Jump to content

Skara Brae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSkara Brae

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1970, Rann na Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1970 
SeánraCeol tíre traidisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna


Musicbrainz: cd378df2-7924-49be-990f-132ac245ca40 Songkick: 427337 Discogs: 2357437 Cuir in eagar ar Wikidata

Grúpa ceoil as Ceanannas i gContae na Mí, Éire, is ea Skara Brae. Thosaigh Clann Uí Dhomhnaill (Micheál Ó Domhnaill, Tríona agus Maighread Ní Dhomhnaill) ag seinm uirlisí ceoil nuair a bhí siad ana-óg agus iad ag fás aníos i gCo. na Mí. Cé gur chónaí siad ansin le linn a hóige, ba as Rann na Feirste, Contae Dhún na nGall tuismitheoirí s'acu agus d'fhoghlaim siad a lán amhráin Conallach uatha. Agus ansin a chas siad le ar Dáithí Sproule, mac léinn óg as Doire.

Thaifead siad an chéad ceirnín Skara Brae sa bhliain 1971, albam a d’fhág lorg buan ar cheoil na hÉireann.[1] Go dtí an lae inniu ann, molaítear é mar cheann de na ceirníní traidisiúnta is tábhachtaí a rinneadh ariamh. Chuir siad tionlacáin agus an giotár le seanamhráin, rud nár rinneadh choíche roimhe sin. Dúirt Maighread :

“Rinneadh an taifeadadh in aon tráthnóna amháin in Halla Marionella i Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath. Tháinig mé féin agus Tríona [Ní Dhomhnaill] aníos as Ceannanas lenár n-athair don tráthnóna. Bhí na leaids ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath ag an am. Bhí an seisiún taifeadta an-bhunúsach agus socraíodh cuid de na cóiriúcháin an lá sin féin.” [1]

Ní raibh Maighread ach 15 bliain d’aois ag an am agus bhí Tríona, a deirfiúr, 17. Is cuimhin le Maighread gur socraíodh an lá sin gurb ise a bhí chun ‘Inis Dhún Rámha’ a cheol agus go raibh a hathair ag iarraidh na focail a mhúineadh di taobh amuigh den halla agus amhrán eile á thaifeadadh istigh.[1]

Eisíodh an t-aon albam ariamh i 1971, dar teideal Skara Brae. Seo i leanas na hamhráin:

Taobh 1

  1. An Cailín Rua
  2. An Suantraí
  3. Bánchnoic Éireann Óighe
  4. Angela
  5. Táim Breoite go Leor
  6. Inis Dhún Rámha
  7. An Saighdiúir Tréigthe

Taobh 2

  1. Cad é Sin don Té Sin
  2. An Chrúbach
  3. Casadh an tSúgáin
  4. Caitlín Óg
  5. Airdí Cuan
  6. Tá Mé Mo Shuí
  1. 1 2 3 Meadhbh Ní Eadhra (14 Nollaig 2021). "‘Cár imigh leathchéad bliain?’ – súil siar ar albam ceannródaíoch Skara Brae" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-20.