Risteárd Ó Glaisne
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 2 Meán Fómhair 1927 Droichead na Bandan, Éire |
| Bás | 6 Samhain 2003 76 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Modhachas |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | iriseoir, múinteoir |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Iriseoir, eagarthóir, beathaisnéisí, staraí agustráchtaire ab ea Risteárd Earnán Ó Glaisne.[1] Ba líonmhar a chuid scríbhinní–idir leabhair, phrós agus ailt iriseoireachta agus teastaíonn léitheoireacht leathan dá réir le tuiscint chruinn a fháil ar an bhfear agus ar a dhearcadh ar an saol. Bhí sé ildánach agus bhí suim aige i ngach gné de shaíocht agus de shaol na Gaeilge. D’éag se in aois 76 sa bhliain 2003.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gceantar Dhoire Garbh Thoir tamall ó Dhroichead na Bandan, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 2 Meán Fómhair 1927. Richard Ernest a baisteadh air. Woodfort House (Dún na Coille) ba ainm don teach inar tógadh é. Ba é an tríú duine é den cheathrar clainne a bhí ag George William Giles agus a bhean Sara Jane Vickery. Feirmeoirí ba ea a shinsir agus cónaí sa cheantar sin ar mhuintir Giles le 350 bliain um an taca seo.
Tholg sé an eitinn bhuaibheach agus é ina leanbh óg, rud a rinne dochar dá chromán agus a d’fhág céim bhacaí ann ar feadh a shaoil.
Ón am a shroich sé naoi mbliana d’aois bhí idir bhunscolaíocht agus mheánscolaíocht á cur air i Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan agus chuir sé spéis ar leith sa Ghaeilge. Ar na daoine a d’adhain an spéis sin bhí seanchainteoir dúchais i mBaile an Ghoirtín, Droichead na Bandan, darbh ainm Seán Ó Séaghdha agus a dheirfiúr Bean Uí Dhonnabháin. Thagadh Seán ag caitheamh tae sa teach corr-Dhomhnach agus thugadh Risteárd cuairt orthusan ar a sheal; i nGaeilge a scríobhadh an feirmeoir seo iontrálacha ina chín lae.
Modhach ab ea é agus fuair sé a chuid oideachais sa Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan agus ina dhiaidh sin i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
Ar an drochuair, tholg sé an eitinn bhuaibheach agus é ina leanbh óg, rud a rinne dochar dá chromán agus a d’fhág céim bhacaí ann ar feadh a shaoil.
Ar na daoine a d’adhain an spéis sin bhí seanchainteoir dúchais i nGoirtín, Droichead na Bandan, darbh ainm Seán Ó Séaghdha agus a dheirfiúr Bean Uí Dhonnabháin. Thagadh Seán ag ól tae sa teach corr-Dhomhnach agus thugadh Risteárd cuairt orthusan ar a sheal; i nGaeilge a scríobhadh an feirmeoir seo iontrálacha ina chín lae.
Bhí ardmheas ag Risteárd freisin ar Irene Simpson, múinteoir Gaeilge na scoile. Agus, cé nach raibh (William) Ivan McCutcheon mar ardmháistir ann ach ar feadh bliana le linn Risteáird, bhí de bhuantionchar aige air gur lean cairdeas eatarthu go bhfuair seisean bás sa bhliain 1972; bhain tábhacht freisin le hiasacht péire leabhar ó McCutcheon:'Peann agus pár' (1940) le Liam Ó Rinn agus 'Dánta próis' (1933) le Ivan Turgenev (aistrithe ag Ó Rinn). I seirbhís chuimhneacháin Irene 1 Márta 1986, thagair sé don bheirt seo mar ‘two for whom I felt a profound admiration and affection’. Bhunaigh Risteárd an chéad iris riamh ag scoláirí na scoile, The Rooster, agus cheana féin bhí ‘Risteárd Ó Glaisne’ á thabhairt aige air féin san iris; ghlac sé chuige an t-ainm sin go dlíthiúil trí ghníomhas aonpháirtí 5 Aibreán 1950 (Iris Oifigiúil 21 Aibreán 1950) agus bhí an t-alt ‘D’athraíos m’ainm’ i gcló in Inniu 23 Márta 1951. Deirtí gurbh é féin agus Lennox Robinson (1886-1958) an bheirt iardhaltaí ba cháiliúla riamh ag an Scoil.
I gColáiste na Tríonóide bhí cúrsa onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéarla á dhéanamh aige agus bhí tionchar ag foireann na Gaeilge air, go háirithe ag Éamonn Ó Tuathail, Seán Beaumont agus Sorcha Ní Ghuairim. Ar feadh bliana freisin bhí sé ina rúnaí ag Cumann Gaelach an Choláiste; bhí de thoradh air sin gur lean cairdeas aige ar feadh a shaoil lena chomhaimsearaigh in Ollscoil na hÉireann, leithéidí Riobáird Mhic Góráin, Pheig Nic Curtáin (an tSiúr Benvenuta), agus Desmond Fennell. Tar éis dó céim a bhaint amach d’éirigh leis an ard-dioplóma san oideachas a fháil in 1950 agus céim mháistir in 1959.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bun-Ghaeilge; a concise guide to Irish, 1962 (In 1962 ba é Cara a d’fhoilsigh a chéad leabhar)
- Ian Paisley agus Tuaisceart Éireann, 1971 (Clódhanna teo.)
- Raon mo Shiúil, 1972 (Foilseachain Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath)
- Saoirse na mBan, 1973 (Cló Grianréime)
- Curriculum Vitae, 1973
- Ceannródaithe, 1974 (Foilseacháin Náisiúnta Tta)
- Scríbhneoirí na Nua-Ré, 1974
- Conor Cruise O’Brien agus an Liobrálachas, 1974 (Clódhanna Teo)
- Cuairt Ghearr: spléachadh ar na Stáit Aontaithe, 1975
- Cad deir tú leis na hAlbanaigh? 1978
- Don Ábhar Saoririseora, 1980
- Raidió na Gaeltachta, 1982
- Cúis náire – agus bróid: Proinsias Ó Mianáin agus cearta Gael, 1988
- Tomás Ó Fiaich, 1990
- To Irish Protestants, 1991
- Dúbhglas de hÍde, 1991-93 (2 iml.)
- Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992, 1992
- Teilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach, 1994 (Coiscéim, 1994)
- Pádraig Ó Fiannachta, 1995
- Cosslett Ó Cuinn, 1995 (Coiscéim, 1996)
- Niall Brunicardi, 1997
- Modhaigh: Scéal pobail – Scéal eaglaise, 1998
- Denis Ireland, 2000
- De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge, 2000
- Dí-armáil nó díothú: Éire, an Eoraip, an Domhan, 2001
- Cearbhall Ó Dálaigh, 2001
- Coláiste Moibhí, 2002
- Esperanto: teanga idirnáisiúnta, 2004
- Eagarthóir, 2005
- Éire agus an Eite Chlé, 2007
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó GLAISNE, Risteárd (1927–2003) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.