Ag Críost an Síol
Cineál | dán iomann Críostaí |
---|---|
Cumadóireacht | 1916 |
Teanga | an Ghaeilge |
Is dán Gaeilge é Ag Críost an Síol, a cuireadh le ceol ag Seán Ó Riada ina dhiaidh sin agus a úsáidtear go forleathan mar iomann.
Bunús
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cuntais chontrártha ann ar bhunús 'Ag Críost an Síol' .
Déanann foinsí áirithe cur síos ar an dán mar “thraidisiúnta” nó “seanphaidir gan ainm”.[1][2]
Deir foinse eile [3] gurbh é an tAthair Micheál Ó Síothcháin a scríobh é sa bhliain 1916. Ba as Phort Láirge Ó Síothcháin, chomhbhunaitheoir Choláiste na Rinne, sa Rinn, Contae Phort Láirge, agus a bhí ina Ardeaspag cúnta i Sydney ina dhiaidh sin.[4]
Cuireann an tríú foinse,[5] laistigh de shaolré an Ath. Uí Shíothcháin, gurbh é an tAth. Mícheál Ó Míocháin (1810-1878), a bhí le fada ina shagart paróiste i Mhaigh Fhearta agus Chill Bhaile Eoghain i gContae an Chláir a chum na focail[6]
Chuir Seán Ó Riada na focail i láthair mar iomann tairisceana sa bhliain 1968 le linn an aifrinn, i gCeol an Aifrinn (ar a dtugtar "Ó Riada Mass" i mBéarla),[7] a úsáidtear chun roinnt cruinnithe ceoil traidisiúnta na hÉireann a tabhair chun críche, mar shampla scoileanna samhraidh.[8]
Téacs
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag Críost an síol, ag Críost an fómhar;
in iothlainn Dé go dtugtar sinn.
Ag Críost an mhuir, ag Críost an t-iasc;
i líonta Dé go gcastar sinn.
Ó fhás go haois, is ó aois go bás,
do dhá láimh, a Chríost, anall tharainn.
Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás,
i bParthas na ngrás go rabhaimid.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dennis Doyle, Paula Doyle, Songs of Celtic Christianity, p. 49
- ↑ Isaac Cohen, Immediate man: cuimhní ar Chearbhall Ó Dálaigh, p. 73
- ↑ Mac Craith (2009). "Ag Críost on Síol" (as Irish). An Linn Bhuí 13.
- ↑ Ó Síocháin, Fr Micheál (1871-1945), Waterford Country Museum
- ↑ Ó hAnnracháin (1944). "Fé bhrat an Chonnartha" (in Irish): 49. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
- ↑ Breathnach. “Ó MÍOCHÁIN, Micheál (1810–1878)”. ainm.ie. Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Dáta rochtana: 26 August 2018.
- ↑ Ó Canainn (2003). "Seán Ó Riada: His Life and Work": 70, 240. Collins Press. Dáta rochtana: 7 February 2015.
- ↑ Sean O'Riada (1931-1971) Musician and Composer, Cork Institute of Technology, accessed 7 February 2015