Dáibhí Ó Bruadair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDáibhí Ó Bruadair
Beathaisnéis
Breith1625
Barraigh Mhóra Cuir in eagar ar Wikidata
BásEanáir 1698
72/73 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois
TeangachaAn Ghaeilge

Bhí Dáibhí Ó Bruadair (c. 1625 - 1698) ar dhuine de na filí Gaeilge ba shuntasaí de chuid an 17ú haois.[1] Scríobh sé dánta pearsanta agus dánta eile a chuir síos ar staid na tíre lena linn. Tá siad siúd ina bhfoinse tábhachtach eolais ar Éirinn ó aimsir Cromail amach, go háirithe i rith na tréimhse 1682 - 1691.

Tá fianaise ann (i lámhscríbhinn dar dáta 1793) gurbh ó Chnoc Rátha i mBarrachaibh Móra in oirthear Chorcaí dó, cé gur ar an gClaonghlais i gContae Luimnigh is mó a bhí cónaí air. Is dócha go raibh a mhuintir ina suí go te agus gur tugadh scolaíocht mhaith dó. Bhí Laidin aige agus is minic a scríobhadh sé míniúchán Béarla le hais a dhánta. Bhí an-spéis i gcúrsaí ginealaigh agus staire aige.

Lena gceantar féin a bhaineann na dánta is túisce atá againn uaidh, agus is cosúil gur timpeall na bliana 1660 a bhain sé Luimneach amach den chéad uair. Théadh sé ar ais go Corcaigh ó am go chéile, agus sa chontae sin is mó a rinneadh cóipeanna dá shaothar. Bhí cuid d'uaisle Chorcaí, Chiarraí agus Luinmigh ina bpátrúin aige, agus chum sé dánta do Ghearaltaigh agus do Bhúrcaigh Luimnigh go háirithe.

Tháinig bochtanas air timpeall na bliana 1674. Ba í sin tús na tréimhse inar chum sé an chuid is fearr dá shaothar, ag cur síos ar a dhoch-chás féin agus ar an dímheas a bhí ar lucht léinn sa saol nua.

A shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí máistreacht ag Ó Bruadair ar shean-mheadrachtaí na scol agus ar na meadarachtaí aiceanta, agus as na cinn aiceanta is mó a bhain sé feidhm. Is cuid suntais í a chuid filíochta ar a fuinneamh, ar a déine, ar fhaobhar a friotail agus ar a greann garbh searbh. Tá éagsúlacht neamhchoitianta ag baint lena shaothar - marbhnaí, aoir, dánta cráifeacha agus dánta pósta. Ar na marbhnaí atá curtha ina leith tá Truagh liom gol deise go dian, caoineadh ar chailín de Ghearaltach:

Truagh liom gol deise go dian
ar th’uaigh, a shoicheallach shámh;
gach maidean is muirt im shuan
nuall ghuirt na lagbhan lán.
Go hailcneadh an fheartáin úd
leachtán lér loiteadh an ród,
acht a ngníomh níor mhuidh do mhéad,
a ghéag do líon fuil san bhfód….

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]