Manchán Magan
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 20 Lúnasa 1970 Baile Átha Cliath, Éire |
| Bás | 2 Deireadh Fómhair 2025 55 bliana d'aois |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse phróstataigh) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir, láithreoir teilifíse, aisteoir |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
| Suíomh gréasáin | manchan.com |
Scríbhneoir, craoltóir agus taistealaí ab ea Manchán Magan (20 Lúnasa 1970 - 2 Deireadh Fómhair 2025).[1] [2] [3] [4] Bhí cáil náisiúnta bainte amach ag Magan de bharr a chuid oibre do TG4 agus RTÉ, obair a thosaigh sé thiar sna 1990idí nuair nach raibh sé i bhfad tar éis a chuid oideachais a chríochnú. A chláir taistil agus a shuim sa Ghaeilge is mó a thuill cáil dó agus tugtar aitheantas dó as cabhrú le suim daoine sa Ghaeilge a mhúscailt.[5][6][7]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mBaile Átha Cliath a rugadh Manchán Magan agus tógadh i gceantar Dhomhnach Broc (bóthar Eglinton) é. Garmhac ab ea é leis an bpoblachtánach cáiliúil Sheila Humphreys agus ba gharnia é leis An Rathailleach, an náisiúnaí mór le rá a ghlac páirt in Éirí Amach 1916. Chaith sé a laethanta saoire go minic lena Mhamó, Sheila Humphreys i gCeann Trá, Contae Chiarraí.
D'fhreastail sé ar Mount Anville Montessori sna 1970idí agus ansin Coláiste Gonzaga sna 1980idí. Chaith sé bliain amháin i gColáiste na Rinne.
Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Craoltóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1996 tháinig Manchán agus a dheartháir Ruán chuig Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) ag iarraidh ceamara a fháil ón gcraoltóir nua, ag maíomh go bhféadfadh an bheirt acu cláracha taistil a chur le chéile don chainéal nua Gaeilge. Chuaigh TnaG, mar a thugtar air ag an am, san fhiontar leis agus fuair an bheirt an ceamara. Thugadar aghaidh ar an India, agus as an turas sin tháinig sraith clár taistil, agus tús le ré Mhancháin sna meáin. Bhain sé aitheantas amach ansin mar dhuine de cheannródaithe sheanrá an chláir taistil i nGaeilge; rinne sé os cionn 70 clár taistil lena dheartháir Ruán Magan le linn a shaoil.[7]
Ar na cláir faisnéise eile a rinne sé, bhí an tsraith Crainn na hÉireann agus An Fód Deireanach, sraith faoi phortaigh na hÉireann. Tharraing sé conspóid uaireanta. Ar cheann díobh sin bhí an tsraith No Béarla sa bhliain 2007, turas timpeall na hÉireann agus é ag labhairt Gaeilge amháin gach áit a ndeachaigh sé, clár faoina dheacra is atá sé do shaol a chaitheamh trí Ghaeilge.
Ba é an tsraith dheireanach a rinne sé do RTÉ Listen to the Land Speak, cláir inar shiúl sé bealaigh spioradálta ársa na tíre féachaint le ceangal idir an duine agus a oidhreacht sa talamh a thabhairt ar ais.
Feirmeoir agus nadúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí feirm ag Magan i gContae na hIarmhí. Sa bhliain 1987, agus in aois 17 dó, fuair sé £10,000 le huacht Sheila Humphreys agus geadán talún i gCummerstown.[5][8] Bhí tábhacht an dúlra, na timpeallachta agus na hilchultúrhachta agus contúirt an domhandaithe agus an truaillithe ina dtéamaí láidre ina saothar. Phléigh sé go minic leis an spioradáltacht ina chuid clár agus leabhar chomh maith.
Sheas Magan don Chomhaontas Glas in Olltoghchán 2016 (Dáilcheantar Longfort–An Iarmhí) ach níor éirigh leis.
Bás agus oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig ailse phróstataigh air in 2023. Bhásaigh sé dhá bhliain níos déanaí, ar an 2 Deireadh Fómhair 2025. Cúig bliana le cois an leathchéid a bhí sé.[9] I mí Mheán Fómhair 2025, thug Manchán le fios don saol mór (in agallamh a rinne sé ar RTÉ Raidió 1) go raibh sé ag fáil bháis le hailse a bhí scaipthe go dtí áiteacha go leor ina cholainn. Labhair sé faoina chás ar bhealach a chuaigh i bhfeidhm ar mhórán.[10] Timpeall an ama céanna, phós sé a pháirtí Aisling Rogerson in Ospidéal San Séamus.[11]

Reáchtáladh seirbhís a shochraide i séipéal Choláiste Gonzaga. Créamadh é ina dhiaidh. Scaipeadh a luaithreach i gCnoc Uisnigh, Maireann a pháirtí Aisling, a mháthair Cróine, a dheartháireacha Ríoch agus Ruán, agus a dheirfiúr Líadain.
Bhí a chroí sa Ghaeilge agus sa chultúr a bhain leis an teanga agus gur theastaigh uaidh go mbeadh teacht ag gach duine ar an gcultúr sin. Ach le daoine a mhealladh a bhí sé le héadroime agus le greann. Dhúisigh sé an t-iontas roimh shaibhreas an tsaoil timpeall orainn, a dúirt Prionsias Ní Ghráinne, eagarthóir choimisiúnaithe TG4, in 2025.[12]
Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá leabhair agus iliomad colún scríofa aige do nuachtáin. Ba é Ninety-Nine Words for Rain (and One for Sun) a leabhar deireanach a foilsíodh sa bhliain 2025. Ba cholúnaí rialta leis an Irish Times é.
As Gaeilge
- "Manchán ar Seachrán" . "Ó Bhaile Átha Cliath go Nairobi i Seanleoraí Airm" (Coiscéím 1998),[13]
- Baba-ji agus TnaG (Coiscéim 2005)
- Bí i nGrá (úrscéal) (Coiscéim 2008)[14]
I mBéarla
- "Angels and Rabies: A journey through the Americas" (as en) (2006). Brandon / Mount Eagle Publications Ltd.
- "Thirty Two Words for Field" (2020). Gill Books.
- "Tree dogs, banshee fingers and other Irish words for nature" (2021). Gill Children's.
- "Dána Gránna: Hasty Words for People" (2022). Redfox Press.
- "Sea Tamagotchi" . Redfox Press.
- "Listen To The Land Speak" (2022). Gill Books.
- "Wolf Men And Water Hounds" (2023). Gill Children'.
- "Focail na mBan: Women's Words" (2023). Mayo Books Press.
- "Irish Words For Nature" (2024). Gill Children's.
- "Brehons and Brahmins: Resonances between Irish and Indian cultures" (2024). Mayo Books Press.
- "Ireland in Iceland: Gaelic Remnants in a Nordic Land" (2025). Mayo Books Press.
- "Ninety-Nine Words For Rain (And One For Sun)" (2025). Gill Books.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Death Notice of Manchán MAGAN (Dublin) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-10-06.
- ↑ Micheál D Ó hUigínn - ómós pearsanta (2025-10-07). "‘Beimid ar fad a thugann grá do theanga na nGael faoi chomaoin ag Manchán Magan go deo’ – Micheál D Ó hUigínn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-07.
- ↑ "Manchán Magan, an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-03). Dáta rochtana: 2025-10-03.
- ↑ "An craoltaóir agus scríbhneoir Manchán Magan tar éis bháis" (as ga) (2025-10-03).
- ↑ 5.0 5.1 "Obituary: Manchán Magan, author and broadcaster who championed the Irish language and environmental causes with wit and wisdom" (en). Irish Independent (2025-10-05). Dáta rochtana: 2025-10-06.
- ↑ Orna Mulcahy (2022-03-18). "Writer’s Block by Manchán Magan" (en-US). The Gloss Magazine. Dáta rochtana: 2025-10-07.
- ↑ 7.0 7.1 "Manchán Magan, an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-03). Dáta rochtana: 2025-10-06.
- ↑ "Cummerstown" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-10-06.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (4 Deireadh Fómhair 2025). "Nuacht Mhall (Gaillimh)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-10-04.
- ↑ Brendan O'Connor / RTÉ Radio 1 (2025-10-04). "Manchán Magan's final interview" (en-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-10-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-10-06). ""Fear iontais lán d'iontas" - sochraid curtha ar Mhanchán Magan" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-10-03). "An craoltaóir agus scríbhneoir Manchán Magan tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ "Manchán ar Seachrán" (en-IE). Manchán's Books. Dáta rochtana: 2025-10-03.
- ↑ "Bí i nGrá Manchán Magan". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2025-10-06.
- Daoine a rugadh i 1970
- Básanna in 2025
- Scríbhneoirí Éireannacha
- Longfort–An Iarmhí (Dáilcheantar)
- Manchán Magan
- Lucht TG4
- Lucht RTÉ
- Láithreoirí teilifíse Éireannacha
- Alumni COBÁC
- Daoine as Baile Átha Cliath
- Alumni Choláiste na Rinne
- Alumni Choláiste Gonzaga
- Alumni Mount Anville Montessori
- Daoine as Contae na hIarmhí
- Básanna de bharr ailse phróstataigh in Éirinn