Mícheál Ó Súilleabháin (ollamh)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Nollaig 1950 Tiobraid Árann, Éire |
Bás | 7 Samhain 2018 67 bliana d'aois Luimneach, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | pianódóir, docent, acadóir, cumadóir, eitnicheoleolaí |
Tréimhse oibre | 1976 – |
Fostóir | Ollscoil Luimnigh |
Seánra | Ceol clasaiceach |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Pianó |
Lipéad ceoil | Sony BMG |
Suíomh gréasáin | mosmusic.ie |
- Tá níos mó ná duine amháin darb ainm Mícheál Ó Súilleabháin ann; féach Micheál Ó Súilleabháin.
Ceoltóir, cumadóir agus fear léinn ab ea an tOllamh Mícheál Ó Suilleabháin (10 Nollaig 1950 – 7 Samhain 2018).[1] Bhí cáil ar an chomhréiteach a rinne an Súilleabhánach ar cheol traidisiúnta agus ar cheol clasaiceach.[2][3]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Mícheál Ó Súilleabháin i gCluain Meala i mí na Nollag sa bhliain 1950, áit ina raibh siopa beag grósaeireachta ag a mhuintir.[2]
Ba léir ó aois an-óg go mbeadh ar a chumas draíocht a bhaint as pianó. Thosaigh sé ag freastal ar ranganna pianó ina óige agus faoin am a raibh sé ina dhéagóir bhí an giotár faoina smacht aige chomh maith agus é ag cur bannaí ceoil le chéile.
Ba é Mícheál Ó Súilleabháin an chéad duine ina theaghlach a fuair oideachas 3ú leibhéal. Tháinig sé faoi anáil an teagascóra Sean Ó Riada i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.
I lár na seachtóidí thosaigh an Súilleabhánach ag léachtóireacht i UCC agus chuir sé roimhe cló nua a bhualadh ar stádas an cheoil thraidisiúnta san oideachas.[4] Bhí sé ina cheannasaí ar an Roinn Ceoil i gColáiste na hOllscoile Chorcaigh.
Sa mbliain 1994, bhunaigh an Súilleabhánach Ionad Domhanda an Cheoil Éireannaigh in Ollscoil Luimnigh.[5] Forbairt í sin a chabhraigh tuilleadh le cur chun cinn na físe aige agus a thug deis níos fearr do go leor daoine óga céim, máistreacht agus dochtúireacht a dhéanamh i gceol traidisiúnta na hÉireann.
D’éirigh leis maoiniú a fháil ó Bhord na Gaeilge (mar a bhí ar Fhoras na Gaeilge ag an am) agus thug sé cuireadh do Lillis Ó Laoire a bheith ina Stiúrthóir ar bhonn páirtaimseartha ar an Ionad. Chinn siad ar fhéile bheag, Lá na nAmhrán, a chur ar bun an chéad bhliain sin.[6]
Ollamh Emeritus le Ceol ag Ollscoil Luimnigh ab ea é. D'éirigh sé as a chuid cúramaí ollscoile i 2016.[4]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Súilleabhánach pósta le Nóirín Ní Riain, an t-amhránaí, agus beirt chlainne orthu, Eoin agus Micheál. Phós sé an tOllamh Helen Phelan níos déanaí agus bhí mac acu, Luke.[7]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc a shaothar, tá: The Dolfins Way, Oileán/Island, Casadh, Gaisce, Woodbrook agus ‘Oíche Nollag’.[8]
Threabh sé branar úr le The Dolphin’s Way i 1987, saothar a rinne sé lena chomhbhádóir buan, Mel Mercier. Tháinig Oileán amach i 1989 agus tharraing Woodbrook agus (Must Be More) Crispy cáil ar fud na cruinne air. Ina albam “Idir Eatarthu” úsáideann sé ceolfhoireann, cláirseach, fidil, cruitchlár, agus bodhrán.[9]
Stiúir sé an seó leathama Lumen, a taispeánadh ag an Chomórtas Eurofíse i 1995.
Sa mbliain 1995 chomh maith, chuir sé an tsraith theilifíse River of Sound (The Changing Course of Irish Traditional Music) i láthair.
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cumadóir 'avant garde' a bhí ann agus rinne sé turgnaimh leis an cheol.[10] Bhain conspóid lena shaothar toisc an bhéim a chuir sé go minic ar cheol a bhí nua dána.[5]
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhronn Coláiste na hOllscoile Corcaigh Céim Dochtúireachta Oinigh air in 2005.
Ba é an chéad duine ar bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann Ollamh na hÉigse air in 2006.
Sa bhliain 2011, bronnadh Gradam na Comaoine TG4 air mar aitheantas ar a chuid saothair.
Bronnadh Saoirse Chluain Mheala air i 2016.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Death Notice of Mícheál Ó SÚILLEABHÁIN" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2022-11-07.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2018-11-08). "An tOllamh Mícheál Ó Suilleabháin ar shlí na fírinne" (as ga).
- ↑ Miriam on Sunday, RTÉ (Music Special to mark Mícheál Ó Súilleabháin's retirement from UL) (2016). "Agallamh le Mícheál Ó Súilleabháin" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-11-07.
- ↑ 4.0 4.1 Toner Quinn (9 Samhain 2018). "‘Beidh sé ina réalta eolais feasta againn’ – Mícheál Ó Súilleabháin 1950-2018" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-07.
- ↑ 5.0 5.1 nó Acadamh Ceoil agus Rince Domhanda na hÉireann
- ↑ Éamonn Ó Dónaill (Nollaig 2003). "Lillis Ó Laoire" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-11-07.
- ↑ RTÉ. "Sunday with Miriam: agallamh le Professor Helen Phelan" (en-GB). Apple Podcasts. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-11-07. Dáta rochtana: 2022-11-07.
- ↑ COGG. "Oíche Nollag". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-11-07. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ ccea.org.uk. "Ceol". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-07. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Robert McMillen (DF 2003). "Neil Martin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-11-07.