Innti

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesInnti
Cineáliris liteartha
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1970 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Príomhábharfilíocht Éirinneach
EagarthóirMichael Davitt Cuir in eagar ar Wikidata

Iris filíochta Gaeilge ab ea Innti, ina raibh véarsaíocht, aistí critice agus léirmheasanna.

Gluaiseacht liteartha a bhí ann chomh maith, bunaithe ag Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, Michael Davitt, Gabriel Rosenstock srl.

Déantar tagairt dóibh go minic mar an grúpa Innti, a raibh an tiomantas céanna acu d'athnuachan fhilíochta na Gaeilge ó fhoinsí éagsúla chultúr sna 1960idí agus 1970idí.

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Gabriel Rosenstock

Gluaiseacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díreach ar nós Sheáin Uí Ríordáin rompu, bhí filí Innti ag iarraidh talamh nua a bhriseadh. Bhí dúil acu in beat poets Meiriceánacha mar Jack Kerouac agus Allen Ginsberg agus fiú amháin in amhránaithe mar Bob Dylan. Theastaigh uathu an fhilíocht a thabhairt amach as an leabharlann agus an seomra staidéir. Ba mhinic iad ag léamh a gcuid dánta ag ócáidí poiblí agus slua mór daoine i láthair.[1]

Iris[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an iris Innti i Márta 1970 mar mhórbhileog filíochta ag mic léinn UCC, agus athbhunaíodh é mar iris sa bhliain 1980 ag Michael Davitt, ceann de na chomh-bhunaitheoirí.

Chabhraigh an iris le haird an phobail a tharraingt ar obair scata fhilí óga a raibh baint acu leis an ollscoil.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie / Antain Mac Lochlainn, Siuán Ní Mhaonaigh (2019). "Dúchas / Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1)". Dáta rochtana: 2024.