Seosamh Mac Grianna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeosamh Mac Grianna
Beathaisnéis
Breith15 Eanáir 1901
Rann na Feirste, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Meitheamh 1990
89 bliana d'aois
Leitir Ceanainn, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteIolann Fionn Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Adhamhnáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúdar Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
SiblínSéamus Ó Grianna, Domhnall Ó Grianna, Seán Bán Mac Grianna agus Annie Bhán Nic Ghrianna

Duine de mhórscríbhneoirí na hAthbheochana agus na Gaeltachta ba ea Seosamh Mac Grianna, ó Rinn na Feirste sna Rosa i nGaeltacht Thír Chonaill ( 15 Eanáir 1901- 11 Meitheamh 1990).[1][2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deartháir do Shéamus Ó Grianna ab ea Seosamh, nó Joe Fheidhlimí Dhónaill Phroinsiais, mar a thugadh muintir Rinn na Feirste air. Éan corr a bhí ann ó thús, mar Sheosamh, agus ní dheachaigh sé riamh ag obair ar an Lagán ná go hAlbain, mar ba dual d'aos óg Thír Chonaill a dhéanamh. Ghlac sé páirt sa Chogadh Cathartha in éineacht lena dheartháir, agus chaith an bheirt acu an bhliain go leith roimh dheireadh an chogaidh imtheorannaithe ag an Saorstát.

Chaith Seosamh a sheal féin ag aistritheoireacht don Ghúm, agus déanta na fírinne rinne sé a lán aistriúchán a thabhaigh clú is cáil dó, go háirithe an Ghaeilge a chuir sé ar Ivanhoe le Walter Scott. Meastar milliún go leith focal a bheith sna leabhair a d’aistrigh sé don Ghúm i rith 1925-32[2]

Mar sin féin, bhí sé míshásta leis an bpá a fuair sé ón nGúm, agus níos míshásta fós leis an dóigh ar chaith an Gúm lena chuid bunscríbhinní. Siúd is go raibh an t-úrscéal An Druma Mór críochnaithe aige sna tríochaidí, níor tháinig sé i gcló roimh na seascaidí.

Chuaigh an cruatan go mór mór chun dochair dó, go háirithe ó thaobh na sláinte sící de. Sa bhliain 1935, agus é díreach ag scríobh úrscéil faoi shaol polaitiúil na hÉireann, buaileadh le galar meabhrach é, a d'fhág ina chreapaltán é ó thaobh na haigne de, ar feadh a raibh fágtha de shaol aige.

Chaith sé tamall i nGráinseach Ghormáin in 1935-36. As sin amach bhí an saol go dona aige. Bhí sé in aontíos le bean darbh ainm Peigí le tamall. Bhí mac acu darbh ainm Fionn ach cuireadh isteach i ndílleachtlann na mBráithre Críostaí i nGlas Naíon é nuair nár fhéad an lánúin cúram ceart a thabhairt dó.

Rann na Feirste

D'éist sé an obair scríbhneoireachta, agus baisteadh Dá mBíodh Ruball ar an Éan (is é sin, "dá mbeadh eireaball ar an éan", de réir an Chaighdeáin) ar an úrscéal neamhchríochnaithe.

Chaith Mac Grianna roinnt blianta ina chónaí ag Páirc Naomh Áine, Rath Éanaigh, sna 1950idí. D’fhág Seosamh an teach sin in 1957 agus chuaigh sé ar ais go Rann na Feirste (nochtadh leac cuimhneacháin ann i gcuimhne ar an scríbhneoir sa bhliain 2023).[3]

Saint Eunan's College, Letterkenny

Chaith Seosamh an chuid is mó den am ina dhiaidh sin ag éileamh san ospidéal síciatrach. Bhí sórt cleamhnais neamhoifigiúil aige le bean agus saolaíodh mac don bheirt aige. In 1959, chuir Peigí lámh ina bás féin agus an bhliain chéanna sin a bádh an mac. Cuireadh Seosamh isteach in Ospidéal Naomh Conall i Leitir Ceanainn tuairim an ama sin agus ann a d’fhan sé. Scitsifréine a bhí air, ach níor fhág sin nach bhféadfadh sé a bheith páirteach in éigsí agus i bhféiltí i nDún na nGall ar ball. San ospidéal Naomh Conall a bhásaigh sé 11 Meitheamh 1990.[2]

Scríbhinní[cuir in eagar | athraigh foinse]

St Pats College Drumcondra, BÁC

Is iad na leabhair is tábhachtaí dár scríobh Seosamh ná Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, An Druma Mór, Eoghan Ruadh Ó Néill, Dá mBíodh Ruball ar an Éan agus Mo Bhealach Féin.

Aistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

St.Conall's: ospidéal síciatrach

Is í an aiste is mó le rá dár scríobh Seosamh ná Pádraic Ó Conaire. Dealraíonn sé go raibh sé meáite ar cheird an scríbhneora a tharraingt air féin ó bhí sé an-óg, ach níor thuig sé go bhféadfadh sé an cheird sin a chleachtadh trí mheán na Gaeilge sular léigh sé an chéad leabhar le hÓ Conaire. Rinne sé an-chomhionannú le Pádraic mar dhuine agus mar dheoraí, nó shíl sé gur éanacha corra den chineál céanna ab ea an bheirt acu. Is amhlaidh go raibh coimhthíos ar Sheosamh riamh roimh shaol na Gaeltachta féin, ach nuair a fuair sé aithne ar scríbhneoireacht Uí Chonaire, chonacthas dó nach raibh sé ina aonar a thuilleadh le mothúcháin den tsórt áirithe sin.

Is iad sean-fhilí Chúige Uladh is mó atá á gcardáil sna haistí eile, idir shaol agus shaothar. Bhí Seosamh riamh míshásta leis an dearcadh díspeagúil ar fhilí Uladh a léirigh Dónall Ó Corcora ina leabhar údarásúil The Hidden Ireland, agus theastaigh uaidh a thaispeáint nach raibh aon chaill orthu i gcomparáid le filí na gcúigí eile. Bhí sé eolach ar shaol agus ar shaothar na bhfilí ón mbéaloideas, agus é ag trácht orthu mar a bheadh aithne phearsanta aige orthu. Ní dhearna sé plán mín de dhuáilcí daonna pearsanta na bhfilí ach an oiread, a mhalairt ar fad bhí sé in ann tagairt ghreannmhar a dhéanamh dóibh uaireanta.

Na mórshaothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Druma Mór[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é An Druma Mór an t-aon úrscéal amháin de chuid Sheosaimh nár foilsíodh gan mhoill i ndiaidh dó é a chríochnú. Ar an drochuair, ní raibh an Gúm sásta é a fhoilsiú roimh na seascaidí agus tháinig athrú mór ar litríocht na Gaeilge idir na tríochaidí nuair a scríobhadh agus deireadh na seascaidí nuair a foilsíodh é. D'fhéadfá a rá gur lá i ndiaidh an mhargaidh a tháinig an leabhar ar an saol faoi dheireadh. Go bunúsach, tugann an leabhar seo cur síos ar an dóigh a stróiceann teacht na nua-aoise agus na polaitíochta nua-aimseartha seanchomhar na Gaeltachta as a chéile. Tá na himeachtaí suite i sráidbhaile beag ar an gcósta thiar, áit nach bhfuil aon duine in ann é féin a choinneáil beo beathaithe ach é a bheith ag rúpáil oibre ó dhubh go dubh. Is í an t-aon fhilíocht amháin atá ag na daoine seo ná paráid Lá 'le Pádraig, nó lá an Druma Mhóir. Cé go raibh an t-úrscéal críochnaithe aige sna tríochaidí, níor foilsíodh é go dtí 1969. Ní nach ionadh, ghoill an cheist go mór ar Sheosamh.

Mo Bhealach Féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Seosamh Mac Grianna an leabhar Mo Bhealach Féin (foilsithe i mBéarla mar "This Road of Mine")[4] faoi thionchar na scéalta faoin bhfánaíocht a chum Pádraic Ó Conaire. Maidir le "Mo Bhealach Féin", is cur síos é ar fhánaíocht Sheosaimh féin ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire. Inbhreathnú agus féin-scrúdú atá ann, agus ní bhíonn sa radharcra timpeall mo dhuine go minic ach cúlra nó stáitse don dóigh a bhfuil sé ag déanamh staidéir ar imeachtaí a intinne. Má bhítear ag dul ar lorg chéad chomharthaí an ghalair intinne a chuir deireadh le caithréim scríbhneoireachta Sheosaimh i lár na dtríochaidí, beidh siad le haithint i bhfad níos soiléire ar an leabhar áirithe seo ná ar an "Ruball".

Príomhalt: Mo Bhealach Féin

Ruball ar an Éan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh an t-úrscéal neamhchríochnaithe úd Dá mBíodh Ruball ar an Éan an chéad uair mar aguisín le "Mo Bhealach Féin". Iarracht a bhí ann cur síos liteartha a thabhairt ar shaol an aosa intleachtúil sa phríomhchathair. Dá n-éireodh leis an scríbhneoir an t-úrscéal a chríochnú, an "ruball a chur leis an éan" - is é "ruball" an leagan Ultach den fhocal "eireaball" - is dócha go gcuirfeadh sé athrú cuma ar fad ar fhorbairt na litríochta Gaeilge, na húrscéalaíochta ach go háirithe. Níl an leabhar leadránach mar atá sé, nó is iomaí scig-gháire a bhaineann Seosamh as an léitheoir leis an tsúil mhagúil a chaitheann sé ar pholaitíocht agus ar chultúr na hÉireann sna tríochaidí.

Go gairid roimh a bhás, thug an scríbhneoir le fios go raibh "ruball curtha ar an éan" aige, agus ó na laethanta sin ar aghaidh bíonn an cheist i mbéal an phobail, ar fhág Seosamh aon lámhscríbhinn ina dhiaidh a mbeadh deireadh an scéil inti.

An dóigh ar fágadh an t-éan gan ruball, spreag sé Antain Mac Lochlainn chun pinn leis an úrscéal Ruball an Éin a fhoilsiú sa bhliain 2005. Mar a léiríonn an teideal, iarracht atá ann an t-úrscéal neamhchríochnaithe a chríochnú faoi dheoidh.

Sleachta cáiliúla dá chuid[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fad is a mhair an Ghaeilge á canadh ar fud na tíre agus na sean-nósanna á gcleachtadh, mhair tréithre na Féinne – grá ar ghaisciúlacht os cionn gach uile ní, cabhair don duine lag agus comhrac don duine láidir, croí mór agus fairsingeacht agus féile

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beathaisnéisí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gearrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Grádh agus an Ghruaim (1929), bailiúchán
  • Dochartach Duibhlionna agus scéalta eile, bailiúchán (1936 agus 1976)

Aistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile
  • Fáinne an Lae (1925)
  • Filí Gan Iomrá (1926)
  • An Bhreatain Bheag (1937)
  • Na Lochlannaigh (1938)
  • Filí agus Felons (1987)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Mac Grianna, Seosamh | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-06-10.
  2. 2.0 2.1 2.2 "MAC GRIANNA, Seosamh (1900–1990)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-06-01.
  3. RnaG (2023-05-29). "Nuacht an Tuaiscirt. 29 Bealtaine" (as ga-IE). 
  4. Séamus Mac Grianna (2020-08-19). "Mo Bhealach Féin as Béarla" (ga-IE). Aistriú Litríochta. Dáta rochtana: 2023-06-10.