Tomás Ó Fiaich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Portráid oifigiúil den Chairdinéal Tomás Ó Fiaich

Scoláire agus sagart ab ea Tomás Ó Fiaich (3 Mí na Samhna 19238 Bealtaine 1990).

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i gCoilleach Eanach i gContae Ard Mhacha in Éirinn é an 3 Samhain 1923. Tógadh é i gCamloch. Múinteoirí a thuismitheoirí, Pádraig Ó Fiaich agus Áine Ní Fhearchair, agus bhí mac eile acu, Pádraig[1]. Cailleadh an mháthair nuair nach raibh ach ocht mbliana d’aois ag Tomás; deirfiúr an athar a thug aire don teaghlach ina diaidh. Fuair sé bunscolaíocht sa Chreagán Dubh mar a raibh a athair ina phríomhoide agus is ann a mhúscail múinteoir óg a spéis sa Ghaeilge

Chuaigh sé chun na hollscoile i Maigh Nuad, Cill Dara agus léann Ceilteach á dhéanamh aige don BA.

Cuireadh é go Coláiste Pheadair, Loch Garman, agus is ann a oirníodh ina shagart é ar 6 Meitheamh 1948.

Chaith sé tamall ag obair ina dheoise féin r i bparóiste an Mhaí i dTír Eoghain. Rinne sé staidéar iarchéime agus ghnóthaigh sé céim M.A. i Stair na hÉireann ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Rinne sé staidéar ó 1950 go dtí 1952 in ollscoil Lováin na Beilge. Ghnóthaigh Lic.Sc.Hist. lena thráchtas ‘The Church in Armagh under lay control’;

Fuair sé post mar léachtóir staire in Ollscoil Mhaigh Nuad sa bhliain 1953.

Ceapadh ina Ollamh le "Nua-stair na hÉireann" é sa bhliain 1959.

Bhí sé ina leasuachtarán ar an gColáiste ó 1970 go 1974, agus ina Uachtarán ina dhiaidh sin.

Armas

Ardeaspag agus Cairdinéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheap an Pápa Pól VI Tomás Ó Fiaich ina Ardeaspag ar Dheoise Ard Mhacha agus Éarlamh na hÉireann Uile ar an 18 Lúnasa 1977. Eisean a bhí ina chomharba ar an gCairdinéal William Conway. Ba é rogha chléir Ard Mhacha é mar ardeaspag.

Rinneadh Cairdinéal de an 30 Meitheamh 1979.

Tomás Ó Fiaichrnf.jpg

Na Trioblóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain conspóid lena cheapachán mar gheall ar a dhílseacht dá dhúiche féin, dúiche a bhí sáite sna trioblóidí idir Poblachtánaigh, Dílseoirí agus Arm na Breataine lena linn. "bhí Ó Fiaich gafa idir thine an dá arm, é ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an dá thaobh, an IRA agus rialtas na Breataine agus Aontachtaithe Uladh" (ainm.ie). Samhlaíodh do rialtais na Breataine agus na Poblachta go raibh Ó Fiaich ró-bháúil leis na 'Sealadaigh'.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó na 1950idí ar aghaidh bhí Ó Fiaich ar dhuine de mhórphearsana athbheochan na Gaeilge[2]. Throid sé go láidir in aghaidh naimhde na Gaeilge le linn dó a bheith i Maigh Nuad, agus chuir sé go mór le scoláireacht na teanga lena linn chomh maith.

Bhí aithne mhaith air i nGaeltacht Thír Chonaill agus is iomaí lá a chaith sé ar cuairt inti.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a bheathaisnéis scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Tomás Ó Fiaich (1990) agus Billy Fitzgerald, Father Tom: an authorised portrait of Father Tomás Ó Fiaich (1990)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ainm.ie. "Tomás Ó Fiaich". Dáta rochtana: Lúnasa 2018.
  2. ainm.ie. "Tomás Ó Fiaich". Dáta rochtana: LÚNASA 2018.