Micheál Ó Síothcháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba údar Éireannach é Micheál Ó Síothcháin (17 Nollaig 18701 Márta 1945) (ar a dtugtaí an Dochtúir Ó Síothcháin, Béarla: Rev. Michael Sheehan chomh maith; agus an litriú Micheul babhtaí leis), údar Sean-chaint na nDéise (1906). Rugadh Ó Síothcháin i bPort Láirge. Is i mBaile Átha Cliath a fuair sé bás. Bhí cáil ar an leabhar mór aige, Apologetics agus Catholic Doctrine ach, mar a scríobh Michael Tynan, "[u]nfortunately, Sheehan's work was not to influence the new catechism project in the slightest degree".

Saol agus saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Bhaile Nua i gContae Phort Láirge a rugadh é agus é ar an séú duine den deichniúr clainne a rugadh do Cornelius Sheehan agus Anne Lawler. Rugadh Cornelius in Áth Trasna, Contae Chorcaigh, agus ba cheannaí é. Iníon le ministir de chuid Eaglais na hÉireann ba ea Anne. [1]

Fuair sé oideachas sa bhaile ar dtús agus ansin chuaigh ar scoil ag na Bráithre Críostaí. D’aistrigh siad go dtí Dún Garbhán agus d’fhreastail sé ar scoil na nAgaistíneach ann ar feadh breis is ceithre bliana. Shocraigh sé ar dhul le sagartóireacht agus chaith aon mhí déag i gColáiste Eoin i bPort Láirge roimh dó dul go dtí Coláiste Mhaigh Nuad in aois a fhiche bliain. Rinne sé gaisce ansin agus chríochnaigh a chuid staidéir dhá bhliain roimh aois chanónach an oirdnithe. Chaith sé an dá bhliain sin ag múineadh i gColáiste Eoin.[2]

Oirdníodh é i Mí an Mheithimh 1895 in Ardeaglais Eoin, Port Láirge.[3] agus ghnóthaigh MA ag Ollscoil Ríoga na hÉireann an bhliain chéanna. Sa bhliain 1896 rinne sé staidéar ar an léann Clasaiceach ag Ollscoil Oxford, áit ar ghnóthaigh sé MA eile. D’fhreastail sé ansin ar Ollscoil Greifswald sa Ghearmáin, áit a ndearna sé staidéar ar Laidin, ar Ghréigis agus ar Shanscrait, agus d'fhreastail ar Ollscoil Bonn ar feadh trí sheimeastar, mar ar ghnóthaigh sé Ph.D. le tráchtas Laidine ar Isocrates, oráidí Gréagach.

D’fhill sé ar Éirinn agus ba é Ollamh na Gréigise i gColáiste Mhaigh Nuad é idir na blianta 1905 agus 1922. Ba é Leas-Uachtarán an Choláiste é idir na blianta 1919 agus 1922, agus ba é Coimisinéir an Mheánoideachais in Éirinn é idir na blianta 1906 agus 1922. [4]

Saothar Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Síothchánach ina scoláire Gaeilge den scoth agus é ar a dhícheall riamh ag cur na teanga chun cinn. Bhí eolas na Gaeltachta aige agus bhain sé tairbhe as ina chuid foilseachán. Orthu sin bhí Cnó Coilleadh Craobhaighe: The Irish of the People (1907) agus Árthrach an Óir: with Notes and Vocabulary (1910).

Fiu san Astráil lean sé den obair. Sna fichidí d'fhoilsigh sé féin agus roinnt eile An Gael: An Dord Féinne, iris dhátheangach a mhair seacht mbliana ar a laghad.[5]

An Astráil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh Ardeaspag teidealach Germia de ar 22 Feabhra 1922 nuair a ceapadh é mar Ardeaspag Cúntach Sydney faoin Ardeaspag Kelly, agus coisriceadh é ar 28 Bealtaine.

In Sydney bhí sé ina chónaí i dteach dhá urlár sa stíl Iodálach in Homebush. Sa bhliain 1924 rinne sé an tréimhseachán Australasian Catholic Record a athbhunú. Scríobhadh sé go rialta dó agus eisean is mó a chuireadh eagar air. Bhí ainm an léinn, na cráifeachta agus na macántachta air, agus bhí na heaspaig eile buartha nuair a d’éirigh sé as a phost sa bhliain 1937 tar éis don Toscaire Aspalda, an tArdeaspag Panico, a rá leis nach rachadh sé in áit an Ardeaspaig Kelly toisc gurbh Éireannach é. (B’fhearr leis an Eaglais Astrálach a cheapadh sa phost.) Is dócha go raibh baint ag cúrsaí sláinte leis an scéal freisin. [6]

D’fhill sé ar Éirinn i Mí na Bealtaine 1937 agus chónaigh le hAithreacha an Spioraid Naoimh ag an gCarraig Dhubh i gContae Bhaile Átha Cliath. Ba mhinic sa Rinn i gContae Phort Láirge é, áit a raibh teach aige.

Fuair sé bás ag an gCarraig Dhubh ar 1 Márta 1945 agus cuireadh é i reilig bheag sa Rinn os comhair Shéipéal Naomh Nioclás amach.

Saothair leis[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 'Oxford University', in Irish Ecclesiastical Record, 4th Series, 7, (1900)
  • 'Leaves from my Egyptian Diary', in IER, 4th Series, 8, (1900)
  • De fide artis rhetoricae Isocrati tributae, Bonn (1901) (Tráchtas dochtúireachta.Tá tagairt don tráchtas so ag E.R.Curtius ina thaighde -Europäische Literatur und lateinisches Mittelalter- (1948/1978, lch.479))
  • 'The Religious Mind of a German Student', in IER, 4th Series, 11, (1902)
  • 'Latin in our Ecclesiastical Colleges', in Proceedings of the Second Australian Catholic Congress (1904), Melbourne, (1905)
  • Sean-chaint na nDéise (1906)
  • Cnó Coilleadh Craobhaighe: The Irish of the People ( 1907) [ina bhfuil: 'Mac Ríogh na hEaspáine' (Seán Paor, an file), 'An t-Amadán Gasda' (Nioclás Ó Tóibín), agus 'An t-Sean-Chailleach sa Chófra', 'Roibeárd na Luatha', 'Sgéal an Chuitín agus an Luichín', 'Craobh Ní Dhuibhne agus Gráinne Mhaol' (Nóra Ní Chinnéide) 'Maith uí Mharnáin' ( Séamas Ó hAonghusa) (féach lch 89 'Sources') ]
  • Cnuasacht Trágha: From the Foreshore; with Notes and Vocabulary (1908)[ 'Eachtra na Con Duibhe' Muiris Ó Mulraon ; 'Taidhbhreamh ar Airgead' agus 'Brian Boroimhe' Pádraig Ó hAodha ; 'Sceul an Peri' agus 'An Tráighteóoir' Pádraig Ó Doghair ; 'Brosna ' .i. sean-fhocail srl Máire Ní Ghealbháin, Uilliam Thaidhg agus Muintir Sean Cille ; 'An Baile Fá an bhFairrge' , 'Mac an Fheirmeóra' , 'Puisín Cúl an hIarta agus Rí na gCat' , 'An Fear do bhí ag Tráighteóireacht', 'Na Sclábhuidhthe', 'Seáan gan Eagla' Nóra Ní Chinnéide ]
  • Árthrach an Óir: with Notes and Vocabulary (1910) [Tá trí scéal sa leabhar so: 'Árthrach an Óir' féin; 'Ceusadh Muintire Tighe agus a dTógbháil i nDeireadh'; agus 'Port an Fhir Bháidhte'. Pádraig Ó Doghair ón Rinn tug don Dr Ó Síothcháin iad.]
  • Translation of -Árthrach an Óir- (1911?)
  • 'Do scríobhadh na Gaeilge', in Irisleabhar Mhaighe Nuadhat (1911)
  • A Call To Ireland: The Irish-Speaking Districts (1911; ath-fhoilsithe 1944, in eagar ag Peadar MacLoingsigh)
  • Gile na mBláth (1912)[ Scéal nua-cheaptha ]
  • 'From Vestal to Martyr', in IER , 1, (1913) [Léirmheas ar Faustula le John Ayscough, 1912)]
  • Gabha na Coille ( 1913)[ scéal a cheap Ó Síothcháin, bunaithe ar bhéaloideas Ghéarmánach ]
  • 'Seathrún Céitinn' [seanmóir 28.9.1913], An Claidheamh Soluis, 11.10.1913, lch. 4.
  • 'Ag Críost an Síol', [dán] (1916), [féach Mac Craith, Nioclás, 'Ag Críost an Síol', in An Linn Bhuí, 13, 2009 ]
  • 'Rev. Dr Sheehan's Tribute to the late Rev. Dr. Henebry', in An Claidheamh Soluis, 29.4-29.5. (1916) , lch.10.
  • Eachtra na mBróg: a Piece in Five Acts (1918) [ Dráma grinn ] [Cuireadh ainm Sheáin Uí Chadla leis an leabhar so chun dallamallóg a chur ar an Athair Peadar Ó Laoghaire: féach Ó Domhnaill, M.-Coláiste na Rinne - Gearr Stair-(gan dáta)]
  • Apologetics and Catholic Doctrine (1918 agus go minic ina dhiaidh sin)
  • Ladhar den Lus Mór (1919) [Céad eagrán 1918?]; eag. Seaán Ó Cadhla.
  • 'Sceulta Purgadóireachta (Micheál Ó Síothcháin fuair ó mhuinntir na Rinne iad)', in Green and Gold: A Magazine of Fiction, Vol.I, No.2, (1921)
  • Aistí agus léirmheasanna in The Australasian Catholic Record, agus é ina eagarthóir comhairleach 1922-1937.NB 'A Pagan Literary Movement', ACR, III, April 1926 No. 2 lgh 120-124 [mar gheall 'Russell, Yeats, Stephens' agus The Hour Glass le Yeats agus The White-headed Boy le Robinson ach go háirithe]; 'The Originality of the Catholic Emancipation Movement', III January 1926 No 1 lch 80; léirmheas agus plé ar St Patrick: His Life and Mission (Concannon, 1931), IX January 1932 No 1, lgh 91-97 agus No 2, April 1932 lgh 171-173.
  • 'Comments on the Foregoing Article. No. I - by the Most Rev. Dr Sheehan' , lgh 32-34, in 'Some Thoughts on an Irish Literary Language', by Gustav Lehmacher, S.J., lgh 26-44, Studies, vol. XII, 1923.
  • The Sacrifice of the Mass: from a series of lectures...delivered at St Patrick's Church, Sydney, Australia, Dublin, (1926)
  • The Sacrifice of the Mass: Catholic Evidence Lecture, [Sydney?],[192-?]
  • 'Supplement: The Teaching of Catechism : address by Archbishop Sheehan ', in The Catholic Bulletin , Vol XVI, lgh 41-50; 1027-1032, Jan uary - October, 1926
  • An Teagasc Críostaidhe (Micheul Ó Síothcháin, Árd-Easbog, do scríobh) (1927)
  • 'The Coadjutor Archbishop's Address: The Unworldliness of Religious', in Teachers' Conference, ( Catholic Education Association ) Sydney (1927)
  • 'Address of the Coadjutor Archbishop', in Teachers' Conference, ( Catholic Education Association ) Sydney (1928)
  • 'The Teaching of Cathechism ( illustrated with a photograph of the archbishop)', in The Catholic Bulletin, vol. XVIII,lgh 496-504, (1928)
  • 'Worship of God through the Eucharistic Sacrifice, and Mary's Example in the Celebration of the Figure', in Leonard, W, (ed), Addresses delivered at the 29th International Eucharistic Congress, lgh 67-72, Sydney (1929)
  • 'The Sydney Eucharistic Congress', in Studies, June, (1929)
  • 'The Socialism of Vienna and Russia - Socialism and the Catholic Worker - The Labor Problem in Australia Today', agus 'Introduction', 'Archbishop's Address', 'Archbishop's Remarks', in The Catholic Church and the Industrial Problems, [Sydney], Catholic Evidence Guild,(1930)
  • Socialism and Labour, Melbourne, A.C.T.S [1930?]
  • 'Foreword', in Cleary, P.S., Australia's Debt to Irish nation-builders, Sydney (1933).[Súil siar ar a thréimhse i measc mhic léinn an Ollaimh Eduard Norden ag Ollscoil Greifswald]
  • A Child's Book of Religion (1934)
  • 'My Sacrifice and Yours', in Murphy, J.M. and Moynihan, F. The National Eucharistic Congress, Melbourne, Australia, 2-9 December 1934, Melbourne (1936)
  • Primer of Religion: Introduction to A Simple Course of Religion and Religion by Letter, Sydney (193-)
  • ' Os comhair na Sácraiminte Diadha dhom ', in The Redemptorist Record , November-December,1943 , [ Paidreacha a cheap an tArdeaspog, bunaithe ar phaidreacha dúchais ; féach Ó Cadhla 1945 thíos ]
  • 'The Blessed Eucharist the Crown and Centre of the Sacramental System', in The Story of the Regional Missionary and Eucharistic Congress Newcastle NSW, (1938)
  • 'Trí shean-sgéal ón Rinn: Told by Seán Paor and Séamus Traoin. With note by S. Ó Duillearga', in Béaloideas XIX (1949)
  • Cúrsa Simplidhe sa Chreideamh: Michéal Ó Síothcháin, Ardeaspog do scríobh; Michéal Ó Cionnfhaolaidh do chuir i nGaedhilg, (1950)
  • The Origin of Life: The Case for and against Evolution, Most Rev. Michael Sheehan, ed. Michael J. Troy (1952)

Lámhscríbhínní[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Eachtra na mBróg agus leabhartha nótaí teangeolaíochta an Ardeasboig ar caomhnú i leabharlann Choláiste na Rinne. Féach Mac Craith thíos.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 'Mícheál Ó Síocháin' in www.ainm.ie [ceadaithe 22.3.12]
  • Breatnach, Risteard B., Sean-Chaint na nDéise II , 1961.
  • Duncan, Bruce, Crusade or Conspiracy? Catholics and the Anti-Communist Struggle in Australia , 2001, lch 142-43 , agus nóta 57.
  • Dungarvan Leader, 10 Márta 1945, lch. 1
  • Maher, Brian, 'Thompson, John Christopher (1893-1958)', in Australian Dictionary of Biography, imleabhar 16, lch.383
  • Mac Amhlaigh, Dónall [?], 'An Cáirdinéal Pádraig Ó Móráin', Anois, 22.5.1988 [ Tagraíonn cuid den aiste seo don Ardeasbog agus a shaothar ar son na Gaedhealainne in Éirinn agus san Astráil ]
  • Mac Craith, Nioclás, Comóradh Céad Bliain Iolscoil na Mumhan .i. Coláiste na Rinne 1905-2005, 2005, nb lgh. 42-52; 118; 122; 164; 182.
  • Noone, Val. Hidden Ireland in Victoria. Ballarat Heritage Services, 2012. ISBN 978-1-876478-83-4
  • Ó Cadhla, Pádraig, 'An dochtúir sároiridneach Ó Síothcháin, Ard-easpog, agus an Ghaedhealg', in IER, LXV, May, 1945.
  • Ó Cadhla, Pádraig, 'Iolscoil na Mumhan i Rinn Ó gCuanach ', An Sguab, October 1922-August 1923.
  • O'Farrell, Patrick, The Catholic Church and Community: an Australian History, 1992 , lgh 361-62 agus lch 383.
  • Ó hAnnracháin, Peadar, 'An tAthair Mícheál Ó Síothcháin, Easbog ' in Fé Bhrat an Chonnartha, 1944, lgh 708-10.
  • O'Leary, Canon Peter, 'Dr Sheehan's Gabha na Coille', ( Letter from Canon Peter O'Leary to the Editor of The Freeman's Journal...March 16th, 1915 ) in http://www.corkirish.com/wordpress/?s=sheehan ( April 24, 2011 ) [ ceadaithe 8.3.12 ] agus 'Correspondence of An t-Athair Peadar Ua Laoghaire...with An tSiúr Maighréad Mhuire...' 25. Undated. English Explaining his difference with Dr [Michael] Sheehan.' , Shan Ó Cuív Papers, Accession 5545, Compiled by Pádraig Ó Macháin 2000 , G1, 278 2.1.3, National Library of Ireland, féach www.nli.ie/pdfs/mss%20lists/057_OCuiv.pdf.(ceadaithe 18.8.13)
  • O'Leary, Philip, The Prose Literature of the Gaelic Revival 1881-1921, lch 158, nóta 229, [ mar gheall ar an aighneas idir An tAthair Peadar agus an Dr Ó Síothcháin c.1911.]
  • de Paor, Neans, 'An t-Ardeaspog Mícheál Ó Síothcháin ' , Comhar, Uimh.4, Aibreán, 1945, lch.5
  • "Ó Síothcháin, An tAthair Micheál" in A Biographical Dictionary of Irish Writers, lgh 369-70, The Lilliput Press, 1985.
  • Tóibín, Nioclás, 'An Dochtúir Ó Síothcháin', Irisleabhar Muighe Nuadhad , 1924, athfhoilsithe in An Linn Bhuí (9) 2005.
  • Tynan, Michael,Catholic Instruction in Ireland 1720-1950 (the O'Reilly/Donleavy Catechetical Tradition), Four Courts, Dublin, 1985, lgh 99-104 nb lch 100

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.baroniuspress.com/book.php?wid=56&bid=52#tab=tab-2 Cuntas ar an Dr Ó Síocháin mar údar Apologetics and Catholic Doctrine
  2. Archbishop Sheehan
  3. Archbishop Sheehan Catholic Hierarchy.
  4. http://www.baroniuspress.com/book.php?wid=56&bid=52#tab=tab-2 Cuntas ar an Dr Ó Síocháin mar údar Apologetics and Catholic Doctrine
  5. Noone 2012, lgh 128-9
  6. http://www.baroniuspress.com/book.php?wid=56&bid=52#tab=tab-2 Cuntas ar an Dr Ó Síocháin mar údar Apologetics and Catholic Doctrine

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta stairiúil lucht Gaeilge san Astráil

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]