Jump to content

An Stoc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánAn Stoc
Cineáltréimhseachán agus nuachtán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge agus Béarla
Am tosaigh1917 Cuir in eagar ar Wikidata
Am deiridh1931 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
EagarthóirTomás Ó Máille Cuir in eagar ar Wikidata

Digital 

Is páipéar nuachta Gaeilge míosúil Connachtach a bhí in An Stoc a mbíodh lucht acadúil Coláiste na hOllscoile, Gaillimh ina n-eagarthóirí air, sna 1920dí a d'fhoilsítí é. Bhí baint ag Colm Ó Gaora le bunú An Stoc. Tomas Ó Máille a bhí mar eagarthóir, agus ba é an tAthair Tomas Ó Ceallaigh an bainisteoir. Mhair an nuachtán go dtí 1932. Scríobhadh Ó Gaora 'Cúinne an tSeanóra' go dtí 1921 ach ní raibh aon déileáil aige leis an bpáipéar ina dhiaidh sin mar thaobhaigh sé leis an gConradh Angla-Éireannach.

Ó 1917 go 1920 bhí Tomás Ó Máille ina eagarthóir ar An Stoc. In éineacht le Piaras Mac Canna, a dheartháir Pádraig, Eoin Mac Néill agus Pádraic Ó Conaire chuir sé gairm scoile amach faoin bpáipéar sin seachtain roimh Éirí Amach 1916. I measc na leabhar eile a scríobh sé nó ar chuir sé eagar orthu tá: An ghaoth aniar, 1920, giotaí as An Stoc.

Sholáthair Seán Ó hÓgáin dánta in An Stoc 1927-30 ach is de dhéantús Raiftearaí agus Chonnachtach eile a bhformhór. I measc na ndánta a chum sé tá caoineadh ar Phádraic in An Stoc, Samhain 1928.[1]

Bhíodh scéalta do pháistí, arbh aistriúcháin cuid díobh, i gcló ag Domhnall Ó Ríordáin in An Stoc sna blianta 1924-26. Ó 1910 amach bhíodh aistí ag Eric Mac Fhinn in irisí mar An Claidheamh Soluis, An Branar, An Síoladóir, An Stoc,

Is i rith na tréimhse i nGaillimh a thosaigh Máirtín Ó Direáin ag scríobh agus pléann Mac Craith an prós a scríobh sé, ón gcéad phíosa in An Stoc, Márta 1931 anuas go 1938, 14 píosa ar fad, an chuid is mó díobh in Ar Aghaidh; taispeánann sé go bhfuil "snáth leanúnach aontachta idir na chéad aistí próis agus ceapadóireacht fhileata Uí Dhireáin."

Scríbhneoirí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsítí ábhar le Seosamh Ó Donnachadha in An Stoc. Bhí aistí i gcló ag Máire Ní Thuathail in An Stoc freisin.

Faoi 1926 bhí tosaithe ag Máirtín Ó Cadhain ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc.

Sholáthraíodh Conchubhar Maguidhir (c.1861–1944) amhráin a bhí bailithe aige do An Connachtach, An Claidheamh Soluis, An Stoc.

Faoin teideal Gael galánta ar lár bhí aiste ag Nioclás Ó Fagáin (1873–1929) ina thaobh in An Stoc, Iúil-Lúnasa 1929.

Ó 1919 amach bhíodh scéalta agus aistí i gcló ag Máire Ní Ghuairim (1896–1964) in An Stoc, Fái.

Thosaigh sé ag scríobh litreacha chuig Tomás Ó Máille, eagarthóir An Stoc, go gairid tar éis gur athbhunaíodh an iris sin i 1923. Thaithíodh sé muintir na Gaeltachta thall, go háirithe muintir Chonamara, agus bhíodh a theach féin ina ionad caidrimh acu. Bhí litir a scríobh a chara Séamus Mac An Iomaire i gcló in An Stoc, Samhain/Nollaig 1926: Casadh Seosamh Daibhéid orm agus is geanúil cóir carthanach an duine é. Fear is Gaelaí ná é ní furasta fáil.

Chuir sé foclóirín le haiste le Séamus Mac an Iomaire in An Stoc, Bealtaine 1928

Bhí aiste ag Seán Ó Ruadháin (1883–1966) in An Connachtach chomh fada siar le 1907 agus scríobhadh sé freisin in An Stoc.

Ar 3 Márta 1862 a rugadh é do Peter Henry agus a bhean Bridget Kilgannon ag a dteach cónaithe, 10 De Beausoir Square, West Hackney, Londain. “General merchant” an cur síos ar shlí bheatha an athar sa teastas breithe agus deir Tomás Ó Concheanainn (An Stoc, Bealtaine 1930) go raibh gnó mórdhíola síoda aige agus cuid mhór de mhaoin an tsaoil. Fuair seisean bás nuair a bhí Seán faoi bhun bliain d’aois agus thug an mháthair ar ais go dtí a háit

- MAC ÉNRÍ, Seán Pádraig (1862–1930)

Scríobhadh Tomás Ó Monacháin scéalta in An Stoc 1925–8, faoin ainm Tomás Ó Mannacháin.

  1. "Ó hÓGÁIN, Seán (1874–1963)". Dáta rochtana: 2024-11-12.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]