Jump to content

Liam Ó Muirthile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Ó Muirthile
Beathaisnéis
Breith15 Samhain 1950
Bás18 Bealtaine 2018
67 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File, iriseoir agus scríbhneoir ab ea Liam Ó Muirthile (15 Samhain 195018 Bealtaine 2018).[1][2] Mar fhile is mó a thuill an Muirthealach cáil agus bhí sé go mór sa treis sa ghrúpa filíochta INNTI le linn dó a bheith ag freastal ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh.[3]

Ba é an chéad duine de naonúr clainne é. D'fhreastail an Muirthealach ar scoil i gCorcaigh ag Clochar na Toirbhirte, ag Scoil Chríost Rí agus ag Coláiste Chríost Rí. Sa bhliain 1968 chuaigh sé chun Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ar scoláireacht ón mBardas. Bhain céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis.[4] Chaith sé tréimhsí sa Fhrainc le linn a chúrsa ollscoile.

Corcaigh agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Bhí an Muirthealach ag saothrú na Gaeilge óna óige amach. Thugadh sé cuairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ón am a raibh sé ar an meánscoil, agus tháinig sé faoi anáil an Ríordánaigh agus an Riadaigh, a bhí i mbarr a réime san Ollscoil ag an am. Bhí aithne aige freisin ar Sheán Ó Tuama, arbh é an tOllamh le Gaeilge é. Bhí sé féin, Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill agus Gabriel Rosenstock ag gabháil don Ghaeilge in éineacht an tráth sin agus baint acu leis an iris filíochta Innti.[2]

Bhain Ó Muirthile Baile Átha Cliath amach sa bhliain 1972. Bhí sé ag obair i nGael-Linn ar feadh tamaill agus fuair sé post in RTÉ go luath ina dhiaidh sin.

Bhí sé ar fhoireann lánaimseartha na Nuachta ó 1973 go dtí 1991, ag obair ar an raidió agus ar an teilifís.

Ba bhall de Aosdána Ó Muirthile agus bhí cónaí air i mBaile Átha Cliath.

Fuair an Muirthealach bás ar an 18 Bealtaine 2018. Tá sé curtha i Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne, Corcaigh.

Scríbhneoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh an Muirthealach as a phost in RTÉ sa bhliain 1991 chun breis ama a chaitheamh ag scríobh. Scríbhneoir lánaimseartha agus saoririseoir é ó shin. Bhíodh colún seachtainiúil Gaeilge aige in The Irish Times ó 1989 go 2003.[2]

Ba é Tine Chnámh a chéad chnuasach filíochta agus ghnóthaigh sé Duais an Ríordánaigh san Oireachtas. Bronnadh duais an Fhorais Ghael-Mheiriceánaigh air sa bhliain 1984, Gradam an Bhuitléaraigh (1996), Gradam Chló Iar-Chonnacht (2000) agus Duais na Comhairle Ealaíon (2001). Tá dlúthdhiosca den fhile ag léamh i dteannta an chnuasaigh Sanas (2007).

Tá a lán drámaí scríofa ag Ó Muirthile. Léirigh Amharclann de hÍde a dhráma Tine Chnámh i mBaile Átha Cliath i 1993, Fear an Tae in Amharclann Lána Aindriú i mBaile Átha Cliath i 1995 agus Liodán na hAbhann sa bhliain 2000. Ghnóthaigh an t-úrscéal Ar Bhruach na Laoi duais Oireachtais 1995.

Foilsíodh "Camino de Santiago: Dánta, poems, poemas" Curtha i gcartlann 2018-11-01 ar an Wayback Machine leis ag Cois Life i mí Aibreáin 2018. Cnuasach filíochta a thiomsaigh Liam Ó Muirthile le linn dó an Camino de Santiago a shiúl i bhfómhar na bliana 2015. Sraith dánta sa traidisiún midheamhna agus machnaimh iad. Tá siad léirithe i gceithre theanga – Gaeilge agus Béarla á gcur ar fáil ag an údar féin agus aistriúcháin Spáinnise agus Gailísise á soláthar ag Carmen Rodríguez Alonso.

Tine Cnámh. Sáirseál Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1984.

Dialann Bóthair. Gallery Press, Oldcastle 1992.

Walking Time. Cló Iar-Chonnacht, Gaillimh 2000.

Dánta Déanta. Cois Life, Baile Átha Cliath 2005.

An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí. Cois Life, Baile Átha Cliath 2005.

Sanas. Cois Life, Baile Átha Cliath 2007.

An Fuíoll Feá: Rogha dánta. Cois Life, Baile Átha Cliath 2013.

Camino de Santiago: Dánta, poems, poemas. Cois Life, Baile Átha Cliath 2018.

An Peann Coitianta. Comhar, Baile Átha Cliath 1992.

An Peann Coitianta 2. Cois Life, Baile Átha Cliath 1997.

Ar an bPeann. Cois Life, Baile Átha Cliath 2005.

Rogha Alt: An Peann Coitianta 1989–2003. Cois Life, Baile Átha Cliath 2014.

Oilithreach pinn. Cois Life, Baile Átha Cliath 2017.

Ar Bhruach na Laoi. Comhar, Baile Átha Cliath 1995.

Gaothán. Cois Life, Baile Átha Cliath 2000.

Sister Elizabeth ag eitilt. Cois Life, Baile Átha Cliath 2005.

Tine Chnámh. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1984. Athbhreithnithe agus athchóirithe ag Liam Ó Muirthile agus Michael Scott.

Fear an Tae. Cois Life, Baile Átha Cliath 1999.

Liodán na hAbhann. Cois Life, Baile Átha Cliath 2001.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó MUIRTHILE, Liam (1950–2018) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. 2.0 2.1 2.2 "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-31. Dáta rochtana: 2017-06-16.
  3. "Duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann ar shlí na fírinne agus Liam Ó Muirthile tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-18.
  4. https://portraidi.ie/en/liam-o-muirthile/
  5. Caitríona Ní Chléirchín (2018). "Meanma an tseoltóra ..." (ga-IE). Comhar. Dáta rochtana: 2023-11-12.