Seán Ó Riada
Seán Ó Riada | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Áth Dara, Lúnasa 1, 1931 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | Londain, Deireadh Fómhair 3, 1971 |
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | bás nádúrtha (ciorróis) |
Muintir | |
Páistí |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gairm | |
Gairm | cumadóir agus ceoleolaí |
Gluaiseacht ealaíne | Ceol traidisiúnta na hÉireann |
Uirlis cheoil | veidhlín |
Lipéad ceoil |
Shanachie Records (en) ![]() |
IMDb | nm0642498 |
Cumadóir ab ea Seán Ó Riada (1 Lúnasa, 1931 – 3 Deireadh Fómhair, 1971), nó John Reidy mar a baisteadh air. Is dóigh gurb é an duine ba mhó a raibh tionchar aige ar athnuachan an cheoil thraidisiúnta in Éirinn ó na 1960í i leith. Rinne sé é sin trína rannpháirtíocht i gCeoltóirí Chualann, trína shaothar ceoil, a chuid scríbhinní agus a chuid craolachán ar an ábhar. Ní amháin ceoltóir ab ea Seán Ó Riada, ach freisin treoraí ar bhanna ceoil, ealaíontóir, scoláire, scannánóir agus Gaeilgeoir. D’fhág a chuid ceoil ach go háirithe a rian go láidir ar an náisiún Gaelach. Bhain Seán Ó Riada stádas agus tábhacht amach i saol na hÉireann agus chuir sé aithne ar mhóruaisle na tíre.
Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh John Reidy mar ab ainm dó ar dtús i gCathair Chorcaí[1], agus d'aistrigh an teaghlach go hÁth Dara i gContae Luimnigh go gairid ina dhiaidh sin. Fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Naomh Fionnbarra, Fearann Phiarais. Sheinneadh sé an veidhlín, an pianó agus an t-orgán agus rinne sé staidéar ar na clasaicí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Sa choláiste dó bhí sé ina reachtaire ar an gcumann fealsúnachta. Bronnadh céim air i 1952.
Sa bhliain chéanna deineadh stiúrthóir cúnta de i Raidió Éireann. Phós sé Ruth Coughlan i 1953. Sna tráthnónta bhíodh sé ag seinm le bannaí rince. I 1955 d’éirigh an Riadach as a phost gradamúil, agus chaith sé seal beag sa Fhrainc[2]. Agus é i mbun staidéir faoi Aloys Fleischman chum sé ceol avant-garde.
Chaith Seán cúig bliana ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ceoil in Amharclann na Mainistreach. Taca an ama sin, i ndiaidh dó mórán machnaimh a dhéanamh ar an ábhar, d’athraigh sé a ainm ó John Reidy go Seán Ó Riada[3]. Le linn na bliana ina dhiaidh sin, chum an Riadach iliomad píosaí ceoil don cheolfhoireann dar teideal “Nomos”. Fágadh an tríú ceann gan a bheith críochnaithe agus thóg cuid de na cinn eile blianta le cur i gcrích.
Mise Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mar chumadóir clasaiceach ba é cumas an Riadaigh ceol a chumadh don amharclann agus don scannán. I 1959, scríobh sé an scór le haghaidh scannán faisnéise a bhí á chur le chéile ag George Morrison dar teideal “Mise Éire”. Tá cur síos sa scannán ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Baineadh leas as an scór i go leor scannán eile agus tá sé le fáil i bhfoirm dlúthdhiosca faoi mar atá ceol scannán eile, “Saoirse” (1960) agus “An Tine Bheo”. Ó Riada féin a bhí ina stiúrthóir ar thaifeadadh cheol na scannán úd. Sna saothair seo, déantar foinn thraidisiúnta Ghaelacha agus amhráin ar an sean-nóis a chomhcheangal le cóiriú ceolfhoirneach. Bhí a leithéid sin déanta cheana féin ag Ralph Vaughan Williams le ceol traidisiúnta Shasana. Ach sna 1950í ba bheag meas a bhí ag daoine ar an gCeol traidisiúnta na hÉireann. Rinne an Riadach a chéad iarracht ar amhrán Gaelach a chomhcheangal le ceol clasaiceach i 1958 nuair a rinne stáisiún raidió i gCorcaigh coimisiúnú ar shaothar gairid dá chuid. Bhain sé cáil náisiúnta amach le “Mise Éire” agus thug sin an deis dó tús a chur le sraith chlár raidió faoin teideal “Our Musical Heritage”. Mhol sé do dhaoine éisteacht le hamhrán sean-nóis faoi mar a d’éistfeadh páiste leis. .
Ceoltóirí Chualann[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1961 bhunaigh Ó Riada Ceoltóirí Chualann, buíon de cheoltóirí traidisiúnta ar mhó a cosúlacht le ceolfhoireann bheag ná le banna céilí[4]. Cé go mbídís ag seinm i hallaí coirme agus iad feistithe i gcultacha dubha, léinte bána agus carbhait dhubha, is foinn agus amhráin thraidisiúnta, Gaelacha a bhíodh á seinm acu. Sheinneadh Ceoltóirí Chualann cóirithe geala, scáineacha. Shuíodh an Riadach sa tulra láir ag casadh an bhodhráin, druma fráma láimhe agus gléas ceoil a bhí beagnach tréigthe ag lucht an cheoil thraidisiúnta. D’úsáideadh bannaí céilí drumaí bhanna snagcheoil. Theastaigh ón Riadach go mbeadh cláirseach sa ghrúpa, ach toisc nach raibh teacht ar a leithéid, sheinneadh sé féin an cruitchorda ina háit – an fhuaim ba ghaire d’fhuaim na cláirsí. Ba é Cathal Gannon a rinne an cruitchorda a sheinneadh Ó Riada ar bhonn rialta.
Bhíodh ceol tíre na hÉireann á sheinm ag grúpaí i dtábhairní thar lear ag an am sin. [5]. Ach níor chuala muintir na hÉireann ceol traidisiúnta á sheinm ag grúpa ar an nós ‘ensemble’. Bhí cuid de bhaill Cheoltóirí Chualann ina mbaill de ghrúpa nua eile darb ainm ‘Na Chieftains’, grúpa a bhain cáil idirnáisiúnta amach ina dhiaidh sin. Rinne Ceoltóirí Chualann taifeadadh ar fhuaimrian an scannáin “Playboy of the Western World” (dráma bunaidh de chuid John Millington Synge) i 1963. Sheinn siad é den uair dheireanach i 1969 agus eisíodh taifeadadh den cheolchoirm sin faoin ainm “Ó Riada sa Gaiety”.
Blianta deiridh[cuir in eagar | athraigh foinse]
I 1964 bhog Ó Riada go Gaeltacht Chúil Aodha in iarthar Chorcaí. Chuir sé ina luí ar a bhean, Ruth, an Ghaeilge a fhoghlaim laistigh de thrí mhí. Bhunaigh sé cór gutha fear ar ar thug sé “Cór Chúil Aodha”.
Thosaigh sé ag cur suime i gceol córach eaglasta agus chum sé ceol don Aifreann, ar a dtugtar “Aifreann Uí Riada”. Chuaigh sé go mór i gcion ar phobal na hÉireann agus go háirithe ar lucht labhartha na Gaeilge. Saothar eile dá chuid ab ea “Five Greek Epigrams” agus Holdlerin Songs”.
Chóirigh Ó Riada leagan ceoil le haghaidh fhilíocht Thomas Kinsella agus mar chúiteamh air sin mhol an file an Riadach trí véarsaíocht. Thaitin an deoch leis agus bhuail cioróis an ae é dá bharr. Cailleadh é in Ospidéal an Rí i Londain áit ar cuireadh é ag súil lena leigheas. Cuireadh é i reilig Naomh Gobnatan, Baile Mhúirne, Contae Chorcaí. Sheinn an píobaire cáiliúil Willie Clancy ag a shochraid.
Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Rinne Nóirín Ní Riain, Mícheál Ó Súilleabháin srl staidéar i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh faoi Seán Ó Riada.
- I 1996 rinne Kate Bush an t-amhrán “Mná na hÉireann” a thaifeadadh, amhrán a bhí cáiliúil de bharr a thaifeadta ag Ceoltóirí Chualann.
- Baineadh úsáid as leagan na Chieftains den amhrán “Mná na hÉireann” mar chuid den fhuaimrian don scannán Barry Lyndon.
Diosceolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Seoda an Riadaigh / The Essential Collection (CD1 - Mise Éire, Saoirse & an Tine Bheo; CD2 – Ceoltóirí Chualann, CD3 - The playboy of the western world 1962).
- Ó Riada sa Gaiety le Seán Ó Sé agus Ceoltóirí Cualann, 26 Bealtaine 1995 ASIN B000002VWP Gael Linn
- Seán Ó Riada: Orchestral Works (Mise Éire, Nomos Nos. 1&4, srl). Tagairt RTELYRICCD136, RTE
- Mise Eire (I Am Ireland) 1991 ASIN B000000DV0; ASIN B000FZERY0
- O'Riada's Farewell, ASIN B00002R0XH, Claddagh
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ http://www.iol.ie/~ronolan/riada.html
- ↑ ” Fuair sé roinnt oibre sa Fhrainc ach ba bheag é. Ainm “
- ↑ .Tugtar cuntas i bhfad níos cruinne agus níos sonraithe de bhlianta luatha an Riadaigh sa bheathaisnéis a scríobh Tomás Ó Canainn.
- ↑ Ainm
- ↑ Sa 1960idí, “bhí athbheochan an cheoil traidisiúnta faoi lán tseoil. I Meiriceá, bhí na Clancy Brothers agus Tommy Makem in ard a réime, gníomhaire agus conradh taifeadta faighte acu” 2010 Virginia Blankenhorn
Naisc sheachtracha agus leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Kinsella, Thomas & Ó Cannain, Tomas. Our Musical Heritage, Dolmen Press, 1982 ISBN 0-85105-389-0
- Ó Canainn, Tomás. Seán Ó Riada: His Life and Work, Collins Press, 2003.
- Ainm.ie - Beathaisnéis
- Clár TG4: Peadar Ó Riada ar ghnéithe de shaol a athar, Seán Ó Riada: Cuid a 1 / Cuid a 2