Jack Kerouac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJack Kerouac

(1956) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Jean-Louis Lebris de Kérouac
12 Márta 1922
Lowell, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Deireadh Fómhair 1969
47 bliana d'aois
St. Petersburg, Florida, Florida Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Fuiliú inmheánach)
Áit adhlacthaEdson Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Búdachas agus Caitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Columbia
Ardscoil Lowell Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisFraincis Cheanada
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht Mheiriceánach, úrscéal dírbheathaisnéiseach agus American poetry (en) Aistrigh
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir scripte, úrscéalaí, file, scríbhneoir próis Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtAn Ghlúin Beat
Faoi thionchar
TeangachaBéarla agus an Fhraincis
Conair
  Foireann Comórtas
- Columbia Lions football (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileEdie Parker (1944–1948)
Joan Kerouac (1950–1951)
Stella Sampas (1966–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLéo Alcide Kerouac  agus Gabrielle Ange Lévesque
Síniú

Suíomh gréasáinjackkerouac.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0449616 Allocine: 38200 Allmovie: p37887 TV.com: people/jack-kerouac
Musicbrainz: ccf81e74-b701-4277-a599-3e0942e70b53 Songkick: 309232 Discogs: 265235 Find a Grave: 577 Cuir in eagar ar Wikidata

Údar agus file Meiriceánach ab ea Jack Kerouac (12 Márta, 192221 Deireadh Fómhair, 1969). Duine de scríbhneoirí móra a linne a bhí ann, agus é ina cheannródaí ar ghluaiseacht liteartha an Beat Generation in éineacht le William S.Burroughs agus Allen Ginsberg.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Fraincis ó dhúchas ag Kerouac, agus níor thosaigh sé ag foghlaim Béarla ach in aois a shé bliana dó. Ba as Québec dá athair is dá mháthair, agus tógadh Jack le Fraincis, ionas gurbh í sin an teanga a labhraíodh sé riamh lena thuismitheoirí.

1943

Ba chlódóir é a athair, Léo Keroack (1889-1946). Bhí gaol ag Léo leis an mbráthair Marie-Victorin (Conrad Kirouac), scríbhneoir agus luibheolaí arbh é a chuir bun le gairdín luibheolaíochta Montréal. Gabrielle-Ange Lévesque (1895-1972) an t-ainm a bhí ar mháthair Jack (Jean-Louis), agus thugadh an mac "Mémère" uirthi.

Col ceathair don pholaiteoir René Lévesque a bhí inti - an fear céanna a bhunaigh an Parti Québecois i ndeireadh na seascaidí agus a bhí ina Phríomh-Aire ar Québec sna blianta 1976-1985. Pósadh Léo agus Gabrielle-Ange i mí Dheireadh Fómhair 1915.

Is beag a scríobh Jack ina theanga dhúchais seachas cúpla lámhscríbhinn, ach dealraíonn sé gur as Fraincis a bhreac sé síos an chéad dréacht don úrscéal On the Road.


Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú agus cáil ar a shaothar inniu, ach ní bhfuair sé aitheantas ceart lena lá féin. Scríbhneoir cultais a bhí ann ar dtús, is é sin, scríbhneoir nach raibh suim ach ag dornán beag díograiseoirí ann. Ba í Ann Charters, eagarthóir a chuid leabhar, a bhain amach aitheantas dó tar éis a bháis.

Bhí an-tionchar aige ar scríbhneoirí eile ar nós Hunter S. Thompson, Tom Robbins, Lester Bangs, Will Clarke, Richard Brautigan, Ken Kesey, Haruki Murakami agus Tom Waits. Luaigh an file Gaeilge Cathal Ó Searcaigh a thionchar sa dán (Do Jack Kerouac) in The Bright Wave/An Tonn Gheal, cnuasach dátheangach a foilsíodh sa bhliain 1986.

Is iad na leabhair is cáiliúla a tháinig óna pheann ná

  • On the Road, a chaitheann súil an scéalaí shiúlaigh ar shaol na Stát Aontaithe timpeall ar lár na fichiú haoise;
  • The Dharma Bums, a thugann cur síos ar chairdeas Kerouac leis an bhfile Gary Snyder (sa leabhar "Japhy Ryder") agus ar an dóigh ar fhoghlaim sé uraiceacht an Bhúdachais ó Snyder;
  • Big Sur, a thráchtann ar iarrachtaí an scríbhneora éalú ó aer an tsaoil chathartha i gcoillte Big Sur i gCalifornia;
  • Subterraneans, scéal dírbheathaisnéisiúil eile faoi shaol na n-ealaíontóirí is na n-intleachtóirí i Nua-Eabhrac;
  • Desolation Angels, inar inis sé conas a d'éirigh sé tuirseach den Bhúdachas; agus
  • Visions of Cody, arb é an saothar is saibhre, is éagsúla ó thaobh na stíle is na foirme de a scríobh Kerouac riamh.
  • Is féidir blas na dírbheathaisnéise a aithint ar na saothair seo go léir, ach is féidir a rá go raibh Kerouac ag iarraidh cineál miotaseolaíochta dá chuid féin a fháscadh as imeachtaí a shaoil.
Teach Jack Kerouac - Orlando Florida

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filíocht agus píosaí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]