Uilliam Nuinseann
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1550 (Ghréagóra) |
Bás | 1625 74/75 bliana d'aois |
File ba ea Uilliam Nuinseann (1550 - 30 Meitheamh 1625) agus mac do Risteard Nuinseann, an t-ochtú Barún Dealbhna. Bhí sé ar dhuine de na Sean-Ghaill úd a raibh baint acu le dhá dhúchas.
Bhí sé ag déanamh léinn in Ollscoil Oxford sa bhliain 1571 agus é bliain is fiche d'aois. Ba é a dheartháir Criostóir Nuinseann, an naoú Barún, a scríobh príméar Gaeilge d'Éilís I, banríon Shasana. Bhí Uilliam pósta le Janet Marward, iníon le Walter Marward, Barún Scríne, agus sa bhliain 1580 bhí sé páirteach i gceannairc Bhealach Conglais. Nuair a cuireadh comhcheilg ina leith, siúd ó thuaidh go dtí Torlach Luineach Ó Néill agus go dtí Mag Uidhir é. Ina dhiaidh sin thug sé a aghaidh ar Albain agus ar an mór-roinn. Tugadh pardún dó nuair a d'fhill sé abhaile sa bhliain 1584.
A shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chum Uilliam Nuinseann roinnt filíochta Gaeilge, agus is léir go raibh sé oilte go maith uirthi. Deirtear gur scríobh sé filíocht Bhéarla freisin. Bhí sé mór le Giolla Brighde Ó hEódhasa, sagart agus file nótálta a cailleadh i Lováin. Sa dán Triall ó Dhealbhna cuireann sé in iúl an t-uaigneas atá air agus é ar a choimeád:
- Dá bhfaomhadh Dia dhamh tar mh'ais
- rochtain dom dhomhan dúthchais,
- ó Ghallaibh ní ghéabhainn dol
- go clannaibh séaghainn Sacsan.
- Dá mbeith nár baoghal muire
- fágbháil leasa Laoghhaire,
- mo mheanma siar ní séanta -
- triall ó Dhealbhna is dodhéanta...
Léigh freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ua Brádaigh, T. (1965). 'Na Nuinsionnaigh, mór-theaghlach Gall-Ghaelach, agus an cultúr Gaelach,' Ríocht na Midhe 3, 211-21, lgh 215-19.
- De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.