Colm Ó Gaora

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Scríbhneoir agus náisiúnaí Éireannach a bhí i gColm Ó Gaora.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ó Gaora in Inbhear i Ros Muc, Conamara, ar an 29ú Eanáir 1887. Ba é Colm an triú mac, agus an séú duine, de chlann Sheáin Phádraic Mhicil Éamuinn Mhaolra Uí Ghaora agus Mháire Ní Shúilleabháin. D'fhreastail sé ar scoil náisiúnta an Ghoirt Mhóir. Ní raibh Gaeilge ar bith á múineadh sa scoil, cé gurbh í an Ghaeilge príomhtheanga na ndaltaí. Bhí an-dúil sa Ghaeilge agus san oideachas aige.

Chuir sé aithne ar Phádraig Mac Piarais nuair a thosaigh an Piarsach ag teacht go Ros Muc. Bhí fonn scríbhneórachta ar Cholm, agus thaispeáin a shaothar don Phiarsach. Mhol seisean dó leanacht air. Fuair sé scéal dar teideal 'Scolbglas Mac Rí 'n Éirinn' óna athair Seán, agus cuireadh i gcló é sa Chlaidheamh Solais, agus lean ar feadh seacht seachtaine sa nuachtán sin. Fuair se post mar mhúinteoir de chuid Chonradh na Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh. Ina dhiaidh sin cheannaigh sé rothar agus chuaigh sé i mbun oibre mar mhúinteoir taistil.

Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha. Sa mbliain 1905, bhailigh Ó Gaora cnuasach amhrán ina cheantar dúchais féin agus d'fhoilsigh 'Fíbín' é.

Sa mbliain 1911 a foilsíodh Sídheóg na Rann, amhráin a raibh bailithe aige i Ros Muc, Loch Con Aortha, agus Maigh Eó. 'An Gruagach Bán' an t-ainm cleite a bhí air.

Bhí sé ina bhaill de Chumann Bhraithreachas Poblachta na hÉireann agus fuair cead cumainn a chur ar bun i gConamara. Bunaíodh ceithre chathlán i gConamara agus bhí Ó Gaora i gceannas ar chathlán a dó. Gabhadh é i mbliain Éirí Amach na Cásca.

Sa mbliain 1917, tionóladh cómhdhail faoí rún i bPáirc an Chrócaigh agus socraíodh ar athbheochan a dhéanamh ar na hÓglaigh ar fud na hÉireann. Toghadh Ó Gaora ar an Árd Chómhairle. Bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad agus chaith tréimhsí fada i nbpríosún. Sa mbliain 1920 bhí cuireadh sé féin agus seisear eile i bpríosún na Gaillimhe cé nach raibh tada curtha ina leith, agus chuaigh siad ar stailc ocrais. Agus é sa bpríosún sin, ceapadh ar Chomhairle Chondae na Gaillimhe é, agus toghadh mar chathaoirleach ar Bhord Cheantar Uachtar Árd. Bhí Ó Gaora agus a 'bhuíon aistreach', mar thugadh sé orthu páirteach sa luíochan idir Scríb agus Ros Muc, agus an troid i Muintireóin, i nDúiche Sheóigheach.

Bhí baint aige le bunú An Stoc, paipéar Gaeilge míosúil Connachtach. Tomas Ó Máille a bhí mar eagarthóir, agus ba é an t-Athair Tomas Ó Ceallaigh an bainisteóir. Mhair an nuachtán go dtí 1932. Scríobhadh Ó Gaora 'Cúinne an tSeanóra' go dtí 1921 ach ní raibh aon déileáil aige leis an bpáipéar ina dhiadh sin mar thaobhaigh sé leis an gconradh Angla-Éireannach. Dhóigh na Dúchrónaigh tigh Uí Ghaora sa mbliain 1921.

Chaith Ó Gaora cúig bliana i Meiriceá, áit a raibh scoil Ghaeilge aige i gcathair Nua Eabhrac. Bhíodh scoil oiche aige ina ceantar dúchais, agus in Iorras Aithneach. Scríobh sé saothar dírbheathaisnéiseach, Mise

Cailleadh Colm Ó Gaora ar an 14 Márta 1954, agus cuireadh i reilig Chill Bhriocáin i Ros Muc é.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomh maith le hailt agus litreacha, cuireadh seo i gcló:

  • Fíbín, bailiúchán amhráin, 1905.
  • Sidheóg na Rann, bailiúchán amhráin 1911.
  • Obair is Luadhainn, saoghal na Gaeltachta 1937.
  • Mise, a bheathaisnéis, 1943.

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Emmet's Days le Séamus Ó Murchadha go Gaeilge.
  • The Autobiography of a Supertramp le W.A. Davis go Gaeilge.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Oliver Snoddy, ‘Notes on Literature in Irish Dealing with the Fight for Freedom’, in Éire-Ireland, 3, 2 (Summer 1968), pp. 138-48.