Jump to content

Cór Chúil Aodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCór Chúil Aodha
Sonraí
Cineálcór Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1963
Bunaitheoir(í)Seán Ó Riada Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinpeadaroriada.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Bhunaigh Seán Ó Riada Cór Chúil Aodha do ghuthanna fireann sa bhliain 1963.[1][2]

Chuir an Riadach Cór Chúil Aodha ar bhun nuair a chuaigh sé chun cónaithe i nGaeltacht Mhúscraí sna seascaidí lena bhean Ruth agus a gclann óg. Is timpeall an ama seo bhí torthaí an Dara Comhairle Vatacánach ag teacht chun solais. Chuaigh Ó Riada ag tochailt in oidhreacht cheoil an cheantair agus d’éirigh leis ardú meanma a thabhairt don phobal.[3]

Nuair a fuair an Riadach tinn sa bhliain 1971, d’fhág sé an cúram faoina mhac Peadar Ó Riada, an duine is sine sa gclann, agus tá aire tugtha aige don chóir ó shin.

Ba bhall é de Chór Chúíl Aodha Iarla Ó Lionáird.

Bíonn an Cór ag canadh an Aifrinn gach Domhnach i gCúil Aodha agus i mbun ceolchoirme go rialta sa tír in Éirinn agus thar lear.   Táid tar éis canadh i gach Eaglais mór in Éirinn agus ag ócáidí speisialta, sochraidí go háirithe, a leithéidí an Uachtarán Cearbhall Ó Dálaigh, agus ceoltóirí a leithéidí Shane MacGowan, Willy Clancy, Denis Murphy agus Frankie Kennedy.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 PeadarORiada.ie (2011-06-24). "Cór Chúil Aodha" (ga-IE). Peadar Ó Riada. Dáta rochtana: 2024-04-27.
  2. Cork Echo (2023-12-10). "Cork choir member says nothing prepared group for singing at Shane MacGowan's Requiem Mass" (en). echo live. Dáta rochtana: 2024-04-27.
  3. Breandán M Mac Gearailt (27 Nollaig 2021). "‘Seán Ó Riada: Mo Sheanathair’ – clár tábhachtach cuí a thugann fathach ceoil is cultúir chun cuimhne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-27.
  4. Gael Linn. "Ceol is Cibeal Chúil Aodha" (ga-IE). Gael Linn. Dáta rochtana: 2024-04-27.