Seán Ó Tuama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Seán Ó Tuama

Scoláire, file agus drámadóir as Corcaigh, Éire ab ea Seán Ó Tuama (1926-2006).[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as ceantar Mhúscraí athair an Tuamaigh, Aodh.

Ní raibh aige ach sé bliana déag agus é ag tosú i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Ba mhó go mór an tionchar a bhí ag an tollamh Domhnall Ó Corcora air.

Chaith an Tuamach na blianta mar Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Chorcaí. Rinne comhollamh de in 1968 agus ó 1982 gur éirigh sé as an bpost in 1990 bhí sé ina Ollamh le Litríocht na Gaeilge. Chaith sé tamaill ina ollamh cuairte in Oxford agus in Harvard agus ba mhinic ag léachtóireacht é i Meiriceá Thuaidh. Mar mhúinteoir, spreag an Tuamach go leor daoine le dul i mbun scríobh na filíochta.[2]

Bhí an Tuamach gníomhach i gcúis na Gaeilge agus chaith sé tamall ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge. D'éirigh sé as tar éis dó plean gníomhaíochta a fhoilsiú ina raibh spriocanna nach raibh ró-uaillmhianach ach a bhí indéanta dar leis, ach ní bhfuair sé tacaíocht ar bith ón rialtas.

Fuair an Tuamach bás i gCorcaigh ar an 14 Meán Fómhair 2006, in aois 80 bliain dó.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí spéis ar leith ag an Tuamach sna dánta grá, i bhfilíocht Sheáin Uí Ríordáin agus Aogáin Uí Rathaille agus san aistriúchán.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Grá in Amhráin na nDaoine (An Clochomhar Tta., 1960)[3]
  • An Grá i bhFilíocht na nUaisle (1988)[4]
  • Caoineadh Airt Uí Laoghaire (An Clochomhar Tta)[5]
  • Láirín Ó Lúrtha - Leabhar ceoil do pháistí (An Gúm)[6]

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Gunna Cam agus Slabhra Oir. Drama Vearsaíochta Thrí Ghníomh (Sairseal Agus Dill, 1973).
  • Moloney agus Drámaí Eile[7]
  • Gunna Cam agus Slabhra Óir, le Seán Ó Tuama léirithe den chéad uair in Amharclann an Damer, 1968 le haghaidh Féile Amharclainne Átha Cliath.

Cnuasaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "An Duanaire: Poems of the Dispossessed" (1981). Dolmen Press. 
  • Coiscéim na hAoise Seo (Coiscéim, 1991)ː rogha d’fhilíocht Ghaeilge an fichiú haois
  • An anthology of 20th century poetry in Irish

Essays[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cúirt, Tuath agus Bruachbhaile, An Clóchomhar Tta, 1990[8]
  • Nuabhearsaiocht 1939-1949 (as editor, Baile Atha Cliath, Sairseal agus Dill, 1950)
  • "The Facts About Irish" (1964). An Comhar Poiblí. 
  • "The Gaelic League Idea" (1972). Mercier Press. 
  • "Repossessions, selected essays on the Irish literary heritage" (1995). Cork University Press. 

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ó TUAMA, Seán (1926–2006)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  2. "Louis de Paor" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  3. "An Grá in Amhráin na nDaoine | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  4. "An Grá i bhFilíocht na nUaisle | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  5. "Caoineadh Airt Uí Laoghaire | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  6. "Láirín Ó Lúrtha | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  7. "Moloney agus Drámaí Eile | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2019-09-13.
  8. "Cúirt, Tuath agus Bruachbhaile | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2019-09-13.