Ken Kesey
Ken Kesey | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | La Junta, 17 Meán Fómhair 1935 |
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Bás | Sacred Heart Medical Center University District (en) ![]() |
Áit adhlactha | Eugene, Oregon |
Cúis bháis | bás nádúrtha (ailse an ae) |
Muintir | |
Athair | Fred Alvin Kesey |
Máthair | Geneva Wilma Smith |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Oregon Ollscoil Stanford Springfield High School (en) ![]() |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir, úrscéalaí, scríbhneoir aistí agus scríbhneoir litríocht pháistí |
Saothar iomráiteach | One Flew Over The Cuckoo's Nest Sometimes a Great Notion |
Daoine le tionchar air/uirthi | Jack Kerouac, William S. Burroughs agus William Faulkner |
Gluaiseacht | iar-nua-aoiseachas |
IMDb | nm0450181 |
intrepidtrips.com | |
Discogs ID | 121230 |
Scríbhneoir Meiriceánach ab ea Ken Kesey. Rugadh i La Junta i gColorado é ar an 17 Meán Fómhair 1935, agus fuair sé bás i bPleasant Hill, Oregon ar an 10 Samhain 2001.
Bhí sé ní b'óige ná an Beat generation agus róshean le bheith ina hipí, agus dhearc sé air féin mar nasc idir an dá ghlúin seo i stair chultúrtha na Stát Aontaithe. Bhí clú, nó míchlú, air as an dóigh a raibh sé ag blaiseadh de na drugaí sícighníomhacha.
Ba é an saothar ba tábhachtaí a tháinig óna pheann ná an t-úrscéal úd One Flew Over the Cuckoo's Nest, a thug cur síos ar an saol i ngealtlann na bpríosúnach agus ar an dóigh ar éirigh fear de na príosúnaigh amach in aghaidh an diansmachta. Chuaigh an scéal seo ar an scáileán freisin, agus ba é Jack Nicholson a rinne an phríomhpháirt sa scannán.
Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Áirítear na cinn seo ar shaothar tábhachtach Kesey:
- One Flew Over the Cuckoo's Nest (1962), úrscéal.
- Sometimes a Great Notion (1964), úrscéal, príomhshaothar an scríbhneora. Tugann an t-úrscéal seo cur síos ar shaol mhuintir Stamper, agus iad ag saothrú a gcoda ag leagan crann. An lucht oibre atá ag déanamh na hoibre céanna do na gnólachtaí móra, téann siad ar stailc, ach maidir le clann Stamper, tá a ngnóthas féin acu, agus iad ag déanamh droichid den stailc. Ar ndóigh, faigheann siad iad féin faoi ionsaí ag an lucht oibre agus ag an gceardchumann, ó ghlactar leis gur stailcbhristeoirí iad. Chomh maith leis an gCuckoo's Nest, scannánaíodh an ceann seo, agus ba é Paul Newman a rinne an phríomhpháirt.
- Kesey's Garage Sale (1973). Díolaim aistí.