Plé:Micheál Ó Síothcháin

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
GRMA, a Eomurchadha, aontaím leat. Tá difear chomh mór sin idir an iontráil in Bio. Dict. of Irish Writers agus an cur síos ag suíomh Ardheoise Sydney nach raibh mé cinnte ar dtús arb é an duine céanna sa dá áit! Cé go bhfuil an iontráil faoi Ó Síothcháin in A Dict. of Irish Biography (Boylan, 1988) ar aon dul leis an Bio. Dict. (1985), sílim go bhfuil an suíomh san Astráil níos iontaofa. Is dócha go bhfuair an Bio. Dict. an (mí-)eolas ón leabhar eile, nó go bhfuair siad araon é ó fhoinse eile. De réir an dá leabhar, ceapadh é ina uachtarán ar Maynooth sa bhliain 1919, ach leas-uachtarán a bhí ann. Fágfaidh mé an tagairt don Bio. Dict. (Lilliput), mar sin féin -- Is dócha go bhfuil an t-eolas faoina scríbhinní agus faoina luathshaol sách cruinn. (Ach ní fiú tráithnín é an iontráil in Dictionary of Irish Bio.) SeoMac 23:33, 8 Eanáir 2012 (UTC)[reply]