The Bothy Band
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil ![]() |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1974, Éire ![]() |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1978 – |
Lipéad ceoil | Gael-Linn Records ![]() |
Seánra | Ceol na hÉireann ![]() |
Codanna | |

Ba bhanna traidisiúnta é The Bothy Band sna 1970idí. Tháinig an grúpa le chéile i mBaile Átha Cliath ag deireadh na bliana 1974, agus bhí coirm cheoil chlúiteach acu in Ollscoil Nua Uladh i gCúil Raithin go gearr ina dhiaidh sin, faoin ainm 'Pléaráca'. Athraíodh ainm an ghrúpa go luath ina dhiaidh sin.

Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheoil an grúpa a chéad albaim i 1975 faoin teideal "The Bothy Band" agus fuair sé clú agus cáil mar thoradh. Mhéadaigh a cháil tar éis seoladh a dara halbaim, "Old Hag You Have Killed Me".
Lean "Out of the Wind, Into the Sun" i Meán Fómhair 2008.[1] B'é sin a n-albaim stiúideo is deireanaí.

Tar éis sin, seoladh "AfterHours", ceolchoirm beo ó Pháras. I 1994 seoladh amach dhá cheolchoirm neamhsheolta roimhe sin faoin teideal "BBC Radio One - The Bothy Band:Live in Concert".
Baill
[cuir in eagar | athraigh foinse]
B'iad The Bothy Band ná:
- Matt Molloy - an feadóg agus an feadóg mór
- Paddy Keenan - na píoba uilleann agus an feadóg
- Donal Lunny - an bouzouki, an ghiotáir
Matt Molloy - Tríona Ní Dhomhnaill - amhránaí, an harpsichord agus an clavinet
- Micheál Ó Domhnaill - amhránaí agus an ghiotáir
- Paddy Glackin - an fidil
- Tony MacMahon - an cairdín

I 1975 d'fhág Tony McMahon agus tháinig Tommy Peoples in ionad Paddy Glackin ar an bhfidil. Ina dhiaidh sin ghlac Kevin Burke áit Paddy Glackin.
Nuair a thit an grúpa ó chéile, chuaigh na baill isteach i mbannaí eile ... Nightnoise, The Chieftains, Patrick Street, Touchstone, srl.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "BOTHY BAND - OUT OF THE WIND INTO THE SUN - CD - Tower Records Dublin Ireland". www.towerrecords.ie. Dáta rochtana: 2020-07-07.
![]() | Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |