Hipí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hipithe

Is éard atá i gceist leis na hipithe nó na grágánaigh ná fochultúr de chuid na ndaoine óga a tháinig ar an bhfód sna Stáit Aontaithe timpeall ar lár na seascaidí agus a chuaigh ar fud an domhain ina dhiaidh sin.

Gnéithe den fhochultúr seo ab ea an síochánachas, saoirse na collaíochta is na comhriachtana, na drugaí, an saol nádúrtha (a raibh baint aige leis na grágáin mhóra ghruaige a d'fheictí ar na hipithe) na pobail a thiocfadh chun saoil as a stuaim féin (in áit na sochaí seanbhunaithe), an rac-cheol agus an agóid in aghaidh na héagóra.

Síocháin

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

bus WV

Glactar leis gur fhorbair fochultúr na hipithe i nGreenwich Village, Cathair Nua-Eabhrac, agus i Haight-Ashbury, San Francisco, ar dtús. Bhí tionchar ag stíl agus nósanna na mbeatniks ar na hipithe, agus bhí cuid mhór d'"fhrithchultúr" agus de réabhlóideachas na hipithe bunaithe ar luachanna an bheat generation.

Is dócha gurbh iad Ken Kesey (an scríbhneoir a chum an t-úrscéal úd One Flew Over the Cuckoo's Nest) agus a lucht leanúna, a dtugadh na Merry Pranksters orthu féin, a chuir an chéad tús le cultúr na hipithe. Bhí sé de nós ag an bpobal seo drugaí a thógáil agus a gcuid cleas a scannánú, agus sa bhliain 1964, thug siad turas fada ar fud na Stát Aontaithe i seanbhus scoile ar bhaist siad Further uirthi. Le linn an turais, chraobhscaoil siad soiscéal na ndrugaí, agus is iomaí duine óg a tholg an nós seo uathu san am.

ceol

Luath-hipí tábhachtach eile a bhí i Chandler A. Laughlin III, ceoltóir tíre. In Aibreán 1963, bhí cineál féasta aige lena chuid cairde, caoga éigin duine ar fad, agus iad ag blaiseadh de peyote, druga traidisiúnta na mbundúchasach Meiriceánach, i searmanas a bhí dírithe ar spiorad an chomhair agus an chomhdhaonnachais a chur ar bun sa ghrúpa seo, ionas go mbeadh pobal ann feasta. Bhí an pobal seo ag cur fúthu i Virginia City, Nevada, agus ag déanamh ceoil i Red Dog Saloon sa chathair sin.

I samhradh na mbliana 1964, d'éirigh le Laughlin agus lucht a leanúna dream mór de cheoltóirí óga éirimiúla a earcú agus an ceol tíre is an ceol sícideileach a phósadh le chéile i stíl nua. (Is é is brí le ceol sícideileach ná ceol in aithris na n-eispéireas fuaime a bhíonn ag na daoine faoi thionchar drugaí.) As seo a fáisceadh bannaí tábhachtacha clúiteacha cosúil le Grateful DeadJefferson Airplane. D'fhoghlaim siad uraiceacht na stíle nua i Red Dog Saloon.

Ócáid an-mhór a bhí ann i gcultúr na hipíthe ab ea Woodstock sa bhliain 1969,[1] féile cheoil) a bhí ar siúl amuigh faoin tuath ar fheirm Max Yasgur sa bhaile beag Bethel, Nua-Eabhrac, ar feadh deireadh seachtaine amháin.

turas bóthair

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Thuill Woodstock áit sa 50 Moments That Changed the History of Rock and Roll, foilsithe ag an iris Rolling Stone.