Aodh Mac Cathmhaoil
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Aodh Mac Aingil |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1571 Sabhall, Northern Ireland |
Bás | 22 Meán Fómhair 1626 54/55 bliana d'aois an Róimh |
Ard-Easpag Caitliceach Ard Mhacha | |
7 Meitheamh 1626 – 22 Meán Fómhair 1626 ← Peter Lombard (en) – Hugh O'Reilly (en) → Deoise: Ard-Deoise Ard Mhacha | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus Caitliceachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Salamanca |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, múinteoir ollscoile, sagart Caitliceach, diagaire |
Fostóir | Ollscoil Salamanca |
Teangacha | An Ghaeilge |
Ord crábhaidh | Ord na mBráthar Mionúr |
Coisreacan | Gabriel Trejo Paniagua |
Diagaire Proinsiasach ba ea Aodh Mac Cathmhaoil (c. 1571 - 22 Meán Fómhair 1626) a ceapadh mar Phríomháidh na hÉireann. Thugtaí Aodh Mac Aingil air i Lováin agus sa Laidin ba ghnách leis ‘Hugo Cavellus’ a thabhairt air féin[1].
‘Níl amhras ar bith ná go raibh sé ar an diagaire ba mhó a mhair in Eoraip a linne’, a scríobh Noel Ó Gallchóir[2].
I Sabhall i gContae an Dúin a saolaíodh é agus fuair sé bás ar an Mór-Roinn.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair sé scolaíocht i nDún Pádraig agus in Oileán Mhanann, agus bhí sé ina chomhairleoir ag Aodh Ó Néill agus ina oide ag Anraoi agus ag Aodh, mic Uí Néill. Cuireadh é chun Cúirt na Spáinne i dteannta duine acu chun cabhair a iarraidh ar son Uí Néill. I Salamanca a bhí an chúirt, agus bhain Mac Cathmhaoil céim Dhochtúir Diagachta amach san ollscoil ann. Chuaigh sé isteach in ord San Proinsias sa bhliain 1603.
Chaith sé seal in Ollscoil Salamanca ina léachtóir, agus tháinig ardmheas air mar dhiagaire. Bhí cairde sa chúirt aige agus ba mhór an cúnamh é sin chun Coláiste Proinsiasach San Antaine a bunú i Lováin ar son na nGael. Ceapadh Mac Cathmhaoil féin mar uachtarán agus mar léachtóir sa choláiste.
Ansin thug an Pápa chun na Róimhe é chun a bheith ina léachtóir i gClochar Santa Maria in Aracoeli, agus rinne sé obair eile don Phápa. Thug sé an-lámh chúnta do Lucás Uaidín (nó Luke Wadding) chun coláistí Ludovisi agus San Iseadór a bhunú do na hÉireannaigh.
Ar 17 Márta 1625 thogh an Pápa Urban VIII thar a lán daoine eile é mar Ardeaspag Ard Mhacha. Coisriceadh é in Eaglais San Iseadór ar 7 Meitheamh 1625, in éineacht le Tomás Breatnach, Ardeaspag Chaiseal Mumhan. An Cairdinéal Gabriel de Trejo, fear a raibh bá aige le hÉirinn, a rinne an coisricean.
D'fhág diantréanas agus diansaothar Mhic Chathmhaoil in easláinte é. Ba mhinic ar a chéalacan agus ag paidreoireacht é, agus théadh sé ar cuairt chun cúigí an oird de shiúl a chos. Nuair a bhí sé ag fáil faoi réir le dul go dtí Éire, tháinig fiabhras air agus cailleadh é.
Cuireadh é in Eaglais San Iseadór, áit ar thóg Seán Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, leacht os cionn a uaighe.
A shaothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saothair Ghaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh Mac Cathmhaoil ceithre dhán Nollag i nGaeilge, agus Scáthán Shacramuinte na hAthridhe, leabhar próis a tháinig ó chlóphreas Choláiste San Antaine i Lováin sa bhliain 1618. Ar na dánta Nollag úd tá An Naí Naomh:
- Do-bhéar uisce liom go moch,
- scuabfad urlár bocht Mhic Dé,
- do-ghéan tine san anam fhuar
- 's tréigfead tré dhúthracht mo chorp chlaon.
- Nighfead a bhochtbhréide dhó,
- is dá dtuga, a ógh, cead damh,
- mo cheirt féin do bhainfinn díom
- dá cur mar dhíon ar do mhac….
Saothair Laidine
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Apologia pro Johanne Duns-Scoto chosain Mac Cathmhaoil, mar Phroinsiasach, Duns Scotus, diagaí agus fealsúnaí mór meánaoiseach, ar an ionsaí a rinne beirt Doiminiceach, agus mhaígh gurbh Éireannach é Scotus.
Ag seo liosta dá leabhair eile:
- Scoti Commentaria in quatuor libros Sententiarum (dhá iml., fóiló, Antwerp 1620). Tá beatha Scotus mar réamhchuid leis.
- Scoti Commentaria seu Reportata Parisiensia
- Apologiam pro eodum vindicando ab injuriis allatis per Abrahamum Bzovium (q.d.)
- Apologiam Apologiae supradictae pro Johanne Scoto Scriptae, in respondet Nicolao Jansenio Belgae Ord. Praedicatorum, Abrahami Bzovii partes suscipienti, no sine gravi Scoti et regni Hiberniae injuria. Prodiit Parisiis sub nomine Hugonis Magnesii discipuli Cavelli apud Michaelum Sonnium, anno 1623 (Páras 1623)
- Quæstiones quodilibetales
- Quæstiones in libros de anima
- Quaestiones in Metaphysicam &c (An Veinéis 1625)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 1975
- Ó Cléirigh, Tomás. Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaedhilge i Lobháin. Baile Átha Cliath: An Gúm 1936; 1985.
- Ó Maonaigh, Cainneach (eag.). Scáthán Shacramuinte na hAithridhe, Institúid Ardléinn, DIAS 1952 1952.
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Brian Mac Giolla Phádraig
- Dáibhí Ó Bruadair
- Fear Flatha Ó Gnímh
- Giolla Brighde Ó hEódhasa
- Pádraig Ó Duincín
- Piaras Feiritéar
- Seathrún Céitinn
- Tadhg Óg Ó Cianáin
- Uilliam Nuinseann
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ainm.ie. "Aodh Mac Cathmhaoil". Dáta rochtana: 22 M.F. 2018.
- ↑ ainm.ie. "Aodh Mac Cathmhaoil". Dáta rochtana: 22 M.F. 2018.