Dírbheathaisnéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i ndírbheathaisnéis ná téacs nó leabhar faoi shaol dhuine, scríofa ag an duine sin féin. (Más duine eile a scríobh, beathaisnéis atá i gceist.)

Dírbheathaisnéis i litríocht na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réimse í an dírbheathaisnéis a bhi faoi bhláth tráth i litríocht na Gaeilge. Tá leabhair ar nós 'Peig' le Peig Sayers, 'Rotha Mór an tSaoil' le Micí Mac Gabhann, 'Mo Bhealach Féin' le Seosamh Mac Grianna agus 'Mise' le Colm Ó Gaora ar chuid de na samplaí is aitheanta. D'imigh an dírbheathaisnéis as faisean sa dara leath den fhichiú haois, cé go bhfuil samplaí ann, ar nós "An Nollaig Thiar' le Breandán Ó hEithir. Tá tréithe dírbheathaisnéiseacha ag baint le cuid de nua-scríbhneoireacht na Gaeilge freisin, mar shampla leis na leabhair 'Manchán ar Seachrán' agus 'Baba-Jí agus TnaG' le Manchán Magan agus an leabhar 'Favela' le Alex Hijmans.