Micí Mac Gabhann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Dírbheathaisnéisí clasaiceach Gaeilge ó Chúige Uladh ab ea Micí Mac Gabhann (22 Samhain, 1865 Cloch Cheann Fhaola, Contae Dhún na nGall - 29 Samhain, 1948). Óna bhéalsan a breacadh síos an leabhar úd Rotha Mór an tSaoil, inar thug Micí cur síos ar ruathar óir Klondike i ndeireadh na naoú haoise déag.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Micí Mac Gabhann i dteach beag ceanntuí i bPollán an Raithnigh sa bhaile fearainn siúd Doire Chonaire sa bhliain 1865. Ba iad Tomás Mac Gabhann agus Bríd Ní Chanainn a thuismitheoirí.[1] Nuair a bhí Micí óg, buaileadh an teaghlach uilig go trom le fiabhras. Cailleadh beirt dá dheirfiúracha de thairbhe an fhiabhrais. Ba é an phoitín an t-aon chógais a bhí ar fáil acu fhiabhrais, agus chaith a hathair 6 mhí i bpriosún mar gheall ar an phoitín a bheith sa teach[2].

D'fhreastal Micí ar Scoil Náisiúnta Mhachaire Rabhartaigh. Ní raibh Béarla ar bith Micí, ná focal Gaeilge ag máistir na scoile. Níor fhoghlaim Micí mórán ón scoil sin. D'fhoghlaim Micí an aibítir ó sheanfhear áitiúil a d'fhreastail ar sheanscoil sciobóil.

Gan é ach ocht mbliana d'aois, thosaigh Micí ag dul "ar an Lagán". 'Sé sin le rá - ag déanamh obair shéasúrach. Rinne sé é seo nach mór gach uile samhradh, go dtí go raibh sé 15 bliana d'aois. Ansin, in 1880, thriáil sé ar Albain, agus b'ansin a chaith sé gach samhradh go dtí 1885.

Tír an Airgid agus Tír an Óir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall is 1885, chuaigh Micí go Meiriceá. Chaith sé seal in Bethlehem, Pennsylvania; in Butte Montana; agus ansin ar an Klondike, ar thóir an óir.

D'fhill sé ar Éirinn in 1900 nó 1901.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mac Gabhann, Rotha Mór an tSaoil, (Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1959), 16
  2. Mac Gabhann, Rotha Mór an tSaoil, (Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1959), 26