Coiscéim, 2004
  • Hymn to the Earth. The Silverstrand Press, 2004. (Dánta móide grianghraif le Ron Rosenstock)
  • Rogha Dánta/ Selected Poems, aistrithe ag Paddy Bushe: CIC, 2005
  • I met a man: luminous lines concerning real people from real places, Doghouse, 2005[16]
  • Bliain an Bhandé / Year of the Goddess. [téacs dátheangach] Dedalus Press 2007
  • Tuairiscíonn Krishnamurphy ó Bagdhad, Coiscéim, 2007
  • Guthanna Beannaithe an Domhain, Coiscéim, 2008
  • Margadh na Míol in Valparaíso / The Flea Market in Valparaíso (rogha dánta agus dánta nua) CIC 2014
  • Cuach ó Aois Eile ag Glaoch. Coiscéim, 2014
  • Sasquatch. Arlen House, 2014 (eagrán nua ó Alba Publishing 2018)
  • Orpheus in the underpass, Onslaught Press, 2017
  • Glengower: Poems for no one in Irish and English, Onslaught Press 2018[17]
  • Faoi Scáil Gheal na hIndia, Comhar 2025. ISBN 978-1-7395129-8-9[18]

Aistriúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Gabriel Rosenstock ar dhuine de na haistritheoirí Gaeilge ba chumasaí lena linn. Tá cáil ar mar aistritheoir, agus saothar le Seamus Heaney, Georg Trakl, Günter Grass, Peter Huchel, Ko Un, K. Satchidanandan, Rabindranath Tagore, Hilde Domin agus Samuel Beckett agus go leor eile aistrithe aige.

D’aistrigh sé go Gaeilge cuid de shraitheanna iomráiteacha Tintin agus Asterix agus chuir sé Gaeilge ar The Gruffalo.

D’aistrigh sé saothar le go leor amhránaithe don bhféile litríochta Imram, ina measc Leonard Cohen, Bob Dylan agus Joni Mitchell.

  • Crann almóinní milis agus searbh: rogha dánta (Coiscéim, 2006) [aistriúchán ar Bittersüsser Mandelbaum: ausgewählte Gedichte le Hilde Domin]
  • Agallamh an tseanóra lena anam: dánta (Coiscéim, 2007) [aistriúchán ar Der alte Mann spricht mit seiner Seele le Günter Kunert]
  • An tAonú Aithne déag: rogha dánta (Coiscéim, 2008) [aistriúchán ar Das elfte Gebot: ausgewählte Gedichte le Michael Krüger]
  • An tOllamh Folamh (Cois Life, 2009). Thugas an ghealach ag siúl (An Gúm, 2007) [aistriúchán ar I took the Moon for a Walk le Carolyn Curtis]
  • Na daoine dalla: saorchóiriú ar scéal béaloidis (An Gúm, 2007)
  • Clann na nÉan: úrscéal gairid do dhéagóirí (Comhar Teoranta, 2005)
  • Scuabtha chun siúil (An Gúm, 2002) [aistriúchán ar Room on the Broom le Julia Donaldson]

Rinne sé forbairt mhór sa Ghaeilge ar fhoirmeacha amhail an haiku agus an tanka agus d’oibrigh sé in éineacht le grianghrafadóirí ar nós Ron Rosenstock, Jason Symes agus Debiprasad Mukherjee ar fhorbairt an tseánra nua, an fóta-haiku.

  • Antlered Stag of Dawn, The Onslaught Press, Oxford 2015. Haiku i nGaeilge móide leaganacha Béarla, Béarla na hAlban agus Seapáinise[20]
  • Chogyam Trungpa: One Hundred Haiku, agus leaganacha Béarla agus Seapáinise. Amazon Kindle, 2014
  • EVERY NIGHT I SEND YOU FLOWERS, Tanka in response to the art of Odilon Redon, bilingual. Cross-Cultural Communications, New York (ebook) 2020
  • The Road to Corrymore / Bóthar an Choire Mhóir, Ekphrastic Dátheangach. Cross-Cultural Communications, New York (ebook) 2021
  • Rún na Rún / Secret Of Secrets, tanka dátheangach, Cross-Cultural Communications 2021 [21]
  • Drops of Water, haiku in Béarla, Gaeilge agus Scots, Buttonhook 2023 => ríomhleabhar

Scríobh Rosenstock drámaí chomh maith le hailt nuachtáin (mar sh Tuairisc.ie) agus go leor eile.

Rinne Hans-Christian Oeser aistriúchán dílis ar fhilíocht Ghabriel go Gearmáinis, saothar a thuill ardmholadh, Ein Archivar großer Taten: Ausgewählte Gedichte (2007). Bhronn Uachtarán Phoblacht Ioslamach na Pacastáine an bonn Tamgha-I-Khidmat air sa bhliain 2009.

Molscéal: 'Ba Sheachtópas mé inné' - Oíche mhór cheoil agus litríochtasa bhliain 2019 in onóir Gabriel Rosenstock, agus aois 70 bliain slánaithe aige, agus é i lár an aonaigh i gcónaí.[9]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2026-04-06). "An file Gabriel Rosenstock básaithe" (as ga-IE).
  2. 1 2 "Gabriel Rosenstock, duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge agus file ‘idirnáisiúnta’, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-04-06). Dáta rochtana: 2026-04-06.
  3. "I gcuimhne ar Gabriel Rosenstock: ‘Thug sé an domhan mór isteach sa Ghaeilge’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-04-10). Dáta rochtana: 2026-04-11.
  4. CIC. "Gabriel Rosenstock | Cló Iar-Chonnacht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2026-04-06.
  5. "Gabriel Rosenstock - Aosdána" (en-US). Aosdána. Dáta rochtana: 2025-10-24.
  6. "Gabriel Rosenstock" (ga). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2025-10-24.
  7. Barry Egan (2026-03-29). "‘Writing allows me to face what is happening now. And what is happening now is that I’m dying’" (en). www.independent.ie. Dáta rochtana: 2026-04-06.
  8. 1 2 RnaG (6 Aibreán 2026). "Gabriel Rosenstock - An fear nár saolaíodh riamh. Machnamh ar an mbeatha agus ar an mbás le duine de mhórfhilí na hÉireann." (ga-IE). Agus é ag dul i ngleic le ceithre cinn d’ailsí, bheartaigh an file agus smaointeoir Gabriel Rosenstock dialann ailse a choinneáil inar bhreac sé síos smaointe fánacha a rith leis faoin mbeatha agus faoin mbás. Sa chlár faisnéise seo, cloisimid sleachta ón dialann sin, agus tugann Rosenstock a léargas sainiúil féin dúinn ar an méid atá foghlamtha aige ón ngalar míthrócaireach sin.. Dáta rochtana: 2026-04-06.
  9. 1 2 Molscéal. "Gabriel Rosenstock 70" (en). Foghlaim TG4. Dáta rochtana: 2025-10-24.
  10. Gabriel Rosenstock (EAGRÁN 13 · BEALTAINE 2002). "Ólann mo Mhiúil as an nGainséis" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2026-04-06.
  11. Gaelchultúr Teoranta (2012-06-05). "ClubLeabhar.com - Agallamh le Gabriel Rosenstock - Ólann mo Mhiúil as an nGainséis".
  12. Dialann anama: dialann idirghníomhach agus ábhar machnaimh le haghaidh 52 seachtain (Coiscéim, 2007)
  13. Michael Hartnett a d'aistrigh na dánta roghnaithe ón nGaeilge, agus Jason Sommer a d'aistrigh na dánta nua. Tá an teideal féin thar a bheith tarraingteach - tagairt shoiléir ann do shaothar cáiliúil James Joyce, "A Portrait of the Artist as a Young Man", ach le casadh greannmhar (an Yeti). Baineann an leabhar le téamaí mar: Féiniúlacht an ealaíontóra / An deoraíocht nó an t-eachtrannacht / An nasc idir an nádúr agus an cruthaitheacht / Spioradáltacht agus macnamh Léiríonn an saothar seo raon leathan oibre Rosenstock - cé go bhfuil cáil air as a chuid scríbhneoireachta Gaeilge, scríobhann sé i mBéarla uaireanta.
  14. Gabriel Rosenstock, Michael Hartnett (1989). "Portrait of the artist as an abominable snowman: selected poems ... and new poems: [Partly transl. from the Irish]". London u.a: Forest Books.
  15. "Ni Mian léi an Fhilíocht Níos Mó | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-10-24.
  16. OpenLibrary.org. "I met a man by Gabriel Rosenstock | Open Library" (ga). Open Library. Dáta rochtana: 2025-10-24.
  17. "Gabriel Rosenstock’s Glengower: Poems for No one in Irish and English | Poetry Ireland". www.poetryireland.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-08-06. Dáta rochtana: 2025-10-24.
  18. "Faoi Scáil Gheal na hIndia | Litríocht" (en-US). Dáta rochtana: 2026-04-06.
  19. 1 2 Pól Ó Muirí (23 Deireadh Fómhair 2025). "Is mór is fiú seal a chaitheamh i nDánlann Gabriel Rosenstock" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-24.
  20. "Antlered Stag of Dawn". evertype.com. Dáta rochtana: 2025-10-24.
  21. "Secret Of Secrets Def" (en). calameo.com. Dáta rochtana: 2025-10-24.