Corca Dhuibhne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCorca Dhuibhne
Radharc aerga
Íomhá
CineálLeithinis Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52°11′36″N 10°05′02″W / 52.193333333333°N 10.083888888889°W / 52.193333333333; -10.083888888889
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Pointe is airdeCnoc Bréanainn Cuir in eagar ar Wikidata  (952 m Cuir in eagar ar Wikidata)

Corca Dhuibhne a thugtar ar an leithinis díreach laistiar de Thrá Lí i gContae Chiarraí, agus ar an mbarúntacht atá suite ar an leithinis. Is é An DaingeanDaingean Uí Chúis príomhbhaile na leithinse agus ceantar oifigiúil Gaeltachta is ea an chuid den leithinis laistiar do Lios Póil agus den tSráidbhaile.

Iontais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Corca Dhuibhne ar cheann desna hionaid is breátha in Éirinn don té a bhfuil suim aige dul ag dreapadh nó dul ag siúl cois trá, cois na haille nó ar cheann de bhealaí siúlóide aitheanta na tíre.

Dosna cuairteoirí a thabharfaidh aghaidh ar Iarthar Dhuibhneach is féidir tabhairt fé Chnoc Bréanainn, an dara cnoc is airde i gCúige Mumhan, fé cheann de mhullaigh Shliabh Mis os cionn na farraige, fé Chosán na Naomh nó fé Shlí Chorca Dhuibhne, dhá cheann desna siúlóidí náisiúnta is áille sa tír.

Cnoc Bréanainn in iarthuaisceart na leithinse ina dheighilt nádúrtha idir an dá chuid stairiúla de Chorca Dhuibhne, mar atá, Duibhneach, laistiar agus laisteas den chnoc agus Leitriúch lastoir de.

Amach ó Dhún Chaoin sa chuid is siar siar atá na Blascaodaí, scata oileán arbh astu do Pheig Sayers, Thomás Ó Criomhthain a scríobh an leabhar cáiliúil An tOileánach, Muiris Ó Súilleabháin, údar Fiche Bliain ag Fás agus roinnt scríbhneoirí eile.


Leithinis Corca Dhuibhne, i gContae Chiarraí, Poblacht na hÉireann.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]