Rann na Feirste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rann na Feirste
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Donegal Magnified.png
Daonra () ~450
Airde: ~80m
Contae: Contae Dhún na nGall
Cúige: Ulaidh

Is ceantar i bparóiste Anagaire in iarthar Dhún na nGall i bPoblacht na hÉireann í Rann na Feirste (seanainm: "Ceann Dubhrann"; Béarla: "Ranafast" nó "Rinnafarset"). Tá sí suite sna Rosa. Bhí cónaí ar 352 duine i Rann na Feirste sa mblian 2011.

Maireann an Ghaeilge go fóill mar phríomhtheanga an cheantair Gaeltachta seo. I 2011 dúirt 71% do daonra Rann na Feirste go labhraíonn siad an Gaeilge go laethúil lasmuigh don córas oideachas. Bhí an Gaeilge ag 92.8% don daonra ag an am. Ar theacht an tsamhraidh chuile bhliain téann a lán scoláirí go dtí Coláiste Bhríde, a bunaíodh sa bhliain 1926 chun Gaeilge a fhoghlaim agus aithne a chur ar an chultúr gaelach. Nuair a bhíonn siad ann, fanann siad le teaghlaigh áitiúla. Bhí ceangal láidir ag an choláiste le oirthear chúige Uladh mar gheall ar an mbaint a bhí ag an Athair Lorcán Ó Muirí le bunú an choláiste. Scaip an tAthair Ó Muirí, agus sagairt agus tuataigh eile ar nós Tomás Ó Fiaich cáil Rann na Feirste ar fud na hÉireann agus bhí iomrá ar scríbhneoirí agus seanchaithe an cheantair.

I measc mhuintir na háite a bhfuil clú agus cáil orthu, tá na scríbhneoirí Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna, na seanchaithe Micí Sheán Néill agus Neidí Frainc agus ceoltóirí go leor, go háirithe clann Uí Dhomhnaill (Mícheál, Tríona, Mairéad a bhí sa ghrúpa Skara Brae agus a n-uncail Condaí Mhicí Hiúdaí.

Tá tógáil ar siúl ar ionad pobail i Rann na Feirste faoi láthair.

Íomhánna[athraigh | edit source]