Fear Flatha Ó Gnímh
Fear Flatha Ó Gnímh | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | thart ar 1540 |
Bás | thart ar 1640 |
Oideachas | |
Teangacha | an Ghaeilge |
Gairm | |
Gairm | file |
File ba ea Fear Flatha Ó Gnímh (roimh 1602 - c. 1640) agus is dócha gur le tuaisceart Aontroma a bhain sé. Fuair "Ferflatha Ogneiffe" pardún sa bhliain 1602 agus is cosúil gurb é an fear céanna atá i gceist.
Bhí Fear Flatha ina fhile ag Uí Néill Chloinne Aodha Buí agus d'fhág sé a lán dánta ina dhiaidh. Chum sé an ceann is déanaí acu uair éigin i ndiaidh na bliana 1638. Tá timpeall dhá cheann déag dá dhánta foilsithe.
Chonaic Fear Flatha an seansaol ag titim as a chéile agus a leithéidí féin ag cailleadh a seanghradaim. Sa dá cheathrú seo a leanas (cuid de dhán níos faide) luann sé muintir Dhálaigh agus muintir Uiginn, dhá dhream a chleacht ceird na filíochta riamh. (Ba ghnách do na filí a saothar a chumadh agus iad sínte ar leaba i mbothán.)
- Ní clos scolaighe, scéal tinn,
- d'Íbh Dhálaigh ná d'fhuil Uiginn;
- ag túr lighe i leabthaibh both,
- dá n-ealtain fhine eolach...
- Tug fógra dhámh an domhain
- is col d'fhágáil d'ealadhain
- fuil chrannda dá cora i gcion
- 's na fola arda íseal.[1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ De Brún (1975), lgh 1 - 2
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.
- Ó Donnchadha, T. (1931). Leabhar Cloinne Aodha Buidhe. Baile Átha Cliath.