Naomh Thérèse de Lisieux
Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Thérèse de Lisieux |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (fr) Marie-Françoise-Thérèse Martin 2 Eanáir 1873 Alençon, An Fhrainc |
Bás | 30 Meán Fómhair 1897 24 bliana d'aois Lisieux, An Fhrainc |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn) |
Áit adhlactha | Lisieux |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Áit chónaithe | Les Buissonnets (en) carmel de Lisieux (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | diagaire, scríbhneoir, drámadóir, master of novices (en) |
Teangacha | An Fhraincis |
Ord crábhaidh | Order of Discalced Nuns of the Blessed Virgin Mary of Mount Carmel (en) |
Ardú | |
Lá féile | 1 Deireadh Fómhair 3 Deireadh Fómhair |
Siombail íocónagrafach | Rós agus Christian cross (en) |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Athair | Louis Martin agus Marie-Azélie Guérin Martin |
Siblín | Marie-Pauline Martin, Céline Martin, Léonie Martin agus Marie-Odile Martin |
Ba naomh í Thérèse de Lisieux (2 Eanáir 1873 – 30 Meán Fómhair 1897) nó San Thérèse Lisieux, agus bean rialta de chuid na gCairmilíteach Francach. Tá aithne uirthi mar Bhláithín Íosa freisin.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Marie-Françoise-Thérèse Martin in Alençon, an Fhrainc. Sa bhliain 1888, chuaigh sí sna mná rialta (Carmelite an Lisieux, an Normainn), agus í 15 bliain d'aois.
Scríbhneoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cineál mistiúil den bheatha reiligiúnach aici. I 1894, scríobh sí dráma gearr faoi Jeanne d'Arc, agus ceann amháin eile an bhliain dár gcionn[1]. Bhí an phríomhpháirt aici sna drámaí seo[2].
Scríobh sí, is cosúil, dírbheathaisnéis, "Scéal anama" (inniu "dírbheathaisnéis Naomh Treasa leis an Leanbh Íosa")[3]. Bhí an leabhar foilsithe don chéad uair sa bhliain 1898, bliain ina dhiaidh a bás. Ach b'éigean an téacs a athscríobh ó bhonn, rud a rinne an clochar[4]. D'fhoilsigh an leabhar i mBéarla, The Little Flower of Jesus, don chéad uair sa bhliain 1901.
Bás agus Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cailleadh San Thérèse Lisieux nuair nach raibh sí ach ceithre bliana is fichead ag deireadh an naoú haois déag (eitinn).
Chuaigh a grá agus a cráifeacht go mór ar an bpobal[5]. Ainmníodh mar chomhéarlamh na Fraince í in éineacht le Naomh Jeanne d'Arc.
San Thérèse agus an Éireannach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Mícheál Langton cuairt ar Lisieux i 1923 (is cosúil), de réir ainm.ie[6]. Tharla Treasa bheith á beannú (1923 is cosúil). Bhí Langton ina fhodhéagánach ag na searmanais agus thug Celine, deirfiúr Threasa, timpeall na mainistreach é.
De bharr na cuairte sin, bheadh ardspéis ag Langton sa naomh feasta. Scríobh sé péire leabhrán:
- Teachtaireacht an tSiúr Bheannaithe Treasa (an tAthair Benedict d’aistrigh ón bhFraincis, 1923);
- An tSiúr Bheannaithe Treasa leis an Leanbh Íosa, (1924).
I 1926 le cabhair airgid ó mhná rialta Naoimh Louis i gCoillte Mách, d’fhoilsigh sé a aistriúchán ar Histoire d’une Ame (Scéal anama: Beatha fhéin scríbhinn Naomh Treasa leis an Leanbh Íosa).
Sna blianta deiridh dá shaol bhí sé ag aistriú an tsaothair chéanna sin arís ach an uair seo ón mbunlámhscríbhinn. D’aistrigh sé freisin litreacha Threasa agus a Slí na Foirfeachta.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc saothair Naomh Thérèse de Lisieux tá:
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pierre Descouvemont et Helmuth Nils Loose, Thérèse et Lisieux, Éditions du Cerf, 1991 (ISBN 2-204-04439-3)
- ↑ "The sequel to The Mission of Joan of Arc, this play was performed exactly one year later, on January 21, 1895. Again featuring Thérèse herself as Joan of Arc, its focus is upon her martyrdom. In the estimation of one of her biographers, Ida Görres, both of these plays "are scarcely veiled self-portraits." https://www.jeanne-darc.info/literature/
- ↑ Arna aistriú ón mbun-Fhraincis ag an Athair Benedict, OCD, 1925, agus Foilseacháin Ábhar Spioradálta 1997, ISBN 0 952 2561 5 0 https://www.litriocht.com/product/sceal-anama/
- ↑ Guy Gaucher, Histoire d'une vie, Thérèse Martin, Édition du Cerf, rééd. revue et corrigée, 1993 (ISBN 2-204-06966-3)
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-25. Dáta rochtana: 2017-10-01.
- ↑ http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=24