Eoghan Rua Ó Súilleabháin
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | c. 1748 Na Mínteoga |
| Bás | 17 Meitheamh 1784 35/36 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file |
| Teangacha | An Ghaeilge |
File as Ciarraí ab ea Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1748 – 29 Meitheamh 1784).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Eoghan Rua in aice le Cill Airne agus a fuair a chuid oideachais i scoil scairte. Bhí sé ina mhúinteoir i nGníomh go Leith, ach b'éigean dó imeacht leis mar gheall ar eachtra náireach éigin. Chaith sé tamall ar muir i gcabhlach na Breataine, tamall ina spailpín agus ina mhúinteoir do chlann Nagle i Mainistir Fhear Maí. Chaith sé tamall chomh maith mar shaighdiúir i Sasana. Bhunaigh sé scoil i gCnoc na Rí. Gortaíodh é tar éis dó aor a scríobh faoin gCornal Cronin agus fuair bás den bhfiabhras go gearr ina dhiaidh sin. Bhí an-cháil air lena linn féin mar fhile agus tugadh 'Eoghan an Bhéil Bhinn' air. Chleachtaigh sé an aisling i measc cineálacha eile filíochta.
Mhaigh Diarmaid Ó Súilleabháin gur fhoghlaim sé an-chuid Gaeilge as saothar Eoghain Ruaidhe.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dubhghlas de hÍde, Amhráin Grádh Chúige Chonnacht (BÁC, 1903)
- Patrick S. Dinneen, Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin (BÁC, 1901)