Jump to content

Antain Mac Lochlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAntain Mac Lochlainn
Beathaisnéis
Breith1965
60/61 bliana d'aois
Cúil Raithin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla


X: AntainMac Goodreads author: 4096755 Cuir in eagar ar Wikidata

Is as Cúil Raithin, Contae Dhoire, d’Antain Mac Lochlainn (a rugadh sa bhliain 1965). Tá PhD sa Nua-Ghaeilge aige ó Ollscoil Uladh. Tá sealanna caite aige i mbun a sheirbhíse aistriúcháin féin agus ina Phríomhtheagascóir ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht i Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

I measc a chuid foilseachán le Cois Life tá In Ord is in Eagar (2010), Cruinneas, (2015) agus Ó Bhéarla go Gaeilge (2018).

Tá dhá leabhar i sraith Nairnia le C.S. Lewis aistrithe aige don Ghúm: An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (2014) agus An Capall agus a Ghiolla (2019).[1]

Sa bhliain 2025 bronnadh Gradam Réics Carló ( do Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg) ar Éanna Corr. Leabhar Breac a d’fhoilsigh é.[2] Tír Bheag, aistriúchán Mhic Lochlainn ar Petit Pays le Gaël Fay, úrscéal Fraincise, a bhuaigh an gradam do shaothair aistrithe..[3]

  1. "Aistear". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-12. Dáta rochtana: 2022-08-19.
  2. "Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana 2025 fógartha ag Oireachtas na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-30). Dáta rochtana: 2025-10-01.
  3. Pól Ó Muirí (4 Márta 2025). "Déanfaidh tú dearmad gur aistriúchán atá i leagan nua Gaeilge d’úrscéal sárdhíola ón bhFrainc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-01.