Brian Mac Giolla Phádraig
Brian Mac Giolla Phádraig | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | 1580s |
Bás | 1650s |
Oideachas | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Gairm | |
Gairm | údar agus file |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
File agus sagart ba ea Brian Mac Giolla Phádraig (c. 1580 - c. 1652). Ba de shliocht uasal é, ó ba é a sheanathair, Brian, céad Bharún Osraí.
I gCúlchoill in aice le Darú i Laois a bhí a mhuintir ina gcónaí, b'fhéidir. Rinneadh sagart de sa bhliain 1610, agus d'fhág sé Éire i dtús na bliana 1615, ach bhí sé ar ais sa bhaile timpeall dheireadh na bliana 1617. Ceapadh é ina bhiocáire ginearálta agus ina bhiocáire aspalda timpeall na bliana 1651. Ansin, áfach, d'imir baicle de Chromailigh anbhás air, agus fágadh a cheann in airde ar chuaille.
A shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá teacht ar ocht gcinn dá dhánta go fóill. Dán fada is ea Saltair na Rann (1,276 de línte ann - Do-ghéan dán do naomhaibh Dé) agus dánta gearra an chuid eile.
Scríobh sé lámhscríbhinní nach bhfuil fáil anois orthu. Rinne sé cóip den Leabhar Branach i mBaile an Chaisleáin i Laois sa bhliain 1622, agus is cosúil gur scríobh sé lámhscríbhinn eile i gCoill an Bharda i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1645.
Níl friotal an fhile gan ghéire:
- Ábhar deargtha leacan do mhnaoi Chuinn é
- táir is tarcaisne a thabhairt dá saorchlainn féin,
- grá a hanama is altram a cíoch cruinn caomh
- do thál at bhastard nach feadair cé díobh puinn é...
Léigh freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Mhág Craith, C.. 'Brian Mac Giolla Phádraig,' Celtica 4 (1958), lgh 103-205.
- De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.