Micheál Ó Domhnaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMicheál Ó Domhnaill

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Mícheál Ó Domhnaill
Beathaisnéis
Breith(ga) Mícheál Seosamh Ó Domhnaill
7 Deireadh Fómhair 1951
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Iúil 2006
54 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgiotáraí, cumadóir amhrán, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1971 –
Ball de
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
UirlisGiotár

Suíomh gréasáinmichealodomhnaill.com Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 2d4c44e1-6d66-4e2a-9cfd-4bcdacf81e4e Discogs: 918803 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir Éireannach ab ea Micheál Ó Domhnaill (7 Deireadh Fómhair 1952 - 7 Iúil 2006).[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh an Domhnallach i gContae na Mí ar an 7 Deireadh Fómhair 1952.

Bhí a athair, Aodh Ó Domhnaill, as Rann na Feirste i dTír Chonaill, agus d'fhoghlaim sé go leor de thraidisiún ceoil a shinsear agus é ina ghasúr.

Bhí dúil mhór sa spórt aige i gcónaí agus d'imir sé peil do Chontae na Mí mar mhionúr, ach díbríodh é as a bheith ag imirt rugbaí chomh maith nuair a bhí toirmeasc ar a leithéid.

Bronnadh giotár air nuair a bhí sé tinn san ospidéal agus é dhá bhliain déag d'aois agus bhain sé ardscil amach san uirlis sin.

Skara Brae sna 2000idí

Fuair sé jab mar thaighdeoir sna 1970idí, is rinne sé an-chuid taighde ar amhráin dhúchais a mhuintire, go háirithe lena aintín Neilí Ní Dhomhnaill, agus ar amhráin na hAlban agus Shasana.

Ceoltóir gairmiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh sé ag seinm leis an ngrúpa Skara Brae (Mícheál Ó Domhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill, Dáithí Sproule agus Maighréad Ní Dhomhnaill) nuair a bhí sé fiche bliain d'aois. Bhí baint aige féin agus ag a dheirfiúracha Tríona agus Maighréad le grúpaí cáiliúla eile ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.

Bhí sé ina bhall bunaidh de The Bothy Band i 1974 agus ardcháil air ar son a chuid amhránaíochta agus a chuid ceoil ar an ngiotár.

Chuaigh sé leis an ngrúpa Relativity ar feadh tamaill sna hochtóidí, ach chaith sé seal fada i Portland, Oregon.

Fuair sé bás go tobann i dtimpiste is cosúil (thit sé síos staighre) ar an 7 Iúil 2006 in aois 54 dó.[2][3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Féach ar “An Bothy Boy - in ómós do Mhícheál Ó Domhnaill” craolta ar TG4 i rith 2011
  2. "Musician Micheál Ó Domhnaill dies at 54" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-07-07.
  3. Max Spiegel. "Micheal O'Domhnaill has passed away...(July 2006)". mudcat.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-05. Dáta rochtana: 2020-07-07.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]