Michael Davitt (file)
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 20 Aibreán 1950 |
| Bás | 19 Meitheamh 2005 55 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Filíocht |
| Gairm | iriseoir, file |
| Ball de | |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Aithnítear Michael Davitt[1] mar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge sa 20ú haois (a rugadh i gCorcaigh ar 20 Aibreán 1950 agus a fuair bás ar 19 Meitheamh 2005).[2][3][4]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Davitt chuig Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Bhunaigh agus d'eagraigh sé an iris filíochta Innti.
Sna 1980idí agus 1990idí, d'oibrigh Davitt le RTÉ mar thuairisceoir agus láithreoir. In 1990, thug sé cead don fhoireann "Cúrsaí" dhá chlár a dhéanamh; ceann faoin malartú idir ceoltóirí na hÉireann agus an Chóiré Thuaidh, agus ceann ag déanamh cur síos ar státchóras na tíre. Níl sé ró-shoiléir cén chaoi ar cuireadh tús leis an gclár, ach bhí ról lárnach ag ceannaire an IRA Oifigiúil, Seán Garland, leis [5]

Chaith Davitt fuinneamh mar bhainisteoir in Gael Linn agus an fhéile ealaíne Slógadh, Amharclann Damer, campaí samhraidh do dhaoine óga agus eisiúint cheirníní ina chúram. Phós sé Máire Nic Fhinn, cainteoir dúchais ó Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, sa bhliain 1975, agus rugadh mac agus beirt iníonacha dóibh.[3]
D'imigh an lánúin ó chéile sna 1990idí agus chuir sé faoi i mBré lena phairtnéir Moira Sweeney, ealaíontóir. Chaith siad beirt cúpla bliain ina gcónaí i nGascúin na Fraince. Nuair a tháinig siad ar ais go hÉirinn bhí socair acu gur faoin tuaith i gContae Shligigh a chuirfidís fúthu.[3]
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deir ainm.ie "Fear seoigh ba ea é agus chuireadh dánta áirithe leis na sluaite ag gáirí. Ach b’fhéidir go raibh lionndubh os cionn an gháire aige".[4]
Sna 1970idí, bhí Davitt ag obair mar theagascóir sna campaí samhraidh de chuid Gael Linn. Níos déanaí, ciontaíodh Davitt as mí-úsáid gnéisa tharla sna 1970idí.[6] I bhfad níos déanaí, tuairiscíodh go ndearna sé ciapadh ar Bhláthnaid Ní Chofaigh nuair a thosaigh sí ag obair in RTÉ mar thuairisceoir óg (bhí sí ag obair ar le Davitt, SBB, Rónán Mac Aodha Bhuí agus Art Ó Briain ar "Scaoil Amach an Bobailín" ag an am).[7]
Rug an bás go tobann ar Davitt agus é amuigh ag siúl i gContae Shligigh ar an 19 Meitheamh 2005. Bhí fadhb ólacháin ag cur air sna 2000idí.[3]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1994, bhronn An Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach Duais an Bhuitléaraigh ar Davitt.
Bhí Davittt ina bhall d'Aosdána.
- Dánta 1966-1998 (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2004)
- Seimeing Soir (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2004)
- Fardoras (Gallimh: Cló Iar-Chonnachta Teo, 1998)
- Freacnairc Mhearcair/The Oomph of Quicksilver (Cork: Cork University Press, 2000)
- Scuais (Gallimh: Cló Iar-Chonnachta Teo, 1998)
- An Tost a Scagadh (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1993)
- Selected Poems/Rogha Dánta 1968-1984 (Dublin: Raven Arts Press, 1987)
- Bligeard Sráide (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1983)
- Gleann ar Ghleann (Baile Átha Cliath: Sáirséal · Ó Marcaigh, 1982)
- Sruth na Maoile Michael Davitt & Iain Mac Dhomhnaill a bhailigh. (Canongate / Coiscéim 1993)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Domhnall Ó Lubhlaí, oideachasóir agus péidifileach
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Clár RTE Raidió 1, “Scríbhneoirí Faoi Chaibidil 2008” (ábhar pléite)
- Lyrikline.org - Taifeadadh, "Ó mo Bheirt Phailistíneach"
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Mícheál Davitt
- ↑ dib.ie. "Michael Davitt". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “DAVITT, Michael Seosamh (1950–2005) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ 4.0 4.1 "DAVITT, Michael Seosamh (1950–2005)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2025-04-06.
- ↑ Bill Breathnach (2024-12-18). "Cynthia Ní Mhurchú ag amharc siar ar an turas oibre go dtí an tír is rúnda ar domhan" (ga-IE). www.independent.ie. Dáta rochtana: 2025-04-06.
- ↑ THE man who sexually harassed RTE presenter Blathnaid Ni Chofaigh as a teenage reporter was the convicted paedophile poet Michael Davitt, the Irish Daily Mail can reveal.. "Blathnaids tormentor was poet with abuse conviction" (en). article.wn.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-22. Dáta rochtana: 2019-06-22.
- ↑ "TV host reveals sex harassment trauma" (en). Irish Independent (2008-01-15). Dáta rochtana: 2025-04-06.